Áthas Maggie Rogers, ábhar éisteachta ó The BelTel agus a dtarlaíodh nuair a chasadh Dagda an chláirseach

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Áthas Maggie Rogers, ábhar éisteachta ó The BelTel agus a dtarlaíodh nuair a chasadh Dagda an chláirseach

CEOL

Géillimis don áthas

Maggie Rogers – Surrender

Más léitheoir de chuid mo nuachtlitreach thú, tuigfidh tú go bhfuilim an-tógtha go deo leis an amhránaí agus scoláire Maggie Rogers. Le cúpla bliain anuas, tá tráchtas scríofa aici mar gheall ar ról an cheoil sa gcultúr domhanda ina maireann muid, mar a chaitear leis mar a bheadh rud spioradálta ann, agus mar a thagann muid le chéile leis an gceol a cheiliúradh ag féilte agus ag ceolchoirmeacha, mar a dhéantaí oilithreacht chuig searmanas.

Tagann na téamaí seo chun cinn ar a halbam nua Surrender chomh maith le cúrsaí polaitíochta, timpeallachta, cultúrtha agus sóisialta, agus an imní chomhroinnte a ghabhann leis na réimsí seo sa lá atá inniu ann. Príomh-mhothúchán an albaim, áfach, ná an t-áthas – “joy with teeth” mar a thugann sí féin air. “Right now, the joy on the record feels like the greatest form of rebellion” a dúirt Rogers leis an New York Times. Eisíodh an t-albam inniu (29 Iúil) – géillimis don áthas.

Emma Ní Chearúil

TEILIFÍS

Turas siar bóithrín na smaointe

The Newsreader (Seinnteoir RTÉ)

Bíonn RTÉ ag sluaisteáil saothair éagsúla suas isteach sa seinnteoir seo acusan ar bhonn rialta. D’fhéadfadh ábhar imeacht i ngan fhios duit ar uairibh. Thuill an tsraith The Newsreader moladh forleathan ar an bhfód dúchais anuraidh agus tá na sé chlár ar fáil anois ar an seinnteoir. Ar chloisint an teidil duit b’fhéidir go dtiocfadh saothar idéalach Aaron Sorkin The Newsroom (2012-2014) chugat nó b’fhéidir go mbeadh sraith Jennifer Aniston, The Morning Show ag ráthaíocht id intinn. Ainmhí eile ar fad é an saothar seo óir go dtugann sé siar go 1986 sinn agus ní chuireann sé aon fhiacail sa léiriú a dhéantar ar fhuath ban agus ar ghnéasachas na tréimhse.

Tá an léitheoir nuachta cumasach Helen Norville (Anna Torv) ag iarraidh tabhairt faoi scéalta nuachta tathagacha ach tugann a bas an chluas bhodhar di mar aon le híde béil. Sa chéad ghála címid í ag éirí as agus ag tógaint ródháileoige. Is ansan a chuirtear ag obair í leis an iriseoir óg Dale (Sam Reid). Le cois na tráchtaireachta sóisialta agus an léiriú ar obair an tseomra nuachta déantar eachtraí nuachta na tréimhse, tubaiste Challenger, a chniotáil isteach sa tsraith. Turas siar bóithrín na smaointe a bhaineann macallaí as saol an lae inniu ag an am céanna.

Breandán M Mac Gearailt

Suigh siar go sócúlach d’fhéasta teilifíse

‘Julia’  (NowTV)

Anois agus Love Island ag teacht chun deiridh, agus mo chuid oícheanta saor le tabhairt faoi chláracha eile, tá sraith úr tagtha chuig NowTV a bheas mar chomhluadar compordach agam agus mé ag iarraidh an bhearna sin a líonadh i mo shaol.

Insíonn Julia scéal an chócaire chlúitigh Julia Child, pearsa teilifíse a thug bia na Fraince chuig an scáileán don saol mór sna 1960idí lena clár The French Chef, a d’eascair as a leabhar Mastering the Art of French Cooking.

Sa phríomhról tá Sarah Lancashire, a raibh an phríomhpháirt aici sa chlár Happy Valley. Tugann sí an bheocht agus an bhrí chéanna chuig an ról agus a bhí ag Julia Child ar an teilifís, agus is féidir suí siar go sócúlach agus scéal a saoil a leanstan, ón bhia blasta go dtína caidreamh lena fear céile, agus mian a croí a lorg a fhágáil ar an domhan.

Tá an tsraith Julia ar fáil anois ar NowTV.

Póilín Nic Géidigh

PODCHRAOLADH

Ábhar éisteachta spéisiúil ón BelTel

The BelTel

Sean-nuachtán de chuid Bhéal Feirste é an Belfast Telegraph nó an Tele mar a thugann muintir na cathrach air. Oiread chéanna le nuachtáin eile, tá an nuachtán i mbun oibre le hábhar eile – diomaite de dhúch seanfhaiseanta – a chur ar fáil don léitheoir sa ré dhigiteach seo.

Chuige sin, tá podchraoladh acu – The BelTel – agus oiread chéanna le gach aon phodchraoladh eile ábhar ann a mbeadh dúil ag muintir Bhéal Feirste agus an Tuaiscirt ann. Is é an t-eagrán is déanaí agus seo á scríobh ‘From Vanguard to Nobel Peace Prize – the life of David Trimble’. Ciarán Dunbar, iriseoir sinsearach leis an Tele agus iar-eagarthóir Gaelscéal, atá ina chathaoirelach don chaint sin. Tá an tráchtaire polaitiúil Alex Kane, Sam McBride, iriseoir eile leis an Tele, agus an t-ealaíontóir Colin Davidson ina chuideachta le saol corrach casta Trimble a phlé.

B’fhiú fosta dul siar sa chartlann nó tá clár ann ar Mary Lou McDonald, ‘From Trinity College to leader of Sinn Féin’ leis na hiriseoirí Siobhán Maguire agus Fionnán Sheahan agus ábhar eile a thugann léargas ar chúrsaí polaitíochta an réigiúin.

Pól Ó Muirí

LEABHAIR

Nuair a chasadh Dagda ceol ar an gcláirseach

The Turning of the Year: Lore and Legends of the Irish Seasons

Tosaíonn an bhliain in Éirinn leis an gceol, a deir Eithne Massey ag tús a leabhair The Turning of the Year: Lore and Legends of the Irish Seasons (The O’Brien Press, 2021). Tagraíonn sí do chláirseach Dagda, dia mór na gCeilteach, ní hamháin gur uirlis cheoil a bhí inti de réir an tseanchais, ach neach beo.

Nuair a chasadh Dagda ceol ar an gcláirseach thagadh an bhliain chun cinn ón gceol agus bhí cruth an fhoinn cheoil ar an mbliain dá bharr. Chuir mé an-suim san aird a tharraingíonn sí sa leabhar ar chúrsaí ama mar chiorcal leanúnach seachas mar líne dhíreach.

Tá gach cineál scéil tarraingthe le chéile ag Massey sa leabhar agus roinnt athinsintí déanta aici féin ar scéalta béaloidis.

Tosaíonn sí le Samhain (tús na bliana) Imbolg (Earrach), Bealtaine (Samhradh) agus críochnaíonn sé le Lughnasa (Fómhar). Idir na rannóga tá míreanna maidir le portaigh, coillte, agus móinéir.

Rinne sí go leor taighde don leabhar sa gCnuasach Béaloidis Náisiúnta. Chuir roinnt de na scéalta sraith altanna Mháire Ní Fhinneadha ‘Ó DHÚCHAS’ i gcuimhne dom.

An chontúirt don té a bheadh ag déanamh taighde do leabhar mar seo ná go mbeadh cathú orthu gach rud a bhaineann leis an ábhar a shá isteach ann.

Ghéill Massey don chathú sin anonn is anall sa leabhar, agus tá roinnt de na leathanaigh ar nós liosta fada fíricí.

Ina dhiaidh sin féin, is leabhar taitneamhach, éadrom atá ann a bhféadfá a bheith ag póirseáil thart go sásta ann. Tarraingíonn sé pictiúr spéisiúil de leagan amach na bliana san am a caitheadh agus na scéalta agus nósanna a bhí ceangailte leis.

Bridget Bhreathnach

Fág freagra ar 'Áthas Maggie Rogers, ábhar éisteachta ó The BelTel agus a dtarlaíodh nuair a chasadh Dagda an chláirseach'