ASNC: Cúig sheift le go mbeidh 250,000 cainteoir Gaeilge ann in 2030…

Deir an tAire Gaeltachta Seán Kyne gur sprioc ‘réadúil’ í go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa tír in 2030. Seo cúig sheift ag Ar Son na Cúise a chinnteoidh go raibh an ceart aige…

ASNC: Cúig sheift le go mbeidh 250,000 cainteoir Gaeilge ann in 2030…

Is í sprioc na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ná go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa tír faoin mbliain 2030. Deir an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne gur sprioc ‘réadúil’ í. Seo cúig sheift don Aire Kyne a chinnteoidh go gcruthófar go raibh an ceart aige agus gurbh iad na saineolaithe a bhí ag seafóid…

Cré na Cille

1. Leas a bhaint as cur chuige Mháirtín Uí Chadhain agus na mairbh a chomhaireamh freisin

calculator-1710980_1920

2. Dul sa seans nach dtabharfaidh aon duine faoi deara é nó gur chuma le haon duine faoin tráth sin, agus líon na gcainteoirí laethúla a bheidh ann a mhéadú faoi thrí i bpreasráiteas na Roinne ag deireadh 2030

3. An sainmhíniú ar chainteoir laethúil a leasú le gach duine a ghlac páirt riamh i ngimic de chuid Chonradh na Gaeilge a áireamh chomh maith le gach duine a mhaígh riamh go bhféachann siad ar na ‘documentaries’ ar TG4

Tipp-Ex

4. A mhaíomh gur botún a bhí sa Straitéis agus gur 2,030 cainteoir laethúil breise faoin mbliain 2050 a bhí i gceist

human-cloning-1900x700_c

5. An cúpla pingin fánach a chaitear ar an Straitéis a chur i dtreo taighde faoin gclónáil idir seo agus 2030

Fág freagra ar 'ASNC: Cúig sheift le go mbeidh 250,000 cainteoir Gaeilge ann in 2030…'