AG CNAGADH AR NA DOIRSE le Catherine Connolly – ‘Thógfainn lift go dtí an t-ionad vótála, ach ná tar róluath ar maidin’

Agus gan ach trí lá fágtha go dtí go mbeidh muintir na hÉireann ag caitheamh vóta in olltoghchán 2024, bhí Tuairisc i dteannta Catherine Connolly, atá ag seasamh mar neamhspleách i nGaillimh Thiar, agus í i mbun stocaireachta

AG CNAGADH AR NA DOIRSE le Catherine Connolly – ‘Thógfainn lift go dtí an t-ionad vótála, ach ná tar róluath ar maidin’

Easpa seirbhísí, spásanna faoisimh do chúramóirí, agus tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas, trí ní atá ag dó na geirbe ag daoine i nGaillimh Thiar, a deir an Teachta Dála Catherine Connolly.

“Ní fheicfidh tú mórán scríofa faoi sin sna ceannlínte ach is iad sin na ceisteanna atá ag cur as do go leor daoine ar labhair mé leo.”

Bhí brat sneachta fós ar an talamh san ardtráthnóna in eastáit Slí Búrca agus solas lag na gréine ag déanamh slinneáin gheala órga in íochtar na spéire nuair a tharraing Connolly an carr isteach. Bhí sé socraithe againn bualadh le chéile agus í féin agus a foireann ag dul thart ag cnagadh ar na doirse.

Léim sí amach as an gcarr, “Dia duit!” a deir sí agus chroith sí mo lámh go fuinniúil, agus chas ar ais isteach sa gcarr is tharraing amach péire buataisí is thosaigh á gcur uirthi. Theastaigh siad.

Lá fuar geimhridh a bhí ann thuas ar an ‘gcnoc’ i gCnoc na Cathrach ach é glan fionnuar. Síos uainn bhí radharc mar a d’fheicfeá ar chárta Nollag de Shéipéal Chnoc na Cathrach neadaithe sa ngleann, sneachta ar dhíonta na dtithe agus amach thairis sin Cuan an Roisín chomh mín le clár.

Bhí gasúir an bhaile tionólta sa bpáirc spraoi i lár an eastáit agus iad i bhflaitheas Dé ag caitheamh liathróidí sneachta lena chéile. Anseo is ansiúd ar na sconsaí agus sna clóis bhí fir shneachta ina seasamh ar garda.

D’oscail Catherine búit an chairr is tharraing sí amach burla bileog is sháigh sí isteach ina póca iad, “ceanna dátheangacha don chathair, agus Gaeilge amháin don Ghaeltacht,” a mhínigh sí dom ag cur ceann i mo láimh. Chroch sí mála droma ar a guaillí. “Seo linn!”

Beirt eile a bhí ag dul amach léi an iarraidh seo, Aoibhinn agus Mícheál, iad feistithe amach don aimsir fhuar. D’imigh muid linn amach ar Bhóthar Dáiliúcháin an Iarthair agus isteach go dtí an chéad eastát eile.

Google Ring a bhí romhainn ag an gcéad teach. Thosaigh fógra uathoibríoch agus Connolly ag déanamh a bealaigh suas an cosán. “We are not in at the moment. Please leave a message,” arsa glór taibhsiúil AI amach as an gcloigín ar an doras. A leathcheann arís a bhí romhainn ag an gcéad doras eile, caithfear coinneáil suas leis na comharsana, ar ndóigh.

Fear óg scór bliain d’aois a d’oscail an doras ag an gcéad teach eile. Seo an chéad olltoghchán ina mbeidh sé ag caitheamh vóta ann. Ní raibh a fhios aige conas vóta a chaitheamh. “An bhfuil a fhios agat an bhfuil tú cláraithe?” a d’fhiafraigh Connolly dhe.

“Níl a fhios agam,” a deir an fear óg agus é ag fiafraí an raibh aip éigin ar fáil go bhféadfadh sé vótáil ansin. “An bhféadfaidh mé vótáil ar líne?”

Anonn le Mícheál chuige chun cúnamh a thabhairt dhó a sheiceáil an raibh sé cláraithe le vótáil. An bhfuil easpa oideachais agus tacaíochta ann don aoisghrúpa sin atá idir 18 agus 25 bliain d’aois agus iad i dteideal vótáil den chéad uair?

Lean muid orainn. Tháinig muid timpeall an choirnéil agus bhí bean mheánaosta ag an doras romhainn agus seanaithne aici ar Connolly. “Níl aon chall duit a theacht chomh fada liom ar chor ar bith, a Chatherine, tá mo vóta agat!”

Chaith an bheirt acu seal ag caint fad is a a lean Aoibhinn agus Mícheál orthu  ag dul ó dhoras go doras. Tá iníon faoi mhíchumas ag an mbean mheánaosta agus í faoi bhrú ag iarraidh tacaíochta le cúrsaí taistil agus oideachais. “An scéal céanna ag go leor daoine a labhróidh tú leo, easpa seirbhísí.”

Thosaigh Connolly a saol polaitiúil ar an gComhairle Cathrach i nGaillimh, toghadh í ar an gcomhairle den chéaduair sa mbliain 1999 sna toghcháin áitiúla, in iarthar Chathair na Gaillimhe, agus arís sa mbliain 2004, an uair sin i ndeisceart chathair na Gaillimhe. Bhí sí le Páirtí an Lucht Oibre an uair sin ach d’fhág sí an páirtí sa mbliain 2006. Tá sí ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách ó shin.

“Neamhspleách i gcónaí,” a deir sí le bean a chastar orainn taobh amuigh dá teach agus í ag scuabadh an tsneachta den chosán. “Tá mé in ann labhairt amach agus seasamh suas do na daoine an chaoi sin.”

‘Guth na ndaoine’ an mana atá aici ar na bileoga toghcháin. Chuimhnigh an bhean seo ar Connolly freisin. “Leanaim thú agus na rudaí atá déanta agat. Bhí tú go maith riamh. Seacht mbliana a bhí mé ag fanacht ar an teach seo,” a dúirt sí ag síneadh a méire siar ar an teach. “Is tá mé fiche bliain anois ann agus tá sé beagnach ceannaithe agam. Ach tá rudaí go dona anois ag an dream óg atá ag iarraidh áit a cheannacht.”

Cúrsaí tithíochta agus cúrsaí tráchta atá ag cur as do go leor daoine i nGaillimh Thiar chomh maith le ceist na seirbhísí. Idir leathuair agus uair a chloig a thógann sé le tiomáint trasna na cathrach. Tháinig méadú 13.3% ar an gcíos míosúil i nGaillimh idir 2023 agus 2024 agus an meánchíos míosúil gaibhte os cionn €2,000 sa mhí den chéad uair de réir figiúirí a d’eisigh Daft.ie mí Lúnasa na bliana seo.

An trácht a bhí ag cur as don fhear a casadh orainn ina dhiaidh sin agus é ag cúlú a veain oibre isteach ar an gcabhsa os comhar an tí. “Thug mé uimhir a haon duit cheana, ach níl a fhios agam an dtabharfaidh mé arís duit é,” a dúirt sé le Connolly nuair a chuaigh sí anonn chuige. “B’fhéidir uimhir a 2.”

Thosaigh an bheirt ag comhrá. An cuarbhóthar atá geallta do Ghaillimh le fada ach atá ag tarraingt conspóide a bhí ar bharr an liosta aige. Tá daoine ar thaobh amháin den chonspóid den tuairim go gcuirfidh sé cúrsaí tráchta in olcas, daoine ar an taobh eile den tuairim go bhfuil géarghá leis chun amanna taistil trasna na cathrach a laghdú.

Bhí fear an veain, atá ag taisteal chuile lá ó Chnoc na Cathrach trasna go dtí an taobh thoir den chathair, ar son an chuarbhóthair. “Ach céard a dhéanfaidh tú faoi?” an cheist a bhí aigesean do Chonnolly.

Thosaigh siad ag caint anonn is anall is eisean ag insint di mar a bhí cúrsaí ag cur isteach air agus ise ag tabhairt a tuairimí féin. Rinne siad muintearas ar deireadh agus lean muid orainn.

“Bhí an ceann sin deacair,” a deir sí. “Cuireann scéal na tráchta as domsa freisin, tá sé fiche bliain ó cuireadh plean isteach chun cúrsaí tráchta a fheabhsú i nGaillimh. Fiche bliain! Agus níl mórán dul chun cinn déanta.”

Ní raibh aon duine sa mbaile ag an gcéad teach eile nó sin a shíl muid nó gur osclaíodh fuinneog mhór thuas ar an gcéad urlár agus muid ag imeacht.

“Tú féin atá ann!” a d’fhógair glór ban amach an fhuinneog, deirim ‘glór’ mar ní raibh aon duine le feiceáil. “Heileo!” a d’fhógair Connolly suas chuici. “Catherine Connolly anseo, tá mé ag tóraíocht d’uimhir a hAon.”

Ba chuma cén vóta a bhí á lorg aici ní raibh aon fhonn amach ar úinéir an ghlóir. “Ní fhéadfaidh mé a theacht amach anois tá an iomarca faitís orm,” a deir an bhean thuas.

“Faitíos!” arsa Connolly agus imní uirthi. “An bhfuil tú ceart go leor?”

Ní faitíos a bhí uirthi dháiríre ach go raibh sí ag cur dath ina cuid gruaige agus níor mhaith léi a theacht amach agus a mullach lán le dath gruaige. “B’fhéidir go gcuirfinn faitíos oraibhse!”

“Ní chuirfidh tú aon fhaitíos orainne,” arsa Connolly. “An mbeidh tú ag vótáil?”

Ní bheadh sí ag vótáil, a deir an spéirmhamó thuas, mar go mbíonn a hiníon imithe leis an gcarr chuile lá is nach mbeadh aon bhealach aici go dtí an t-ionad vótála. “An dtabharfá lift dom?” a d’fhiafraigh sí ansin. “Nó an dtugann tú lifteanna do dhaoine?”

“Tugann má iarrann siad é. Fan nóiméad go bhfaighidh mé d’uimhir.” Lig sí an mála anuas dá droim agus tharraing amach cóipleabhar agus peann agus fuair sí an uimhir ghutháin ón spéirmhamó.

“Tiocfaidh mise nó m’fhear céile… tiocfaidh duine éigin. An bhfeilfeadh sé ar maidin duit?”  Níor fheil an mhaidin di. “Ó ná tar róluath,” a deir sí, “théis am lóin, beidh mé réidh.”

“Glaofaidh duine éigin ort lá na vótála mar sin,” a deir Connolly agus í ag sá an chóipleabhair agus an phinn isteach ina mála arís. “Ní bheidh an iomarca faitís ort a theacht amach?”

“Ar ndóigh ní bheidh,” a deir spéirmhamó na fuinneoige, “beidh mé réitithe amach go hálainn an lá sin.”

Fág freagra ar 'AG CNAGADH AR NA DOIRSE le Catherine Connolly – ‘Thógfainn lift go dtí an t-ionad vótála, ach ná tar róluath ar maidin’'