Ba chóir ‘tosú arís’ ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a deir an té an thug isteach í

Deir Pat Carey nach bhfuil aon duine sásta leis an dul chun cinn atá déanta maidir le spriocanna na Straitéise ó foilsíodh í

Ba chóir ‘tosú arís’ ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a deir an té an thug isteach í

Ba chóir smaoineamh ar “dul ar ais agus tosnú arís” ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dar leis an té a bhí ina aire Gaeltachta nuair a tugadh an straitéis isteach ocht mbliana ó shin, Pat Carey.

Agus é faoi agallamh ag Séamus Mac Donnchadha ar an gclár Gníomh na Polaitíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an t-iarTheachta Dála de chuid Fhianna Fáil go bhfuil “cás” le déanamh gur chóir “cuid mhaith” den straitéis a athscríobh.

Dúirt Carey nach bhfuil “éinne” sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le spriocanna na Straitéise ó foilsíodh í. Ní raibh “aon rud cearr” leis na “prionsabail” inti, a duírt sé, ach b’amhlaidh nach raibh na ranna stáit éagsúla “toilteanach” dóthain tacaíochta ná áiseanna a chur ar fáil di.

Dúirt Carey go raibh “níos mó eolais bailithe” faoi chás na Gaeilge ó seoladh an Straitéis, agus luaigh sé go háirithe figiúirí an daonáirimh dheireanaigh a léirigh go raibh laghdú 11% taghta ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht agus laghdú 1% ar a macasamhail de chainteoirí lasmuigh den Ghaeltacht.

Nuair a foilsíodh na figiúirí daonáirimh sin, dúirt Pat Carey le Tuairisc.ie gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna uilig a leagadh amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt sé an uair sin nach raibh na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis “réalaíoch” ná “insroichte” i bhfianaise thorthaí an daonáirimh.

Dúirt an t-iar-aire go gcaithfí féachaint “láithreach” ar mhórsprioc na Straitéise, is é sin go mbeadh 250,000 cainteoir Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ann faoi 2030, agus ar na “spriocanna uilig” atá inti.

D’fhoilsigh an Rialtas i mí an Mheithimh Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ina bhfuil 180 beart agus 60 dream luaite lena gcur i bhfeidhm.

Dúirt Pat Carey, áfach, go bhfuil gá i gcónaí le “spriocanna níos beaichte” ó thaobh na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh “mórán le foghlaim” faoi chás na teanga ó seoladh an Straitéis agus go raibh súil aige go raibh “ceachtanna foghlamtha”.

Dúirt sé, áfach,  gur dóigh leis nach raibh “an toil láidir go leor” sa chóras poiblí faoi láthair chun tabhairt faoi fheidhm a thabhairt don phlean.

Maidir le ceist tiomantais an Rialtais don Straitéis, luaigh sé an anailís a rinne an sochtheangeolaí Seosamh Mac Donncha inar maíodh nach raibh feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a bhí in ainm is an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích.

Deirtear i bPlean Gníomhaíochta nua an Rialtais don Ghaeilge go mbeidh an plean sin “lárnach agus ríthábhachtach, ní hamháin ó thaobh cuspóirí sonracha na Straitéise a bhaint amach, ach ó thaobh inmharthanacht na Gaeilge féin”.

Beidh, a deirtear, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta “le hathbheocht agus dúthracht as an nua”. 

I measc na mbeart nua sa plean nua don Ghaeilge, gealltar go dtabharfar deis ar bhonn píolótach do dhaltaí i scoileanna Béarla ábhar nó ábhair a fhoghlaim trí Ghaeilge agus go bhforbrófar polasaí náisiúnta don chóras luathoideachais lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Ba chóir ‘tosú arís’ ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a deir an té an thug isteach í'

  • Mairéad

    Nach bhféadfadh polaiteoirí go bhfuil Gaeilge acu aontú ar sprioc an céatadán de ghnó Dáil Éireann a dheintear tré Ghaeilge a ardú? Abair ó 0.5% go 10% faoi 2030. Ba chóir úsáid na gcluasán nuair atá dīospòireachtaí i nGaeilge i nDáil Éirinn a mhéadú i measc teachtaí gan Ghaeilge ar dtús. Sprioc réalaíoch é sin seachas an sprioc míréalaíoch go mbeidh 180,000 cainteoirí laethúla Gaeilge breise a bheith againn i 2030. Nuair a thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa nGaeltacht 11% ba léiriú é sin amháin ar comh lag is atá iarracht an stáit agus polaiteoirí an Ghaeilge a shábháil.