‘Ba dheacair teacht ar aon áit níos deise ná níos suaimhní in Éirinn’ – duais mhór buaite ag teach lóistín Gaeltachta

Tháinig Tigh Chonghaile ar Inis Meáin sa chéad áit sa rannóg ‘Lóistín is Taitneamhaí’ ag Gradaim Georgina Campbell

‘Ba dheacair teacht ar aon áit níos deise ná níos suaimhní in Éirinn’ – duais mhór buaite ag teach lóistín Gaeltachta

Tá gradam Georgina Campbell buaite ag an teach lóistín Tigh Chongaile ar Inis Meáin, contae na Gaillimhe, as scoth an lóistín a chur ar fáil.

Tháinig Tigh Chonghaile sa chéad áit sa rannóg ‘Lóistín is Taitneamhaí’ (Outstanding Guest Experience Award) sa mhórchomórtas náisiúnta a thugann aitheantas do ghnólachtaí bia a bhaineann barr feabhais amach san earnáil aíochta.

Agus cur síos á dhéanamh ar an teach lóistín Gaeltachta ar shuíomh Georgina Campbell deirtear go mba dheacair teacht ar “aon áit níos deise ná níos suaimhní in Éirinn”.

“Tá roinnt mhaith tithe aíochta in Éirinn atá suite in áiteanna áille agus úinéirí suáilceacha ina mbun a bhíonn breá sásta an suáilceas sin a roinnt le gach duine a mbíonn aon bhaint acu leis an ngnó.

“Is minic gur ar na háiteanna is seanbhunaithe agus is simplí a chuimhneoidh muid go deo. Agus tú i do shuí sa ngrian taobh amuigh de bhialann agus teach lóistín Vilma agus Phádraic Ó Conghaile in Inis Meáin, ba dhóigh leat nach raibh aon áit níos deise ná níos suaimhní in Éirinn,” a deirtear ar an suíomh.

I mbanc in California a bhí Vilma ag obair nó gur casadh a fear céile Pádraic Ó Conghaile uirthi agus d’oscail siad Tigh Chonghaile i 1993, tráth ar fhill siad ar Inis Meáin.

Tugann lucht na ngradam Georgina Campbell ardmholadh do Vilma, cócaire Thigh Chonghaile, agus an “dinnéar den scoth” atá le fáil ann. 

Deirtear go raibh Vilma “ar thús cadhnaíochta” sa ghluaiseacht nua bia úr mar go raibh “glasraí orgánacha agus glasraí na mara á n-úsáid aici i bhfad sular tháinig siad sa bhfaisean”.

Deirtear go bhfuil “cáil i bhfad is i ngearr ar an Anraith Glasraí Mara a dhéanann sí agus go raibh “an-tóir ag an gcócaire mór le rá Myrtle Allen air”.

“Níl sárú Vilma ann mar chócaire agus is fada an lá go ndéanfaidh tú dearmad ar do chuairt ar an teach lóistín seo,” a deirtear ar shuíomh Georgina Campbell.

Anuas ar an ardmholadh a tugadh do Thigh Chonghaile, dúradh go raibh “an-tóir ag cuairteoirí” ar na hoileáin amach ó chósta na hÉireann chun “blaiseadh a fháil den saol eile sin agus ceangal a dhéanamh leis an seansaol a bhfuil dearmad déanta air beagnach”.

Mar bharr air sin, luaitear go bhfuil “áiteanna iontacha ar na hoileáin le béile breá a ithe agus lóistín na hoíche a fháil”.

25 gradam Georgina Campbell a bronnadh ag ócáid i gceannáras Bord Bia i mBaile Átha Cliath inné. I measc na mbuaiteoirí móra eile, bhí Adare Manor, in Áth Dara i Luimneach a ainmníodh mar ‘Óstán na Bliana’ agus ‘The Strawberry Tree’ i Maigh Chríodáin Thoir i gCill Mhantáin, a bhuaigh an gradam ‘Bialann na Bliana’.

Den chéad uair riamh, bronnadh trí dhuais gastranamaíochta i mbliana ar ghnóthaí a chuireann scoth an bhia ar fáil. Óstán an Twelve i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe, an siopa éisc Gannet i nGaillimh agus Feirm Orgánach Phlásóg na Feá i Luimneach a thug leo na duaiseanna sin.

Seo an fichiú bliain ag mórghradaim aíochta Georgina Campbell.

Agus na buaiteoirí á bhfógairt, dúirt Georgina Campbell gur spreagadh atá sna gnólachtaí nua atá ag teacht chun cinn san earnáil aíochta do ghnólachtaí seanbhunaithe lena gcuid seirbhísí a fheabhsú.

Dúirt sí chomh maith gur údar imní é “an t-ardú síoraí” atá ag teacht ar phraghas lóistín sna hóstáin sa phríomhchathair agus go raibh caighdeán an bhia i roinnt de na hóstáin 4 agus 5 réalta in Éirinn “ina n-údar díomá” go fóill.

Fág freagra ar '‘Ba dheacair teacht ar aon áit níos deise ná níos suaimhní in Éirinn’ – duais mhór buaite ag teach lóistín Gaeltachta'