ASNC: Fostaí de chuid Chonradh na Gaeilge curtha ar fionraí toisc nach raibh sé ‘ar bís’

De réir Chód Cleachtais an Chonartha don láthair oibre, ní foláir do gach oibrí a bheith ‘sceitimíneach, nó ar a laghad ar bís’ gach lá faoi gach gné d’obair na heagraíochta

ASNC: Fostaí de chuid Chonradh na Gaeilge curtha ar fionraí toisc nach raibh sé ‘ar bís’

Tuigtear do Ar Son na Cúise agus Ar Son na Cúise amháin go bhfuil oibrí de chuid Chonradh na Gaeilge curtha ar fionraí toisc nach raibh sé “sceitimíneach go leor” faoin togra is déanaí ag an eagraíocht, togra a bhfuil baint aige le Snapchat nó Instagram nó ceann éigin acu sin.

De réir Chód Cleachtais an Chonartha don láthair oibre, ní foláir do gach oibrí a bheith “sceitimíneach, nó ar a laghad ar bís” gach lá faoi gach gné d’obair na heagraíochta.

Deirtear sa chód freisin gur cheart d’oibrithe a léiriú go dtuigeann siad gur “cúis áthais” gach soicind a chaitheann siad ag obair don Chonradh “ag ceiliúradh na Gaeilge”.

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur sháraigh an té atá curtha ar fionraí an cód sin an tseachtain seo caite nuair a rinne sé neamhspéis de “eochairthionscadal” tábhachtach éigin eile de chuid na heagraíochta.

Tuairiscítear gur ghabh an té atá curtha ar fionraí leithscéal as gan a bheith “sceitimíneach, nó ar a laghad ar bís” faoin bhfeachtas nua.

Thug an fostaí, a bhfuil cáil na sceitimíní de ghnáth air, le fios gur cailleadh a chat an oíche roimhe sin agus nach raibh sé tagtha chuige féin fós.

Níor ghlac an Bainisteoir Ardú Sceitimíní Áthais ó thuaidh ná ó dheas leis an míniú sin ar an scéal, áfach, agus cuireadh an fostaí ar fionraí “nó go mbeadh ar a chumas a chruthú go bhfuil sé sceitimíneach, nó a laghad ar bís, a dhóthain chun ceiliúradh dearfach nua-aoiseach a dhéanamh arís ar an nGaeilge”.

Idir an dá linn, tuigtear go bhfuil fainic curtha ag an Impire Julian XII féin, ar oibrí eile faoina bheith gortach lena chuid bíse. Ag cruinniú pleanála faisin na gcóisirí le táilliúirí chomhlachtaí Magee agus Copeland le déanaí, léirigh an fostaí áirithe seo beagáinín doichill roimh na dicí bós agus na gúnaí bráid scaoilte.

Tharraing cathaoirleach Choiste Faisean na Caoithiúlachta a aird ar an sliocht as an mBíobla, Matha 22, 1-2 & 11-14:

‘Chuir Íosa chun labhartha i bparabail leo arís: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac.
Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air. Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as. Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.’

I ndiaidh don chathaoirleach an sliocht sin den Bhíobla a chur de, chuir sé fionraíocht seacht n-oíche i gClub an Chonradh ar fhear diúltaithe na ndicí bós. Dhiúltaigh fear diúltaithe na ndicí bós ráiteas a thabhairt do Ar Son na Cúise aréir agus é ag diúl a phionta agus ag breathnú ar na ballaí stairiúla taise, uachais ónar éalaigh sé le freastal ar chruinniú choiste na sceitimíní síoraí.

Fág freagra ar 'ASNC: Fostaí de chuid Chonradh na Gaeilge curtha ar fionraí toisc nach raibh sé ‘ar bís’'

  • Caitlín

    Ní fíor an scéal seo, níl sibh ach ag magadh fúinn??

  • Niall Gòrdan

    Hmmmm… is dóigh liom go bhfuil macalla ruda eile i gceist anseo! An bhfuil cuimhne ag daoine ar a leithéid seo a bheith ar an nuachtán Foinse b’fhéidir? Hmmmmmmmmm….