‘Arracht’ agus na scannáin eile is fearr ó 2020

Na scannáin a chuaigh i bhfeidhm ar léirmheastóir an tí seo le linn na bliana 2020

‘Arracht’ agus na scannáin eile is fearr ó 2020

Ach oiread le réimsí eile den saol bhain paindéim Covid-19 barrthuisle as earnáil na scannánaíochta. Dúnadh doirse na bpictiúrlann ar fud an domhain ar feadh tréimhsí fada agus chinn na ceártaí móra seoladh a mórshaothar a chur ar an méar fhada.

Cinneadh saothair eile a chur ar ardáin shruthaithe le cúpla pingin a thuilleamh agus goile an lucht féachana a shásamh fad is a bhíodar sáinnithe ar an gcúits. Seo chugat mar sin cúpla scannán a chuaigh i bhfeidhm ar léirmheastóir an tí seo.

Arracht

An mhí seo caite d’fhógair IFTA go raibh an scéinséir seo roghnaithe acu le dul in iomaíocht ar son na hÉireann agus na Gaeilge do ghradam Oscar i rannóg na saothar iasachta. Saothar stuifiúil, machnamhach é seo atá bunaithe ar eispéireas fear aonair i gConamara i rith an Ghorta Mhóir. Is léir go raibh an scríbhneoir/stiúrthóir Tomás Ó Súilleabháin agus a mheitheal ar a gcroí díchill ag iarraidh léiriú dílis cruinn a thabhairt ar shaol na tréimhse. I gcaitheamh an scannáin chímid na carachtair ag cur prátaí, ag cur éisc ar shalann, ag búistéireacht muice, ag tógaint claíocha agus ag iascach i húicéir. Tugann Dónall Ó Héalaí, ó Ghaeltacht Chois Fharraige, taispeántas den chéad scoth uaidh agus an scannán go minic i dtaobh le ciúnas agus seatanna teanna dá chuntanós. Tá a thaispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga agus is cinnte go bhféadfaí cás a dhéanamh gurb é seo an taispeántas scáileáin i nGaeilge is fearr riamh.

 

Parasite

Tá an saol curtha bunoscionn ó bhí cad é bús faoin saothar seo i ndeireadh na bliana anuraidh agus tosach na bliana seo. Dhein saothar na Cóiré Theas slad oíche na nOscar nuair a chroch sé leis ceithre dhuais. San áireamh sa chreach sin bhí an gradam don stiúrthóir is fearr (Bong Joon-ho) mar aon leis an duais don scannán is fearr. Ba é an chéad uair ag scannán i dteanga seachas an Béarla an duais dheireanach acu sin a thabhairt leis. Scannán ait, osréalach é seo atá lán le  greann dubh is foréigean is é ag trácht ar choimhlint aicme is bochtanas. Insítear scéal ceathrair as teaghlach bocht a fhostaíonn teaghlach gustalach eile duine ar dhuine. Cad é cúbláil is breille breaille agus gan aon tuiscint ag an dteaghlach saibhir go bhfuil an ceathrar gaolta le chéile agus i mbun camastaíola.

 

The Trial of the Chicago 7

Is annamh go gcuireann an draoi Aaron Sorkin amú sinn agus cuireann sé saothar cumasach taitneamhach os ár gcomhair anseo. Tá tréithe Sorkin le feiscint ar fud an tsaothair: an chruinneshamhail liobrálach, idéalachas, carachtair chaithiseacha dheisbhéalacha agus carúil is sáiteáin á gcaitheamh ar dalladh. I 1969 tugadh seachtar os comhair cúirte agus é curtha ina leith go gcuadar i mbun comhcheilge le círéibeacha a chur sa tsiúl ag coinbhinsiún náisiúnta na nDaonlathach in Chicago an bhliain roimhe sin. Díríonn an scannán seo ar an gcamastaíl, an fothragadh agus an seó bóthair a bhain leis an gcás cúirte sin. Eddie Redmayne, Sacha Baron Cohen agus Mary Rylance i measc na cléire.

 

Rialto

In ainneoin na paindéime bhí an lucht féachana in ann lán a gcuid súl a bhaint as raidhse saothar Éireannach, Calm with Horses, Broken Law, Artemis Fowl agus Vivarium ina measc. Mheall Rialto, saothar atá bunaithe ar dhráma Mark O’Halloran, moladh ó mhórán. Tosnaíonn an lug ag titim ar an lag ar Cholm (Tom Vaughan-Lawlor) nuair a chailltear a athair, fear a bhí gafa leis an ól. Tá Colm féin pósta agus clann fhásta aige. Agus é in umar na haimléise cuirtear gaol sa tsiúl idir é agus Jay (Tom Glynn-Carney), fear óg naoi mbliana déag d’aois.

 

I’m Thinking of Ending Things

Beidh do cheann ina roithleán ag an saothar aisteach, ealaíonta is déanaí ó Charlie Kaufman. Is ó scioból samhlaíochta Kaufman a tháinig leithéidí  Adaptation (2002) agus Being John Malkovich (1999). Deinim amach gurb é seo an saothar is uaillmhianaí agus is casta uaidh. Dírítear ar lánúin óg (Jesse Plemons agus Jessie Buckley) atá ag tabhairt turais ar a mhuintir siúd den chéad uair agus í féin ag smaoineamh deireadh a chur leis an ngaol. Ná bí ag súil go dtuigfidh tú an scannán seo ar an gcéad fhéachaint. Tá smuit den scéinséir, den drámaíocht, den uafás ann, mar aon le cuid mhaith draíochta.

 

Crock of Gold: A Few Rounds with Shane MacGowan

Clár faisnéise greannmhar truamhéalach atá anseo a thugann cuntas ar shaol eachtrúil, fiáin Shane MacGowan mar aon lena chumas diamhair ceol is amhránaíochta. Mar gur agallaí drogallach é MacGowan b’éigean don stiúrthóir Julien Temple dul i muinín ábhar cartlainne le léargais phearsanta MacGowan a fháil ar a shaol is a shaothar. Aimsíodh ábhar cartlainne nár craoladh cheana agus déantar sin a chniotáil le hábhar físe a mhuintire, míreanna athchruthaithe agus beochan shamhlaíoch fhiáin. Ní chuirtear aon duine faoi agallamh don chlár seachas athair Shane, Maurice agus a dheirfiúr Siobhán. I míreanna eile déanann cairde Shane, Bobby Gillespie, Johnny Depp (a dhein an saothar a mhaoiniú) agus Gerry Adams iarracht caint a shniogadh as.

 

Mank

Ceann de phríomhthéamaí an tsaothair seo ná an éachtaint a thugtar ar an bpróiseas cruthaitheachta agus Herman J ‘Mank’ Mankiewicz (Gary Oldman), ag dul i mbun pinn ar script Citizen Kane. Tugtar éachtaint chomh maith ar cad as a d’eascair coincheap an scannáin mar aon le léargas taitneamhach a thabhairt ar ré órga na stiúideonna agus Hollywood féin. Is léir go bhfuil Fincher ag baint súp as an tréimhse seo a léiriú agus úsáid á baint aige as scannánú dubh agus bán, ceol comhaimseartha, an scríbhneoireacht ar scáileán, na carúil shnoite agus na cultacha sainiúla. Cé gur dóigh liom go bhfuil Oldman róchríonna le tabhairt faoin ról seo cuirtear carachtar báúil, traigéideach os ár gcomhair. Fear santach ar shlí, ach fear flaithiúil cabhrach ar shlí eile. É liobrálach ach neadaithe i rachmas Hollywood.

Fág freagra ar '‘Arracht’ agus na scannáin eile is fearr ó 2020'