Ard-Stiúrthóir nua RTÉ le ceistiú faoi chás na Gaeilge ag coiste Oireachtais

Tá sé i gceist ag ball den Choiste um Chuntais Phoiblí Marc Ó Cathasaigh ceist a chur ar Kevin Bakhurst faoina phleananna don Ghaeilge in RTÉ

Ard-Stiúrthóir nua RTÉ le ceistiú faoi chás na Gaeilge ag coiste Oireachtais

Cuirfear ceisteanna faoi chás na Gaeilge in RTÉ ar ardstiúrthóir nua an chraoltóra náisiúnta nuair a thiocfaidh sé os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí inniu.

Beidh Kevin Bakhurst os comhair an choiste den chéad uair inniu, mar a mbeidh sé á cheistiú ag polaiteoirí faoina phleananna athruithe a chur i bhfeidhm ar RTÉ agus muinín an phobail agus na foirne a thabhairt ar ais.

Dúirt ball den choiste, an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh, le Tuairisc go mbeadh ceist á cur aige ar Bakhurst faoina phleananna don Ghaeilge in RTÉ.

Dúirt Marc Ó Cathasaigh le Tuairisc tráthnóna inné go ndíreodh a cheist “ar mhaoiniú na Gaeilge in RTÉ go ginearálta, ar mhaoiniú na gcláracha Gaeilge agus Raidió na Gaeltachta”.

Cé go luaitear an Ghaeilge go minic mar dhlúthchuid de chúram na craoltóireachta seirbhíse poiblí, thuas seal thíos seal a bhí an soláthar sa teanga ar RTÉ le blianta.

An samhradh seo caite dúirt an Coimisiún um Thodhchaí na Meán nach ndéanann RTÉ a dhóthain i dtaobh ábhar Gaeilge a chraoladh.

Ar cheann de na moltaí a bhí i dtuarascáil an Choimisiúin, dúradh nach mór do RTÉ tosaíocht níos fearr a thabhairt don Ghaeilge, ina chláir i gcoitinne agus ar gach ardán.

In 2018 chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh RTÉ na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge faoin Acht Craolacháin. Faoin reachtaíocht sin tá sé de dhualgas ar RTÉ réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus cláir cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge.

Fuarthas amach le linn imscrúdú an choimisinéara nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ ina gcláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú.

De réir staitisticí RTÉ, 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh in 2017 agus breis is 900 uair an chloig a bhí i gceist in 2021.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite chomh maith  le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana, ach ní cosúil go bhfuil mórán dul chun cinn déanta ó shin sa phlé faoin moladh sin.

Tá an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ ina cheist mhór le fada chomh maith.

Beidh Kevin Bakhurst, a d’fhógair scor bhord feidhmiúcháin RTÉ ar a chéad lá ina phost nua Dé Luain seo caite, á cheistiú ag an gcoiste tráthnóna faoi na conspóidí go léir ina bhfuil RTÉ sáinnithe ó tháinig sé chun solais nár tuairiscíodh go poiblí íocaíochtaí €345,000 a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy.

I measc na ndaoine a bheidh i dteannta an Ardstiúrthóra ag cruinniú an lae inniu, tá Cathaoirleach RTÉ agus duine de mheitheal bhunaithe TG4, Siún Ní Raghallaigh, agus leas-ardstiúrthóir gníomhach an chraoltóra, Adrian Lynch.

Meastar go ndíreoidh na ceisteanna cuid mhór ar phleananna Kevin Bakhurst dul i ngleic le géarchéim RTÉ, ach d’fhéadfadh go mbeidh ceisteanna ann chomh maith faoin bhfianaise a thug Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly don choiste an tseachtain, fianaise a bhí ag teacht salach go minic ar ráitis atá déanta ag RTÉ.

Tá sé i gceist ag Kevin Bakhurst cuairt a thabhairt ar Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ard-Stiúrthóir nua RTÉ le ceistiú faoi chás na Gaeilge ag coiste Oireachtais'