Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine ach amháin i dTeach Laighean

Tá meon na tíre athraithe, ach is de réir an tseanmheoin atá comhrialtas á phlé

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine ach amháin i dTeach Laighean

Bhí tír ann fadó agus fadó a bhí, agus dá mbeadh sí sa riocht anois ina raibh sí an uair sin ní scéal nua a bheadh á inseacht anseo ach seanscéal.

Bhí rath ar an tír inar vótáladh san olltoghchán ar an 8 Feabhra. Pléadh go tréan an tslí inar chóir an farasbarr €11 billiún, a bhí á thuar as sin go ceann cúig bliana ag an Roinn Airgeadais, a chaitheamh. Ainneoin na díospóireachta roimh ré, ba léir láithreach ón gcomhaireamh nach raibh raibh ábhar soiléir comhrialtais sna torthaí.

Fiche lá go díreach tar éis an olltoghcháin a shroich an víreas corónach talamh na hÉireann. Ó shin i leith, tá saol na tíre athraithe ó bhonn agus na céadta imithe roimh a n-am ar shlí na fírinne. Tá díobháil as cuimse déanta dár saol eacnamaíochta agus sóisialta.

Ní foláir a rá áfach go bhfuil saol na tíre feabhsaithe ar bhealaí tábhachtacha. Tá tréithe mar atá sonraithe sa liosta seo a leanas á léiriú go leanúnach ainneoin, nó dáiríre, mar gheall ar leathadh an choróinvíris:

Aontacht

Carthanacht

Comhoibriú

Cineáltacht

Dúthracht

Faitíos

Foighne

Imní

Misneach

Muintearas

Solúbthacht

Uaisleacht

Is ábhar dóchais dúinn uilig é go bhfuil scéalta faoi ghníomhartha a léiríonn na tréithe thuas agus dea-thréithe eile dá leithéid atá le feiceáil go soiléir i ngach cearn den tír. Is ábhar suntais é freisin nach bhfuil ann ach sé seachtaine ó tháinig deireadh le ré ina mbíodh scéalta dá leithéid gann de ghnáth.

Ar ndóigh is de réir uimhreacha seachas dea-thréithe a dhéantar margadh comhrialtais, agus is de réir uimhreacha ón tseanré atá Micheál Martin agus Leo Varadkar ag iarraidh rialtas a chur le chéile.

Má chuimhnítear arís ar na dea-thréithe thuas, agus ar an gcontúirt a spreag a dteacht faoi bhláth ar fud na tíre, is féidir an difríocht idir toradh olltoghcháin a reáchtálfaí anois agus an toghchán ar an 8 Feabhra a mheá i gceart.

Ní bhaineann tábhacht pholaitiúil an athrú meoin seo go príomha leis an athrú a thiocfadh ar ionadaíocht na bpáirtithe sa Dáil tar éis toghcháin eile.

Gan dabht bheadh údar dóchais réasúnta ag Fine Gael go ndéanfadh an páirtí níos fearr dá vótálfaí anois arís tar éis don pháirtí a bheith i mbun rialtais ó thosaigh an ghéarchéim. Is tábhachtaí an tionchar a bheadh ag toghchán eile ar an bplé roimh ré agus ar an gcur chuige a bheadh i réim ina dhiaidh.

Tuigeann gach Teachta Dála go bhfuil roghanna crua ag teannadh le cibé rialtas a bheas freagrach as an mbuiséad i gcomhair 2021 a chaithfear a chur faoi bhráid na Dála roimh dheireadh na bliana. Tá a fhios ag cuid mhór acu freisin go mbeidh ciorrú le déanamh i mbliana nó go luath san athbhliain ar sciar den chaiteachas éigeandála atá i bhfeidhm faoi láthair.

Beidh socruithe cinniúnacha le déanamh freisin maidir le maolú na srianta ar shaol pearsanta agus eacnamaíochta an phobail agus, má leathann an víreas arís, iad le cur i bhfeidhm athuair.

Ainneoin an riachtanais áfach, ní léir fós go bhfuil móramh seasmhach ar fáil chun rialtas mar atá á mholadh ag Micheál Martin agus ag Leo Varadkar a bhunú nó a choinneáil ar snámh dá mbunófaí é.

Cuimhnigh arís ar na dea-thréithe a sonraíodh thuas. Tá comhthuiscint náisiúnta nach bhfacthas a leithéid riamh lenár linn ag leathadh ar fud na tíre. An gníomh a theastaíonn ar mhaithe le leas an phobail nó chun aire a thabhairt do dhaoine aosta mar shampla, déantar ar an toirt é.

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a thuigtear anois ar bhealach níos doimhne ná mar a thuig ár bhformhór riamh. Chuirfeadh bunú rialtais náisiúnta na briathra sin i bhfeidhm, ach i bprionsabal, ba chóir go mbeadh rialtas de chineál eile ábalta an gaisce a theastaíonn a dhéanamh.

Níl aon chosúlacht ann fós go bhfuil sé ar chumas na dTeachtaí Dála, a toghadh sa tseanré, rialtas nua de chineál ar bith a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar mhórchontúirt na ré nua.

Fág freagra ar 'Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine ach amháin i dTeach Laighean'