Ardán don óige ag ‘ÁrDán Ógras’

Tá amharclann óige darb ainm ‘ÁrDán’ bunaithe sa ag an eagraíocht Ógras a bheidh lonnaithe sa Taibhdhearc i gcathair na Gaillimhe a bhfuil sé mar aidhm aici an drámaíocht a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc dhéagóirí sa cheantar

An Taibhdhearc

Tá Amharclann Óige bunaithe sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, i nGaillimh. Beidh ranganna drámaíochta do dhaoine óga idir 13 agus 17 bliain d’aois ar siúl gach Satharn faoi stiúir an aisteora mhóir le rá, Diarmuid de Faoite.

Thosaigh na ranganna Dé Sathairn seo caite agus mairfidh siad ocht seachtaine eile sa téarma seo. Beidh téarma eile ann i ndiaidh na Nollag agus beidh dráma ar stáitse na Taibhdheirce ag deireadh mhí Aibreáin 2016. Is iad na déagóirí féin a chumfaidh an dráma a chuirfear ar an stáitse le cúnamh ó áisitheoirí an chúrsa.

‘ÁrDán’ is ainm don chomhlacht amharclannaíochta don óige agus is iad Elaine Scahill, oifigeach forbartha ealaíona le hÓgras agus an t-aisteoir, puipeadóir agus áisitheoir drámaíochta, Neasa Ní Chuanaigh, a chuir tús leis an scéim.

“Tá sé tugtha faoi deara go bhfuil géarghá le cur chuige drámaíochta trí mheán na Gaeilge chun spriocanna forbartha an duine óig a chur chun cinn. Is deis iontach é seo d’aisteoirí óga a scileanna a fhorbairt i gcomhthéacs ina bhfuil an spraoi agus forbairt phearsanta agus sóisialta mar chroílár na hoibre,” a dúirt Scahill.

Bíonn Diarmuid de Faoite ag múineadh scileanna amharclainne ar an MA sa Drámateiripe in Ollscoil Mhá Nuad agus tugann sé cúrsaí agus seisiúin drámaíochta ar fud na tíre. Ba é de Faoite a stiúir an dráma ‘Maum’ sa Taibhdhearc an samhradh seo. Tá gradam IFTA, gradam Meáin Cheiltigh agus Gradam Cumarsáide an Oireachtais bainte amach aige dá rólanna i gcláracha teilifíse.

Dúirt Elaine Scahill le Tuairisc.ie go bhfuil fáilte roimh dhuine ar bith i gcathair na Gaillimhe nó sa cheantar máguaird, go háirithe roimh mhuintir na Gaeltachta, a theacht isteach chuig ÁrDán agus triail a bhaint as.

“Beidh an cúrsa bunaithe ar scileanna obair foirne agus scileanna aisteoireachta agus is iad na daoine óga a bheas ag glacadh seilbhe ar an tionscadal. Chuirfeadh daoine nach bhfuil spéis acu a bheith ar an stáitse suim sna ceardlanna freisin, daoine a mbeadh spéis acu sa scríobh scripte nó sa stiúrthóireacht,” a dúirt Scahill.

Tá costas €70 ar an gcúrsa ocht seachtaine, a thosóidh Dé Sathairn beag seo.

Fág freagra ar 'Ardán don óige ag ‘ÁrDán Ógras’'