Ba cheart na Cluichí Parailimpeacha a eagrú mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha féin

Ar fhaitíos nár thug tú faoi deara é, a léitheoir dhil: tá na Cluichí Parailimpeacha ar siúl ón gCéadaoin seo a chuaigh thart

Ba cheart na Cluichí Parailimpeacha a eagrú mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha féin

Pictiúr: Google

Ar eagla na míthuisceana, ní ar na lúthchleasaithe Parailimpeacha atá an tarcaisne sa líne thuas dírithe – ná ar léitheoirí na leathanach seo – ach ar an gcaoi a n-eagraítear na Cluichí Parailimpeacha. Agus ar na meáin.

Sampla maith de neamhshuim na meán sna Cluichí Parailimpeacha ná ar tharla (nó nár tharla) sa tír ina bhfuil na Cluichí ar siúl, an Bhrasaíl, oíche na hoscailte. Ar eagla go gcuirfí as do sceideal an ghnáth-shobaldráma, níor craoladh an searmanas oscailte ina iomláine.

Ar ndóigh, tá neamhshuim na meán sna Cluichí Parailimpeacha á cáineadh le fada an lá. Ach ag deireadh an lae, bíonn a fhios ag na meáin céard a bhíonn ag teastáil ón bpobal (mura mbeadh, ní dhíolfaidís aon fhógraí).

Ar an ábhar sin, taitníodh sé linn é seo a admháil nó ná taitníodh, is léir nach bhfuil suim ag an bpobal i gcoitinne sna Cluichí Parailimpeacha.

Feictear dom go bhfuil réiteach an-éasca ar an bhfadhb sin: na Cluichí Parailimpeacha a eagrú mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha, seachas mar rud breise, coicís ina ndiaidh.

Tá polaitíocht i gceist anseo, ar ndóigh.

Dhá dhream éagsúla iad Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha agus Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Parailimpeacha. Ach bímis ionraic faoi: ní bheadh gá le Coiste na gCluichí Parailimpeacha – ná go deimhin leis na Cluichí Parailimpeacha – dá bhféadfadh lúthchleasaithe a bhfuil míchumas orthu páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha féin, i sraith de chomórtais Parailimpeacha.

Ar an gcaoi sin, bheadh lúthchleasaithe faoi mhíchumas san áireamh i ndáiríre.

Michel Temer

Mí ó shin, rinne an slua a bhí i láthair ag searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha búáil ar Michel Temer, an fear a bhí ina uachtarán eatramhach ar an mBrasaíl ag an am. Dé Céadaoin. Rinneadh faíreach faoi arís ag searmanas na gCluichí Parailimpeacha, ach ar ndóigh, bhí difear mór ann: níl Temer ‘eatramhach’ a thuilleadh. Rinneadh táinseamh ar Dilma Rousseff ag deireadh mhí Lúnasa agus beidh Temer, a toghadh ina leasuachtarán thiar in 2014, i gcumhacht go deireadh na bliana 2018.

Ní mó ná sásta atá cuid mhór Brasaíleach faoin gcaoi ar tharla an t-athrú cumhachta sin, agus tá an mhíshástacht sin á léiriú ar shráideanna na gcathracha móra le breis is seachtain anuas. Sin ráite, ní tada iad na hagóidí seo, ó thaobh líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu, i gcomparáid leis na léirsithe móra pobail a chuir tús leis an ngéarchéim pholaitiúil sa Bhrasaíl breis is trí bliana ó shin, i mí an Mheithimh 2013.

Fág freagra ar 'Ba cheart na Cluichí Parailimpeacha a eagrú mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha féin'