Sa teach seo ba í 2020 bliain Mhamó.
Nuair a bhí mise beag, ní raibh agam ach an t-aon Mhamó amháin – níl a fhios agam cén uair a bhásaigh an bhean eile. Faoin am gur bhásaigh an Mhamó a mhaireann i mo chuimhne, bhí suas le 34 garchlann aici.
Toisc go raibh muide ar an gclann ba shine den ghlúin sin, ní raibh ar mo chumas aithne a chur ar na col ceathracha eile ar fad. Bhí mé i mo dhuine fásta agus col ceathrar fós ag teacht ar an saol. Is fear an aithne a chuireann muid ar a chéile ar Facebook anois seachas ar bhealach ar bith eile.
Cuimhním ar mo sheanmháthair mar dhuine láidir údarásach ceanndána. Bhíodh sé sa gcaint gur duine de thriúr deirféar a bhí inti agus gur ‘mná láidre’ a bhí sa triúr acu.
Mar a tharla, bhí siopaí ag chaon duine acu agus tháinig cuid den nósmhaireacht a bhain le siopaí anuas chugainne. Mar shampla, ‘ná déan do chuid siopadóireachta ar fad in aon siopa amháin ar an mbaile. Roinn do chuid trádála’.
Níor mhair féith sin an ghnó siopadóireachta sa gcéad ghlúin eile ach amháin i gclann amháin den sliocht. Agus níl a fhios cé na sceitimíní a bhí ar an 50 garchlann agus a gclann siúd nuair a facthas ceann de na málaí ‘Supervalu’ ó Shiopa Surlis i dTobar an Choire, sa dráma, Ordinary People. Bhí Facebook an-chruógach an oíche sin.
Bíonn ceangal idir daoine a raibh an tseanmháthair chéanna acu. Mar a scríobh mé anseo cheana – chuaigh sise agus a fear céile, mo sheanathair, go Meiriceá i dtús an chéid seo caite agus ba ansin a rugadh mo mháthair. Thug an stádas sin cearta áirithe do mo dheartháir agus é ag dul go Meiriceá an chéad uair blianta ina dhiaidh sin, áit ar fhan sé ó shin.
Ach nuair a théadh daoine ar imirce an uair sin, ba bheag acu a d’fhilleadh ar an mbaile le cur fúthu in Éirinn arís. I Meiriceá a d’fhan formhór a gcuid deirfiúracha agus deartháireacha agus bhí cuid díobh sin nár fhill ar an mbaile riamh arís.
Nuair a chuaigh mé féin go Meiriceá agus mé i mo mhac léinn, d’fhan mé le huncail, deartháir mo sheanathar. Bhí sé fiosrach faoin gceárta i mBealach an Doirín. An raibh sé fós sa Chearnóg i lár an bhaile?
Nuair a d’fhág seisean an baile ar an traein agus é ar a bhealach chuig ‘Queenstown’ le dul ar an mbád bán, ba í an cheárta sin an radharc deireanach a chonaic sé roimh imeacht dó. Carr capaill a thug fad leis an stáisiún é.
Le linn 2020, ba mhinic mé ag cuimhneamh ar ré sin ár seanathar agus seanmháthar.
Nuair a tháinig siad ar ais go hÉirinn bhíodar ag smaoineamh ar an Stát nua, a chuirfeadh oideachas ar mo mháthair agus an t-ochtar a tháinig agus a mhair, ina diaidh.
Ach ní raibh mórán caoi ar an Stát sin. Níor tháinig an leictreachas go dtí na ceantair thuaithe go dtí na 1930idí. Bhí an ‘fliú Spáinneach’ tar éis réabadh tríd an tír ach níor chuala mé trácht ariamh air.
Ba mhó caint a rinne daoine faoin eitinn – ní raibh teach nach raibh cás nó dhó ann am éigin agus ba mhinic daoine ag tógáil páistí isteach ina dtithe féin ó ghaolta a bhí buailte leis.
Is iomaí rud a thug mo sheanmháthair faoi deara agus í taobh thiar den chuntar sa siopa.
Ach níor chuala mé ariamh gur airigh sí uaithi na rudaí deasa a bhí aici i Meiriceá – na héadaí galánta, an teas lárnach, an t-uisce reatha te.
Bhí féith an ghrinn inti – rud a thug sí ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Is cuimhin liom dul go Londain le mo mháthair sna hochtóidí agus thug m’uncail i Sasana ar cuairt go baile Windsor muid.
Bhí áthas air nuair a chonaic sé an bhratach ar foluain os cionn Chaisleán Windsor.
‘Ó iontach!’ dúirt sé. ‘Tá sí féin sa mbaile. Agus tá súil agam nach mbeidh sí ag déanamh leithscéil faoi mhóin fhliuch an babhta seo.’
Tá mo chloigeann lán le cuimhní ar mo sheanmháthair i mbliana. Í ag déanamh arán donn; í ag tabhairt aire do gharpháistí; do mo thabhairt ag cóisir na gcomharsan nuair a ghnóthaigh bean a’ tí céad punt i gcomórtas an chrosfhocail sa Sunday Press; í ag cur ‘rouge’ ar mo leiceann an oíche chéanna agus mé thart ar ocht mbliana d’aois.
Chuir sé ag smaoineamh mé ar an gcéad chuimhne atá agam uirthi. Ach céard é féin?
An bhfuil sí ag líonadh málaí tae sa siopa? Nó ag cur móin thirim ar an tine don cháca donn?
Is é an fáth an bhfuil mé ag cur na smaointe seo trí mo chloigeann ná toisc go bhfuil mé féin, de mo bhuíochas, ag cruthú cuimhní i mbliana.
Ó mhí Lúnasa, tá stádas nua agam. Is Mamó anois mé. Cén cineál cuimhní a bheas ag an gcailín beag den bhliain 2020? Tada, i ndáiríre, tá sí ró-óg.
Agus lá éigin amach anseo, beidh a fhios aici gur rugadh a sin-seanmháthair i Meiriceá agus go raibh an-chion ag a sin-sin-seanmháthair ar chrosfhocail.
Ceann de na chéad fhocail Spáinnise a d’fhoghlaim mé ná ‘Abuela’ – toisc go mbíodh sé á bhéicíl ag páistí na Spáinne ar an trá agus iad ag glaoch ar a gcuid Mamónna.
Agus foghlaimeoidh an cailín beag seo go gairid go bhfuil ‘Abuela’ aici sa Spáinn a bhfuil a cuid nósanna agus scileanna féin aici.
Tá focal nua agam anois – ‘Ja Ja’ (fuaimnítear é mar ‘Ya Ya.’) Sin é mo theideal-sa sa Spáinn. Nach deas é? B’fhéidir go bhfuil sé beagáinín níos ceolmhaire ná Mamó?
Go leor le foghlaim agus le bheith ag smaoineamh orthu sna blianta atá amach romhainn.
Tiocfaidh an lá nach mbeidh daoine ag breathnú isteach uirthi sa mbugaí agus an chuid íochtarach dá n-éadan i bhfolach ag púicín. Nuair a bheas muid ar fad ag breathnú siar ar 2020, beidh ár gcuimhní breac le radharcanna d’arán donn, crosfhocail, mascanna éadain agus gach duine ag súil le cuairt a thabhairt arís ar Mhamó.
Fillis ní Shuirlis
A Mhairéad is aolbhinn lion do chuid scríbhinnï. Nī amháin go bhfuil féith na scríbhneoireachta agat ach tá flúirse eolais iontu chomh maith. Tá leithead ag baint leo. Lean ort! Fillis ní Shuirlis