‘Ba gheall le lóchrann nó réalta eolais í’ – Aifreann na Marbh d’Emma Mhic Mhathúna i gCorca Dhuibhne

Dúirt sagart paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh, an tAthair Eoghan Ó Cadhla gur ‘máthair ghrámhar chróga’ ab ea Emma Mhic Mhathúna agus gur ‘sampla iontach’ a saol do dhaoine eile

Ceiliúradh Aifreann na Marbh d’Emma Mhic Mhathúna i Séipéal na Carraige i mBaile na nGall i nGaeltacht Chiarraí inné.

Dúirt sagart paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh, an tAthair Eoghan Ó Cadhla, ina sheanmóir gur “máthair ghrámhar chróga” ab ea Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná is mó a bhí i mbéal an phobail mar gheall ar an scannal CervicalCheck.

Dúirt sé gurbh iad a cúigear clainne ba thábhachtaí ina saol ar fad agus gur “shaibhrigh” sí féin agus a clann pobal Chorca Dhuibhne.

“An chuid is mó de mhuintir an domhain seo, déanann siad a gcúram i slite ciúine folaithe agus sin an nós is dócha a d’fhan i gcuid againn. Ach ó am go chéile bíonn daoine ann agus téann a dtréithe agus a saothar chun maitheasa dúinn go léir, ní hamháin dóibh féin.

“D’fhéadfá a rá gur geall le lóchrann nó réalta eolais na daoine seo agus sinn ag cuimhneamh orthu agus tá muid buíoch de Dhia as iad a thabhairt dúinn. Duine acusan ab ea Emma Mhic Mathúna,” a dúirt an tAthair Ó Cadhla.

Dúirt sé gur bhean “mhisniúil chróga éirimiúil agus neamhspleách” í a bhain leas as “na tréithe, na tallanna agus na buanna a bronnadh uirthi ar mhaithe lena páistí, agus go háirithe, ar mhaithe le mná agus le teaghlaigh eile atá ag fulaingt”.

“Ón aithne a bhí agamsa uirthi agus tá sin ráite ag daoine eile leis, ba léir nach ar mhaithe léi féin a d’oibrigh sí gan staonadh leis an bhfírinne agus leis an bhfuinneamh iontach sin a bhí inti; an cur chuige, an cur i láthair, chuireadh sí iontas orainn ar fad.”

Dúirt sé go raibh “spiorad dochloíte misniúil” ag Emma Mhic Mhathúna agus gur “sampla iontach” a saol do dhaoine eile.

Labhair sé chomh maith mar gheall ar an fheachtas a throid sí agus an bás i ndán di.

“Na rudaí go léir a bhí ar siúl sna míonna a d’imigh, n’fheadar éinne conas mar a dhein sí iad. Dhein sí sa chúpla mí sin rudaí nach ndéanann an-chuid daoine sa tsaol seo.”

Thagair sé don chóir leighis a bhí á chur uirthi go minic, a cás cúirte, na turasanna thar lear leis na leanaí agus na hagallaimh a rinne sí leis na meáin chumarsáide ó mhí na Bealtaine seo caite.

Dúirt an tAthair Ó Cadhla go raibh sí ‘sáite’ i saol an pharóiste trí chéile, i gcúrsaí caide, teanga agus ceoil agus gur “thit sí i ngrá le Corca Duibhne” agus “le cultúr na háite”.

Dúirt sé gur ar “a sprid dhochloíte” a chuimhneoidh sé ar deo chomh maith leis “an grá a bhí aici do na leanaí, go mbeadh gach uile rud ceart dóibh nuair nach mbeadh sí sa saol seo leo”.  

Beidh Aifreann na Marbh eile d’Emma Mhic Mhathúna sa Leas-Ardeaglais i lár Bhaile Átha Cliath inniu sula n-adhlacfar í le taobh a máthar i gcré na cille i Maigh Nuad.

Fág freagra ar '‘Ba gheall le lóchrann nó réalta eolais í’ – Aifreann na Marbh d’Emma Mhic Mhathúna i gCorca Dhuibhne'