Athrú poirt ag teastáil ó CLG

Ón gceol seanfhaiseanta a chloistear ag cluichí go dtí caighdeán íseal an ‘an chláir oifigiúil’ tá géarghá le margaíocht cheart a dhéanamh ar ár gcluichí

Half time entertainment 21/11/2004
Siamsaíocht ag leath-am i gcluiche mór iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh. ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Is gearr uainn an athbhliain agus táimid go léir ag súil le tosach úr sara i bhfad ar na páirceanna iomána.

Le tamall anois tá an CLG ag tairiscint ticéid séasúir do na cluichí sraithe go léir, an chéad chluiche craoibhe agus na craobhanna club ar Lá Fhéile Pádraig, ar 95 euro. Is an-tairiscint é seo.

Ach caithfidh siad níos mó a dhéanamh chun daoine a mhealladh isteach chuig cluichí, go háirithe na cinn sraithe.

Caithfear níos mó fógraíochta agus maragaíochta a dhéanamh. Tá mórán roghanna ag daoine sa lá atá inniu ann agus an t-uafás sacair agus rugbaí ar siúl ar an teilifís.

Caithfidh clubanna agus contaetha i bhfad níos mó a dhéanamh chun cur leis an lucht leanúna agus líon na n-imreoirí atá acu.

Le cúpla bliain sna cluichí faoi fiche a haon san iomáint, rinne na hurraitheoirí – Bord Gáis – iarracht atmaisféar taitneamhach a chruthú ag leath ama le comórtas dar teideal “buail an trasnán”.

Sa chomórtas seo bhí ar iomathoiri an trasnán a bhualadh le sliotar ó fiche méadar amach. Chuir an píosa spraoi seo go mór leis an lá.

Ach tríd is tríd, níl a dhóthain á déanamh chun siamsaíocht a sholáthar roimh chluichí agus ag leath ama.

É sin ráite, is iontach an rud é go mbíonn cluichí do pháistí bunscoile ag leath ama ag cuid de na cluichí.

Rud eile a chuireann olc orm ná an caighdeán ceoil a sheinntear ag na cluichí. Tá an caighdeán go hainnis ag formhór na bpáirceanna imirthe. Caithfidh mé a admháil, áfach, go ndéanann lucht Pháirc an Chrócaigh a ndícheall ceol nua-aimseartha bríomhar a chur ar siúl.

I bhformhór na staideanna eile, is cosúil go bhfuil téip ( ‘cad é sin?’ a deir tú ) nó seancheirnín amháin ón seansaol acu agus go seinntear é seo roimh gach cluiche.

Tá sé in am anois ag an oifigeach cultúir nó siamsaíochta slám nua ceoil a fháil, ceol a d’oirfeadh do na daoine óga a thagann go dtí na cluichí.

Ta na céadta grúpa ceoil de gach seánra sa tír agus mórán díobh ar ardchaighdéan. Nach mbeadh sé go hiontach dóibh a ndlúthdhioscaí a bheith á seinm ag na cluichí Gaelacha ar fud na tíre?  Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine mar a deir an seanfhocal.

Ó tharla mé ag tabhairt amach, tá sé chomh maith dom leanúint orm. D’fhéadfadh cuid mhaith contaetha i bhfad níos mó a dhéanamh chun caighdéan na gclár a bhíonn á dhíol acu ag na cluichí a ardú. Arís tá Páirc an Chrócaigh ag taispeáint na slí. Faraor níl mórán contaetha á leanúint.

Go minic bíonn lucht na gclár seo ag gearán faoi na bainisteoirí nach n-ainmníonn na foirne go dtí déanach ar an Aoine, á rá go bhfuil sé sin ródhéanach don chlár agus an ceart acu.

B’fhéidr go bhfuil sé in am riail a cheapadh a chuirfeadh iachall ar bhainisteoirí a bhfoireann a ainmniú ar an Déardaoin.

Bhuel sin mo chuid ráite don tseachtain seo. Bíodh Nollaig shláintiúil, dheas, chiúin agaibh go léir.

 

Fág freagra ar 'Athrú poirt ag teastáil ó CLG'