Athneartú na Gaeilge – ‘Ceart is ea ceart, ní ceist ‘mionlach agus móramh’ í…’

Bhí saineolaithe ar theangacha mionlaithe fud fad na hEorpa a labhair ag comhdháil a bhí ar siúl i mBéal Feirste an tseachtain seo caite ar aon intinn - cearta daonna iad cearta teanga

Athneartú na Gaeilge – ‘Ceart is ea ceart, ní ceist ‘mionlach agus móramh’ í…’

Clé go deas: Tore Cubeddu (Féile Scannán Babel), Marc Guevara (Plataforma per la Llengua), Paul Bilbao-Sarria (Kontseilua), Davyth Hicks (ELEN), Nodlaig Ní Bhrollaigh (Síoda Consulting), Gráinne Ní Ghilín (cathaoirleach na comhdhála), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Conradh na Gaeilge). Pictiúr:Belfast Media Group

Tá saineolaithe ar theangacha mionlaithe fud fad na hEorpa ar aon intinn le feachtasóirí ar son acht Gaeilge ó thuaidh gur cearta daonna iad cearta teanga. Ba léir an méid sin ag an gcomhdháil idirnáisiúnta, ‘Gnéithe d’Athbheochan Teanga: Ceachtanna Áitiúla agus Idirnáisiúnta’,  a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le Féile an Phobail i mBéal Feirste an tseachtain seo caite.

Bailíodh le chéile cainteoirí as áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa ina bhfuil reachtaíocht teanga i bhfeidhm go rathúil (más easnamhach féin í mar reachtaíocht i gcásanna áirithe). Cuireadh taithí na gcuairteoirí ina réigiúin féin i gcomparáid le cúrsaí i dtuaisceart na hÉireann.

Tháinig na saineolaithe as Tír na mBascach, as an Chatalóin, as an tSairdín agus as an Bhruiséil. Bhí Nodlaig Ní Bhrollaigh, abhcóide agus duine de bhunaitheoirí Ghaelcholáiste Dhoire, ar an phainéal chomh maith.

Athneartú agus normalú teangacha mionlaithe mórthéama an lae. Cíoradh an tionchar a bhíonn ag reachtaíocht teanga i réimsí éagsúla: saol an phobail, an t-oideachas, na meáin agus na healaíona. Léirigh an Dr Davyth Hicks ón eagras ELEN, an Líonra Eorpach um Chomhionannas Teanga, gur dea-thionchar atá ag dlíthe teanga ar fud na hEorpa.

Dúirt Paul Bilbao-Sarria ón eagras Kontseilua, comhairle 30 eagras a bhíonn ag cur na Bascaise chun cinn i measc an phobail i dTír na mBascach, nár chóir go mbeadh aon cheist in intinn an stáit maidir le fíorú cearta teanga na saoránach.

“Ceart is ea ceart. Ní ceist ‘mionlach agus móramh’ atá ann,” ar sé agus é ag dul i ngleic leis an argóint go bhfuil sé róchostasach dlíthe teanga a chur i bhfeidhm. “Infheistiú airgid” seachas “caitheamh airgid” atá i gceist.

Mhol sé don lucht éisteachta smaoineamh faoin fhriotal a bhíonn in úsáid againn, óir imríonn sé tionchar ar an dearcadh a bhíonn againn, mar shaoránaigh, maidir lena bhfuilimid toilteanach a éileamh ón stát. Is léir go bhfuair sé éisteacht mhaith nó faoi dheireadh an lae bhí daoine ag caint ar “athneartú” seachas ar “athbheochan”.

Is é Marc Guevara an tOifigeach Oideachais le Plataforma per la Llengua sa Chatalóin agus ina chuid cainte dhírigh sé ar an tumoideachas. Díreach cosúil le cás mhuintir Bhóthar Seoighe, is grúpa teaghlach a bhí ag iarraidh oideachas a chur ar a bpáistí ina dteanga féin a bhunaigh an chéad scoil Chatalóinise. Thug Marc eolas ar na hachtanna éagsúla a thacaíonn leis an tumoideachas sa Chatalóin.

San Iodáil, níl ann ach an t-aon teanga oifigiúil amháin. Mar sin féin, thug rialtas réigiúnach na Sairdíne reachtaíocht isteach a thacaíonn le cur chun cinn na Sairdínise ar an teilifís, i scannáin agus ar an idirlíon. Mhínigh Tore Cubeddu, duine de bhunaitheoirí Fhéile Scannán Babel, go bhfuil sé fíorthábhachtach scannáin ar ardchaighdeán a léiriú, mar cuireann siad le seasamh na Sairdínise sa phobal. Is maith leis, mar athair, go bhfuil cartúin do pháistí anois ann ar líne. Tá sé tábhachtach go gcluinfidís an teanga thart orthu taobh amuigh den bhaile. Ní leor, áfach, an t-aon uair an chloig sa tseachtain a chuireann craoltóir náisiúnta na hIodáile, RAI, ar fáil do chláir sa tSairdínis ar an raidió, a dúirt sé.

I ndiaidh dúinn léargas a fháil ar an mhéid atá ar siúl in áiteanna eile, labhair Nodlaig Ní Bhrollaigh faoi na deacrachtaí a bhí ag lucht bunaithe Ghaelcholáiste Dhoire in ainneoin go raibh bunú na scoile ceadaithe ag an Roinn Oideachais. Rinne Peter Weir (DUP), an tAire Oideachais ag an am, iarracht cosc a chur le hoscailt na scoile agus murach idirghabháil ag an leibhéal is airde polaitíochta ag an bhomaite dheireanach, bheadh lucht bainistíochta na scoile ag dul i muinín na hardchúirte.

Chuir Nodlaig i gcuimhne dúinn gur le hairgead poiblí a íoctar as cásanna i gcoinne an stáit, agus nach gcuirtear cinntí na mbreithiúna i bhfeidhm i gcónaí, fiú má dhéantar rialú in aghaidh an stáit. Chomhairligh sí go láidir dúinn mar phobal a chinntiú go gcuirimid ár dtuairimí in iúl, tríd na próisis chomhairliúcháin phoiblí, agus polasaithe á ndréachtú. Is fusa i bhfad athruithe praiticiúla a chur i bhfeidhm ag an phointe sin seachas tríd na cúirteanna.

Beidh na heagrais atá i líonra ELEN ar ais in Éirinn i mí na Samhna agus beidh cruinniú acu i gCill Airne aimsir an Oireachtais. Is cinnte gur thug siad ardú meanman agus ábhar machnaimh don lucht éisteachta. Ar an láimh eile, dúirt siad gur eiseamláir é pobal na Gaeilge a thugann spreagadh do phobail eile ar fud na hEorpa. Tá athneartú ar ár dteanga mhionlaithe ar bun sa 21ú haois i gcomhthéacs uirbeach go háirithe, agus dar leo, ní beag an rud é sin.

– Is ball den Dream Dearg í údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Athneartú na Gaeilge – ‘Ceart is ea ceart, ní ceist ‘mionlach agus móramh’ í…’'