Ardú i mbuiséad Pharlaimint na hEorpa chun an Ghaeilge a chur chun cinn

D’fháiltigh an Feisire Eorpach Liada Ní Riada (SF) roimh chinneadh an Bureau an maoiniú a chur ar leataobh

EU Brussells

Cuirfidh an Bureau na Parlaiminte Eorpaí 0.2% de bhuiséad 2017 ar leataobh ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Fógraíodh an t-ardú sa bhuiséad mar chuid den phlean atá á chur i bhfeidhm maidir le deireadh a chur leis an maolú na Gaeilge san AE faoi 2021.

I mí na Nollag seo caite, ghlac an Chomhairle Eorpach le plean an rialtais go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón Aontas Eorpach go dtí go rachaidh an maolú in éag in 2021. Ciallaíonn maolú na Gaeilge nach gá don Aontas Eorpach na seirbhísí céanna a chuirtear ar fáil i dteangacha eile a chur ar fáil i nGaeilge.

D’fháiltigh an Feisire Eorpach Liada Ní Riada (SF) roimh chinneadh an Bureau an maoiniú a chur ar leataobh. Chuir Ní Riada ‘stailc teanga’ suas le linn Sheachtain na Gaeilge an bhliain seo caite le haird a tharraingt ar chás na teanga san Aontas Eorpach.

“Cé gur fíor-bheagán atá i gceist leis an ardú ar an mbuiséad agus nach stopann an próiseas leis seo, cuirim an-fháilte roimh an dul chun cinn seo,” a dúirt Ní Riada.

Fág freagra ar 'Ardú i mbuiséad Pharlaimint na hEorpa chun an Ghaeilge a chur chun cinn'