Ardán nua ar bharr aille oscailte ag Ionad an Bhlascaoid

Tabharfaidh an t-ardán agus an bealach siúil nua radharc do chuairteoirí ar na hoileáin agus ar Bhealach an Bhlascaoid

Ardán nua ar bharr aille oscailte ag Ionad an Bhlascaoid

Osclaíodh tráthnóna inné ardán féachana agus bealach siúil nua ag Ionad an Bhlascaoid in nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne.

Is é Patrick O’Donovan, Aire Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí, a d’oscail an áis nua.

Tá an suíomh féachana suite ar bharr aille ag Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin. Tabharfaidh an t-ardán radharc do chuairteoirí ar na hoileáin agus ar Bhealach an Bhlascaoid.

Tógadh an áis nua mar chuid de phlean €2.6 milliún chun cuairteoirí a mhealladh chuig an mBlascaod agus Corca Dhuibhne.

Tá athchóiriú déanta cheana féin ar sheanteach an scríbhneora iomráitigh Tomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór agus tá sé i gceist chomh maith uasghrádú iomlán a dhéanamh ar an taispeántas ag Ionad an Bhlascaoid, obair a gcuirfear tús léi mí Dheireadh Fómhair agus a bhfuil súil í a bheith críochnaithe an bhliain seo chugainn.

Patrick O’Donovan, Aire Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí, a d’oscail an áis nua.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan gur láthair thábhachtach oidhreachta náisiúnta a bhí in Ionad an Bhlascaoid agus go gcuirfidh an t-ardán agus an bealach siúil nua go mór le háiseanna an ionaid.

“Cruthaíonn sé freisin láthair do chuairteoirí go Corca Dhuibhne ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin inar féidir leo stad ar feadh tamaill chun taitneamh a bhaint as radharcanna ar na Blascaodaí agus scíth a ligint i measc áilleacht fhiáin an cheantair i gCorca Dhuibhne,” arsa an tAire Stáit.

“Neartóidh sé ról Oifig na nOibreacha Poiblí sa cheantar Gaeltachta seo agus taispeánfaidh sé oidhreacht chultúrtha na n-oileán seo do chuairteoirí ó chian agus ó chóngar.”

Is é an comhlacht Paul Arnold Architects i mBaile Átha Cliath a dhear an t-ardán nua.
Tógadh Ionad an Bhlascaoid i 1993 chun chun scéal mhuintir an Oileáin a insint. Thréig an 22 duine a bhí fágtha ar an oileán é i 1953.

Tá saorchead isteach ag Ionad an Bhlascaoid i mbliana mar chuid den tionscnamh Saorchead Isteach ag Láithreacha Oidhreachta OPW a seoladh chun spreagadh a thabhairt d’earnáil na turasóireachta atá buailte go dona ag paindéim an Covid-19.

Fág freagra ar 'Ardán nua ar bharr aille oscailte ag Ionad an Bhlascaoid'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ia léir go bhfuil an t-alt seo bunaithe ar phreas ráiteas Bhord na nOibreacha Poiblí / Fáilte Ireland, gan aon taighde nó cúlra áitiúil scrúdaithe. Níl aon áit i bparóise Dhún Chaoin nach bhfuil radharc ar na Blascaodaí, nó fiú radhrach níos fearr fós. Níl radharc ar Inis Mhic Uileáin ón ardán nua seo, oileán atá lárnach go maith i scéal na mBlascaodaí.
    Agus maidir leis an dearadh – struchtúr miotail mí-nádúrtha gobach ar imeall na faille leis an lógó mí-iomráitheach WAW nach bhfuil le feiscint ach ón aer. Agus é seo ar fad ar chostas €1m+.
    Airgead amú don duine gearr-radharcach. Nach iontach an tírín í?

  • Feardorcha

    Níl aon oidhre air ach an Bridge on the River Kwai.
    Tá sé ar barr na haille, aill atá ag titim i bhfarraige. Thógadar pé scéal é.
    Tagann turasóirí toisc an radharc a bheith fiáin nádúrtha glan. Thógadar pé scéal é.
    Chosain sé breis is milliún euro. Thógadar pé scéal é.
    Níor thuig muintir na háite cén ghá a bhí leis. Thógadar pé scéal é.
    Tá cuma sean-phíosa raice caite suas ar an bhfaill air. Thógadar pé scéal é.
    Réab Covid an tír. Thógadar pé scéal é.
    Nach ar mhuintir Dhún Chaoin atá an t-ádh!