ASNC: Aisteoir ó Ros na Rún pósta

Deir eagarthóir Ar Son na Cúise, Jimmy Gogola, nach raibh sé chomh sásta le fada an lá is a bhí sé nuair a chuala sé an scéal faoi Stephen Fry

Stephen-stephen-colage

Níor éirigh le Ar Son na Cúise ráiteas a mhealladh fós ó Stephen Fry faoin scéal gurb é an t-aon duine riamh a ghlac páirt i Ros na Rún a raibh suim ag an bpobal ann agus an méid a bhíonn ar siúl aige.

‘Was that the programme with the barkeep who had those terrifying eyes, and the bounder in the hat who kept muttering strange profanities at me?” a dúirt Mac an Phrír le Ar Son na Cúise aréir.

Idir an dá linn, dúirt eagarthóir oinigh Ar Son na Cúise, Jimmy Gogola, nach raibh sé chomh sásta le fada an lá is a bhí sé nuair a chuala sé an smaoineamh don scéal seo.

“An nasc is tanaí agus is caoile idir saol na Gaeilge agus scéal mór idirnáisiúnta dá bhfaca mé ón uair a foilsíodh an ceann faoin mbean as Carna a raibh aithne ag a dochtúir ar fhear a chaith tamall ag obair in éindí le col seisear Gobharnóir Stáit éigin i Meiriceá,” a dúirt Gogola.

Ba bheag nár cailleadh Gogola le háthas nuair a tháinig duine de haiceanna Phríomh-Bhréagnuachtán na Gaeilge chuige aréir leis an smaoineamh don scéal faoi aisteoir ó Ros na Rún a bheith pósta.

Tuigtear go bhfuil ardú céime faighte ag an haic ó shin agus é ag obair anois i rannóg na bhfíseán ag tarraingt pictiúirí beaga de Mháirtín Tom Sheáinín agus ag gáire gan chúis leis féin de ló is d’oíche.

“Tá an scéal seo chomh paróistiúil le rud a gheofá ar an raidió féin. Táimid an-bhródúil as,” a dúirt Gogola.