Feachtas leanúnach ar siúl ag rialtas na Nua-Shéalainne i gcoinne an phobail Māori agus a dteanga

Tá bille nua curtha faoi bhráid na parlaiminte sa Nua-Shéalainn a dhéanann athléamh mícheart agus neamhstairiúil ar an gConradh atá mar bhunchloch ag an tír, Conradh Waitangi, a shínigh na iwi agus ionadaithe ó Choróin na Breataine in 1840

Feachtas leanúnach ar siúl ag rialtas na Nua-Shéalainne i gcoinne an phobail Māori agus a dteanga

Aotearoa, An Nua-Shéalainn, Tír an Scamaill Fhada Bháin – díreach cosúil le gach aon tír eile ina bhfuil rian den choilíneachas fós ann, is féidir leis an ainm a roghnaítear don tír tuairimí polaitiúla a nochtadh, agus le déanaí, a rá cé acu i bhfabhar nó i gcoinne chinntí an rialtais atáthar.

In 2023, toghadh rialtas nua ar an eite dheis anseo agus i measc na ngnáthchinntí eacnamaíocha a mbeifí ag súil leis uaidh, tá polasaithe suaracha frith-Māori curtha go láidir chun tosaigh acu. Tá sé deacair a shéanadh nach bhfuil feachtas leanúnach i gcoinne Māori ar siúl acu.

Tá an rialtas faoi stiúir an Pháirtí Náisiúnta [National Party], páirtí atá sa lár ón eite dheis agus a bhí sásta déileáil go réasúnta cothrom leis na treibheanna Māori (iwi) ó na 1990idí ar aghaidh. Rinne siad cinneadh, áfach, comhrialtas a chur le chéile le páirtí amháin i bhfad níos faide siar (ACT) agus ceann eile a dhírigh ar na vótaí comhcheilge le linn fheachtas an toghcháin (NZ First).

Roimh an toghchán, bhí na trí pháirtí diongbháilte go gcuirfeadh siad deireadh le hiarrachtaí an rialtais dheireanaigh an córas séarachais agus uisce a fheabhsú toisc go mbeadh ionadaíocht ag na iwi ar na boird cheannasaíochta uisce. Is iad ACT, páirtí nach bhfuair ach 8% de na vótaí anuraidh, atá ag brú na bpolasaithe firth-Māori chun tosaigh ó dheireadh na bliana seo caite, ach caithfear a rá go bhfuil a gcomhghleacaithe sa rialtas sásta glacadh leo agus vótáil ar a son sa pharlaimint. Seo sampla den obair atá déanta nó á dhéanamh acu cheana féin:

  • Údarás Sláinte Māori, nach raibh ar an bhfód ach ar feadh bliana, a dhúnadh.
  • An teanga Māori (Te Reo Māori) a bhaint as ainmneacha na ranna stáit, agus gan cead í a úsáid sna ranna éagsúla, seachas iadsan a bhíonn ag obair go díreach leis an teanga.
  • Ciste airgid chun oiliúint a chur ar mhúinteoirí na teanga Māori a ghearradh siar, agus an t-airgead a úsáid le haghaidh acmhainní matamaitice.
  • Iachall a chur ar na comhairlí áitiúla deireadh a chur le toghbhardaí Māori nó reifreann éigeantach a reachtáil más maith leo iad a choimeád.
  • Bord comhairleach Māori ar Pharmac, an eagraíocht stáit a cheannaíonn drugaí leighis ar son na tíre, a dhúnadh
  • Dlí nua pleanála a ligfeadh don rialtas cinneadh a dhéanamh faoi thograí náisiúnta, beag beann ar na cúirteanna agus ar thuairimí an phobail.
  • Leasú a dhéanamh ar alt san Acht um Chosaint Leanaí, a bunaíodh i gConradh Waitangi (níos mó faoi sin thíos) agus a dhéanann iarracht cothromaíocht a thabhairt do leanaí Māori sa chóras cosanta leanaí. Is fada an stair atá mar chúlra ag an acht sin, faoinar tógadh leanaí Māori óna muintir chun iad a thabhairt do theaghlaigh uchtála de bhunadh na hEorpa (“Pākehā”).
  • Leasú ar reachtaíocht i gcoinne tobac, a bhí ann chun sprioc “saor ó thobac” a baint amach roimh dheireadh 2025. Toisc go mbíonn líon na ndaoine a chaitheann tobac níos mó i measc Māori, beidh tionchar níos measa ag an leasú sin ar an bpobal céanna.
  • Tá níos mó ná reachtaíocht ar bun acu – tá baill den rialtas sásta a ladhar a chur isteach má fheiceann siad aon chinneadh a thugann aon deis don phobal Maorach, mar shampla cháin siad spás in Ollscoil Auckland a bhí curtha ar fáil do mhic léinn Māori agus maoiniú leighis do dhéagóirí Māori in Hawkes Bay.

Le gairid áfach, tá céim níos suntasaí tógtha acu. Tá bille nua curtha faoi bhráid na parlaiminte, an Bille um Prionsabail an Chonartha, a dhéanann athléamh iomlán, mícheart agus neamhstairiúil ar an gConradh atá mar bhunchloch ag an tír, Conradh Waitangi, a shínigh na iwi agus ionadaithe ó Choróin na Breataine thiar in 1840. Tá teacht aniar an Phobail Māori ó na 1970idí ar aghaidh fréamhaithe sa Chonradh sin. In 1840, nuair a síníodh é ar dtús, ní raibh ach cúpla míle duine de bhunadh na hEorpa sa tír, le hais cúpla céad míle Māori.

Ach de réir an Chonartha, tugadh cead don bpobal Pākehā sin fanacht, talamh a cheannach agus saol a chruthú ansin. Gheobhadh an pobal Māori gobharnóireacht ón gCoróin ach choimeádfaidís seilbh ar a gcuid talún, a gcuid áiseanna agus a gcultúr. Bhí dhá leagan den Chonradh ann, leagan amháin i mBéarla agus leagan eile in Te Reo Māori, agus is é an dara leagan sin a shínigh an chuid is mó de na treibheanna ar fud na n-oileán, agus is é an dara leagan sin atá glactha mar an leagan oifigiúil sa dlí idirnáisiúnta.

Tá an difríocht idir na leaganacha tábhachtach toisc nach ionann iad agus toisc go raibh deacrachtaí ann coincheapanna Māori a mhíniú go simplí i mBéarla. Mar shampla, sa leagan Māori, fuair na iwi ‘kāwanatanga’ ón gCoróin, traslitriú díreach ar ‘ghobharnóireacht’, ach sa leagan Béarla thug siad ardcheannas nó ‘sovereignty’ don Choróin.

Arís, sa leagan Béarla, dúradh go gcoimeádfadh na iwi seilbh ar a gcuid talún, ach sa leagan Māori choimeádfadh siad ‘tino rangatiratanga’, coincheap atá i bhfad níos leithne, a sháraíonn ‘kāwanatanga’ agus atá níos giorra d’ardcheannas ná aon fhocal eile. Tá sé cloiste againn ó cheannaire ACT, David Seymour, agus ón bPríomh-Aire Christopher Luxon, gur ghéill na iwi an t-ardcheannas sin don Choróin san 19ú haois (an Bhanríon Victoria ag an am, agus an rialtas coilíneach ina diaidh), léirmhíniú ar an gConradh atá mícheart.

Tar éis shíniú an Chonartha, níor ghlac na coilínigh leis pé scéal é. Leanadh ar aghaidh leis an ngnáth-thionscnamh coilíneach – goideadh an talamh le harm agus le hacht rialtais, rinneadh ionradh ar na háiteanna cosúil le Taranaki agus Waikato ina bhfuil talamh mín torthúil a mheall súile santacha na himpireachta agus bunaíodh saibhreas an stáit nua ar sheilbh agus úsáid na talún sin.

Fágadh na iwi sna ceantair gharbha, iargúlta gan aon bhunús eacnamaíochta, toradh atá freagrach as cuid mhaith den deighilt atá le feiceáil sna staitisticí sóisialta sa lá atá inniu ann. Agus mar a tharla in Éirinn, goideadh a dteanga dhúchasach uathu, leis an mbata sna scoileanna agus leis na fórsaí eacnamaíochta a chuir cultúr agus teanga amháin chun cinn.

Thosaigh an t-aiséirí san 1970idí. D’úsáid an pobal Māori an Conradh chun cúiteamh a fháil ar an dtalamh agus ar na háiseanna a chaill siad, agus rinneadh iarracht “prionsabail an Chonartha” a úsáid ionas go mbeadh reachtaíocht nua na tíre fréamhaithe sa Chonradh. Bunaíodh Binse Waitangi, a bhí ann chun na ceisteanna casta a fhreagairt agus chun comhairle a thabhairt don rialtas agus, go deimhin, chun cuid den nimh agus teannas a bhaint as na hargóintí.

‘Sé an toradh air sin ná go bhfuil an pobal agus an cultúr Māori níos lárnaí sa tír ó na 1980idí ar aghaidh agus go háirithe le fiche bliain anuas. Cuireadh tús le scoileanna aonteangacha Māori, fuair cuid de na treibheanna athsheilbh ar pháirceanna náisiúnta, baineadh na logainmneacha coilíneacha de shléibhte agus de cheantair agus cuireadh na hainmneacha cearta ar ais orthu (m.sh. Aoraki in ionad ‘Mt Cook’ agus Taranaki in ionad ‘Mt Egmont’). Tugadh aitheantas dlí d’abhainn, an Whanganui, chun í a chosaint go fadtéarmach. Fuair an teanga dhúchasach stádas mar theanga oifigiúil agus bhí an t-acht a thug an stádas don teanga Māori bunaithe go mór ar an Acht um Bord na Gaeilge 1978. Cloistear an Reo Māori in úsáid go minic anois, ní hamháin i measc an phobail Māori ach corrfhocal i mBéarla na Pākehā.

Is sa milieu seo atá an rialtas reatha ag iarraidh an clog a chasadh siar. Sa bhille nua um Prionsabail an Chonartha, tá iarracht á déanamh sainmhíniú nua a thabhairt ar an gConradh – gur ghéill na iwi a n-ardcheannas, go bhfuil gach aon duine ar comhchéim sa tír, gur cheart athléamh aontaobhach a dhéanamh ar chonradh idir dhá pháirtí agus gur cheart srian iomlán a chur ar an mBinse Waitangi.

Fiú má theipeann ar an mbille sa deireadh (agus tá sé ráite ag an National Party agus NZ First nach dtabharfaidh siad tacaíocht leanúnach fhadtéarmach dó), beidh sé faoi bhráid an rialtais agus os comhair choiste parlaiminte ar feadh sé mhí ar a laghad. Cruthóidh sé easaontas agus teannas sa tír agus beidh ACT sásta an ‘Overton Window’ a bhogadh níos mó ar dheis agus i gcoinne Māori. Ar an dtaobh eile, tá aontas feicthe i measc an phobail Māori, pobal atá an-éagsúil agus ilghnéitheach, nach raibh ann riamh.

Beartaíodh  hikoi, nó ollmhórshiúl, ó thuaisceart an Oileáin Thuaidh go dtí Wellington agus na mílte bailithe le chéile chun cur i gcoinne an bhille, agus bhí aird an domhain ar an bhfeisire parlaiminte ón bPáirtí Māori, Hana-Rawhiti Maipi-Clarke, nuair a stróic sí cóip den bhille sa pharlaimint agus í i mbun haka.

Tá dualgas ar Ghaeil na hÉireann chomh maith. Tagann na mílte Éireannach go dtí Aotearoa gach bliain, mar chuairteoirí nó chun maireachtáil anseo. Ní ceart dúinn bheith drogallach ár nguthanna a úsáid. Má tá sibh ar laethanta saoire, tugaigí tacaíocht do na comhlachtaí Māori sa chéad áit, cuirigí ceisteanna faoi cén fáth nach bhfuil comharthaí bóthair dátheangacha ann go fóill, agus má chloiseann sibh an ráiteas sin a chloistear go minic anseo ‘táimid i mbun feirmeoireachta anseo le cúig ghlúin anuas,’ fiafraígí díobh, ‘agus cé a bhí ann romhaibh?’

Is minic chomh maith a bhíonn ‘sciúradh cultúrtha’ in úsáid ag an rialtas anseo – iad sásta an cultúr Māori a chur i lár an aonaigh agus iad thar lear, ach ag an am céanna cinntí suaracha a dhéanamh sa bhaile. Go minic, bíonn imeachtaí cultúrtha ar siúl idir an dá thír, go háirithe nuair a bhíonn an dá mhionteanga i gceist. Má tá deis agaibh imeachtaí mar sin a chur ar siúl, nó freastal orthu fiú, bígí airdeallach gur ag obair go díreach le pobal nó eagraíocht Māori atá sibh agus nach ag tabhairt tacaíochta do rialtas atá ciníoch i ngan fhios daoibh féin.

Fág freagra ar 'Feachtas leanúnach ar siúl ag rialtas na Nua-Shéalainne i gcoinne an phobail Māori agus a dteanga'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    An-alt go deo, a Dhiarmuid. Bímse féin ag caitheamh súil trasna Muir Tasmáin ó am go h-am agus cuireann an casadh ar ais i gcursaí poilitiúla Aotearoa/An Nua-Shéalainn ar buile mé. Is cosúil anois go bhfuil Aotearoa agus Éire le chéile i ngreim daingean an domhain Angla-Meiriceánaigh agus iad fé rialtaisí nach bhfuil meas madra acu ar oidhreacht a dtír.