Tá neart cloiste againn le cúpla seachtain anuas faoi dhea-rúin na hathbhliana agus seans maith go bhfuil cuid de na rúin briste againn féin cheana féin. Chuala mé tamall ó shin faoi phlean nó scéim maidir le hathchúrsáil éadaigh atá an-tráthúil le moladh do léitheoirí Tuairisc.ie ag tús na bliana seo nuair atá dea-rúin san aer.
Beirt bhan as Baile Átha Cliath, Clodagh agus Janet, a thosaigh an córas seacht mbliana ó shin go príobháideach i measc a gcairde féin. Bhailigh siad thart ar chúig dhuine le chéile le baill éadaigh nach raibh á n-úsáid acu go rialta acu a mhalartú le chéile.
Tá an scéim ar a dtugtar Swapsies curtha ar bonn níos foirmeálta agus níos poiblí ag Clodagh anois ó tharla a cara a bheith imithe ar imirce go Meiriceá agus bhí an ócáid ba dheireanaí acu faoi Shamhain seo caite. Go bunúsach is fiontraíocht shóisialta atá i gceist a bhfuil sé mar aidhm aici an tionchar diúltach a bhíonn ag táirgeadh éadaigh ar chúrsaí comhshaoil a laghdú agus ag an am céanna airgead a spáráil.
Meastar nach n-úsáideann an chuid is mó againn ar bhonn rialta ach 20% den éadach atá ceannaithe againn agus níl aon duine againn nach bhfuil éadach go leor sa vardrús againn nach gcaithfidh muid go deo nó go fíor-annamh.
Agus is cosúil nach taobh le duine amháin atá sé baill éadaigh a bheith sa vardrús agus lipéid an tsiopa fós orthu mar nár caitheadh riamh iad – daoine ar tháinig athrú intinne orthu faoin rogha a bhí déanta acu nó faoin margadh a mheas siad a bhí faighte acu.
Tá taighde déanta ar an gcás i Meiriceá agus is cosúil go gcaitheann gach Meiriceánach uathu, ar an meán, 36 kg d’éadach gach bliain.
Ach seachas a bheith ag cur tuilleadh brú ar láithreáin dumpála tá an córas atá bunaithe ar Swapsies tiomanta don athchúrsáil.
Agus tá an scéim an-simplí ar fad agus níl ach liosta beag rialacha ag baint léi.
Ceadaítear don duine a bhíonn ag freastal ar an ócáid idir trí cinn agus cúig cinn de bhaill éadaigh a thabhairt leo le malartú. Caithfidh caoi mhaith a bheith ar na héadaí céanna agus ní cheadaítear aon rud atá stróicthe, caite ná salach a thabhairt leat. An tslat tomhais a bhíonn i gceist faoin gcaighdeán ná gur baill éadaigh iad a bheifeá sásta a thabhairt ar iasacht do chara leat.
Glactar le gúnaí, sciortaí, treabhsair, jíons, cótaí, bróga, barréidí, málaí agus mar sin de ach ní cheadaítear fo-éadaí, seodra, cultacha snámha agus a leithéidí sin.
Roinntear an bailiúchán éadaigh ón slua ar fad ina rannóga, cótaí, gúnaí, jíons, agus mar sin de agus tugtar cead do gach duine siúl thart ag breathnú ar a bhfuil ar tairiscint. Nuair a thugtar an comhartha do thús an mhargaidh bíonn cead ag gach duine a rogha féin a phiocadh ansin agus is leo iad le coinneáil más mian leo.
Ach bíonn spás ann leis an éadach nua a thriail ort agus mura dtaitníonn sé leat ina dhiaidh sin is féidir leat é a mhalartú le duine eile sa chomhluadar a bhfuil suim acu ann agus atá sásta malartú leat.
Gearrtar táille bheag ar eagrú na hócáide, €5 de ghnáth, ach bíonn gloine fíona nó sólaistí le fáil ar an táille sin freisin.
I ndeireadh na hócáide ba cheart go mbeadh baill éadaigh nach raibh á n-úsáid agat tugtha uait agat agus go mbeadh éadaí faighte agat saor in aisce mar mhalairt orthu. Bheadh tú tar éis leas beag a dhéanamh don phóca agus do chúrsaí comhshaoil freisin.
Nár dheas agus nár thráthúil an smaoineamh a bheadh ann i dtús na bliana nua seo ócáid Ghaelach nó Ghaeltachta den chineál seo a bheith againn?
Fág freagra ar 'Athchúrsáil éadaí ina buntáiste don phóca agus do chúrsaí comhshaoil'