Athruithe ag teastáil de bharr géarchéim na haeráide ach cé a íocfaidh an bille?

Tá sé éasca na spriocanna a lua ach níl sé chomh héasca na céimeanna a shocrú agus tacaíocht an phobail a fháil dóibh

Athruithe ag teastáil de bharr géarchéim na haeráide ach cé a íocfaidh an bille?

Sa nGréig fadó lastaí tinte le rabhadh a thabhairt don phobal go raibh tubaiste nó contúirt mhór ar an mbealach. Ag breathnú ar an nGréig agus í trí thine inniu, nach rabhadh atá ann dúinne go bhfuil gníomh ar son na haeráide ag teastáil go práinneach?

Dar leis na Náisiúin Aontaithe is rabhadh ‘dearg’ dúinn an tuarascáil is deireanaí faoin athrú aeráide, agus iad ag tuar go mbeidh aimsir rí-eisceachtúil ag éirí níos coitianta ar fud an domhain agus go ndéanfaidh sí dochar mór.

Agus dearbhaíonn an tuarascáil freisin gurb é an cine daonna atá freagrach as an aimsir a bheith ag dul in olcas agus gur i lámha an chine dhaonna atá sé an drochscéal a mhaolú.

Anuas air sin, tá tuarascáil eile againn ó Áisíneacht na hÉireann um Chosaint na hAeráide a léiríonn nach bhfuil an tír seo slán ó dhrochthionchar an athraithe aeráide, is go bhfuil tréimhsí níos teo is níos fliche agus níos stoirmiúla ar an mbealach. Ní ábhar díospóireachta a thuilleadh é. Tá contúirt ann don domhan seo, agus cé nach bhfuil mórán ama fágtha is féidir linn rud éigin a dhéanamh faoi.

Is minic na polaiteoirí ag caint faoin scéal seo, agus tá reachtaíocht aeráide achtaithe ag an Oireachtas ach níl an oiread sin sonraí i gcaint na bpolaiteoirí is níl mórán measa ag gníomhaithe timpeallachta ar an reachtaíocht chéanna.

Cén polasaí atá ag an rialtas mar sin?

Glacann daoine stuama leis go gcaithfear líon na ngás a chuireann muid amach san atmaisféar a laghdú: theastódh suas le caoga faoin gcéad níos lú carbóin a chur amach, mar shampla.

Mar chuid de sin níor mhór úsáid breosla iontaise, amhail guail is ola, a laghdú as cuimse.  Tá bealaí glasa le fuinneamh a chruthú ag teastáil agus is cuid de phlean an rialtais a leithéid.

Pointe tábhachtach eile ar ndóigh, an líon den ghás meatáin a chuireann ár gcuid tréada déiríochta is mairteola uathu.  Níor mhór líon na dtréad sin a laghdú freisin.

Tá sé éasca na spriocanna sin a lua agus cás maith a dhéanamh faoi cén fáth go bhfuil siad ag teastáil. Ach níl sé chomh héasca na céimeanna a shocrú agus tacaíocht an phobail a fháil dóibh.

Mar shampla amháin, ní féidir fógra a dhéanamh scun scan go ngearrfar líon an dtréad caoga faoin gcéad.  Caithfimid a thaispeáint cén fheirmeoireacht a dhéanfar in ionad a bhfuil le cur ar ceal, agus cén chaoi a gcinnteoidh muid go mbeidh ioncam mar an gcéanna ar fáil as an bhfeirmeoireacht nua.

Tá an fheirmeoireacht inmharthana á scrúdú ag leithéidí Shaoirse McHugh, iarbhall den Chomhaontas Glas, agus ag an Seanadóir Lynn Boylan, Sinn Féin; ach níl tada le rá ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, ach bladar faoi na jabanna nua glasa (nach ndeirtear go sonrach céard iad féin) a deirtear atá le teacht.

Agus cé a íocfaidh as an aistriú ón gcóras reatha go dtí córas inmharthana?

San Aontas Eorpach agus in Éirinn is í bunchloch na straitéise ná leas a bhaint as cúrsaí cánach.  Sí an teoiric atá taobh thiar de seo go gcuirfeadh ardú praghas ar charbón drogall ar dhaoine carbón a úsáid.

Tá go maith, má tá rogha ag daoine, ach mura bhfuil?

Mar shampla, má tá cónaí ort faoin tuath in Éirinn agus é riachtanach duit carr a úsáid le taisteal chun na hoibre, níl aon dul as agat ina thaobh sin, is cuma cé na harduithe praghas a dhéantar.  Níl de thoradh ar cháin bhreise ar charbón ach go mbeidh níos lú airgid fágtha ag na daoine seo dóibh féin.  Beidh orthu an méad céanna carbóin a úsáid i gcónaí. Mar sin ní dhéanfaidh an cháin ar charbón aon difear don timpeallacht.

Sin é an seasamh, ar ndóigh, atá ag Sinn Féin agus ag páirtithe eile ar an eite chlé, ach maíonn Eamon Ryan is an eite dheis den Chomhaontas Glas gurb amhlaidh go bhfuil siad i gcoinne gníomhú ar son na haeráide dá bharr.

Ach aithníonn an eite chlé – agus eite chlé an Chomhaontais Ghlais féin – go bhfuil gá le hathruithe ar son na haeráide ach gur gá gur athruithe cóir a bheadh iontu, sé sin, athrú a chuirfeadh costas an athraithe ar chomhlachtaí is ar lucht an tsaibhris in ionad an costas a chur ar na daoine is boichte sa tsochaí.

Deir Ossian Smyth, aire stáit de chuid an Chomhaontas Ghlais, go bhféachfaidh an rialtas chuige go mbeidh cúiteamh ar fáil ionas nach mbeidh an t-ualach ar na daoine sin nach féidir leo é a iompar.

Ach i bhfianaise sheasamh an rialtais i leith míoca i dtithe i dTír Chonaill agus i Maigh Eo is beag duine a chreideann gur féidir aon iontaoibh a chur sa gcaint sin.

Fág freagra ar 'Athruithe ag teastáil de bharr géarchéim na haeráide ach cé a íocfaidh an bille?'