Ardú croí agus briseadh croí araon ag baint le ‘Mudbound’

Ná bíodh iontas ort má bhíonn saothar nua Dee Rees go mór san iomaíocht aimsir na nduaiseanna, a deir ár léirmheastóir

Ardú croí agus briseadh croí araon ag baint le ‘Mudbound’

Mudbound
Stiúrthóir: Dee Rees
Cliar: Carey Mulligan, Jason Mitchell, Garrett Hedlund, Mary J. Blige, Rob Morgan, Jason Clarke, Jonathan Banks,

‘Bhínn ag taibhreamh i ndonn,’ a deir Laura (Mulligan) linn ag tosach an tsaothair thathagaigh seo linn. Í á bá agus ag suncáil, go meafarach agus i ndáiríre, i bpluda, ainnise agus fliuchán ghoirt thorthúla Mississippi. Í pósta le fear nach bhfuil sí i ngrá leis agus sáinnithe ag slí bheatha agus áit a bhfuil an ghráin aici orthu. Deirimse srathair na hainnise leat.

Sa chéad mhír sin címid cónra á cur sa talamh agus is i bhfoirm iardhearcaí a thugtar cuntas ar an mbóthar a thug chomh fada leis seo sinn. Seisear de na príomhcharachtair ag déanamh na tráchtaireachta; agus  léargas againn ar a ndearcaí agus a mianta, dá réir. Soláthraíonn an seisear ceann feadhna carachtair inchreidte, théagartha dúinn.

Tá an táirge seo bunaithe ar úrscéal le Hillary Jordan a foilsíodh in 2008. Buailimid le Laura agus í ag cur fúithi i Memphis díreach sara dtéann Meiriceá sáite sa Dara Cogadh Domhanda. Is ann a phósann sí Henry McAllan (Clarke); í buíoch go bhfuil fear aici agus í ar nós cuma liom faoi nach bhfuil sí i ngrá leis. Léimtear ón tine chun na gríosaí nuair a chinneann Henry, ar innealtóir cáilithe é, droim láimhe a thabhairt lena shaol sócúil meánaicmeach agus feirm a cheannach i gceartlár dhúthaigh Jim Crow.

Téama amháin a bhaineann leis an saothar seo ná grá don talamh agus don bhfeirmeoireacht. Feicimid muintir McAllan agus muintir Jackson, teaghlach den chine dubh, ag strácáil leo agus iad iarraidh a gcrústa a thuilleamh as an dtalamh. Iad faoi bhos agus faoi thoil na haimsire agus a sláinte.

Ní nach ionadh is é an ciníochas an téama lárnach anseo. Níl an cine dubh ina sclábhaithe a thuilleadh ach tá an chos ar bolg á himirt orthu i gcónaí. Iad ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal mar thionóntaí agus scairshaothraithe talún. Dearcadh ciníoch, uasal le híseal ag an gcine bán ar fad (nach mór) orthu, fiú Harry, atá geanúil, uasal ina shlí féin.

An tríú téama atáthar a chíoradh ná an rian a fhágann an chogaíocht ar shaighdiúirí agus an saol dearóil a bhíonn ag saighdiúirí nuair a fhilleann siad ar an bhfód dúchais. Bhí duine de mhuintir Jackson agus McAllan araon sa chogadh agus eascraíonn cairdeas eatarthu dá bharr.

I radharc amháin deir Ronsel (Mitchell)

agus Jamie (Hedlund) go n-airíonn siad uathu an bráithreachas agus an laochas a bhain lena dtréimhse san Eoraip. É á chur abhaile orainn i rith an ama go raibh sé ceart go leor go mbeadh daoine gorma ag troid ar son na tíre ach nach raibh sé ceart go leor go mbeadh cearta comhionanna acu. Tugtar é sin le fios go paiteanta sa radharc sa siopa ina n-éilítear go bagrach ar Ronsel (agus é gléasta ina chulaith shaighdiúra) dul amach an doras iata.

Is saothar é seo atá teann as féin rud a chinntíonn go mbogann ar aghaidh ar a bhogstró. Is de réir a chéile, mar sin, a chuireann an ciníochas eachtraí foréigneacha sa tsiúl. Fágtar sinn le críoch a bhfuil ardú croí agus briseadh croí araon ag baint leis. 

Ná bíodh iontas ort má bhíonn an saothar seo go mór san iomaíocht aimsir na nduaiseanna. 

Fág freagra ar 'Ardú croí agus briseadh croí araon ag baint le ‘Mudbound’'