Ar lá ’le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann…

Bainimis lán na pípe de shásamh as Lá ’le Bríde, bíodh Bríd amháin nó an dá Bhríd I gceist

Ar lá ’le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann…

Gabhaim molta Bríde

Ionmhain í le hÉirinn

Ionmhain le gach tír í

Molaimis go léir í.

Lóchrann geal na Laighneach

Soilsiú feadh na tíre

Ceann ar óghaibh Éireann

Ceann na mban ar míne.

Tig an geimhreadh dian dubh

Gearradh lena géire

Ach ar lá ’le Bríghde

Gar dúinn Earrach Éireann.

Nach fada sin a’ feitheamh le ceiliúradh ceart a dhéanamh ar Bhríd, ‘Muire na nGael’?

Agus nach fada go dtugadh deis dúinn é a dhéanamh go hoifigiúil fiú má chaithfimid fanacht bliain eile fós leis.

An bhfuil leanbh in Éirinn nach bhfuil scéalta mhíorúiltí Naomh Bríde cloiste acu ag baile ná ar scoil?

Mar a ndein sí ualach cloch de phaca prátaí  an duine chraosaigh ná roinnfeadh iad leis na boicht.

Mar ar imir sí cleas eile ar dhuine santach, b’fhéidir Rí Laighean, nach raibh sásta mórán talún a thabhairt di chun a mainistir a bhunú air. ‘Leithead mo bhrait’ a bhí uaithi a dúirt sí. Leath a brat ar leithead breá de Chontae Chill Dara de réir an tseanchais.

Agus sinn óg dheinimis bábóg as giobail éadaí daite agus cipíní agus théimis amach ó thig go tig, leis an  ‘mBrídeoig’.  Gearrchailí is mó a théadh amach. Pinginí beaga nó uibhe cearc is mó a fhaighimis  mar luach saothair.

Ní mar sin i gCiarraí Láir ná Theas, táim á rá leat. Ba gheall le féile an Dreoilín acu é. Daoine fásta a théadh amach, a’ bailiú scillingí. Agus bhíodh oíche go maidin acu ag an mBiddy Ball. Bhí a leithéid á cheiliúradh acu an Domhnach beag seo i mBaile an Mhuilinn, Ciarraí Láir, agus laincisí Covid scaoilte, a deir cara liom.

Aithnítear Cros Bhríde i bhfad is i gcéin. Í ina siombail aitheantais ag an gcraoltóir náisiúnta tamall. Deintear luachair a bhailiú i scoileanna náisiúnta áirithe agus múintear an scil thraidisiúnta do leanaí beaga. Crochtar i dtithe í chun cosaint a thabhairt do mhuintir an tí agus i mbotháin is sciobóil chun cosaint a thabhairt d’ainmhithe.

FÍSEÁN: Cén chaoi le cros Bhríde Chonamara  a dhéanamh as luachair?

I gConamara, bhí Crios Bhríde acu.

‘Crios Bhríde mo chrios, Crios na gCeithre gCros, más fearr sibh anocht, go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó inniu.’

Ba mhaith í Bean Ó Riagáin as an Spidéal a thug an méid sin do Bhailiúchán na Scol i 1935.

Creidtear má chrochann duine ceirt nó ball éadaigh ar chrann an oíche roimh Lá ’le Bríde go bhfuil leigheas ann d’fhuil sróine is scornach thinn.

Is iomaí scéal seanchais agus scríbhinn atá againn ar óige agus bheannaitheacht Bhríde.

Rugadh í i gcontae Lú timpeall 450 AD cé go bhfuil foinsí i gCorca Dhuibhne a deir gur láimh le Cill Maoilchéadair a saolaíodh í. Gach éinne a’ tarrac chun a mhuilinn fhéin.

Fear uasal de réir dealraimh darbh ainm Dubthach a hathair, agus dá uaisle é mhuis’ ba le cumhal darbh ainm Broicsech a luigh sé gan scáth gan náire agus saolaíodh an leanbhín Bríde. Ní nach ionadh ní raibh a bhean chéile Brocessa róshásta leis an gcúram seo, díoladh agus díbríodh an cumhal Broicsech agus a leanbh óg Bríde le Draoi de mhuintir Néill.

Thug sé sin leis iad beirt ar thuras go Cúige Chonnacht, láimh le Loch Measca. Deir foinsí eile gur go Maigh Rua Luimnigh a cuireadh iad. Shiúladar Éire, d’fhéadfá a rá.

In am trátha, nuair a bhí sí crua láidir, cuireadh ar ais ’dtí teaghlach a hathar í, mar ar oibrigh sí mar sclábhaí mar a dhein a máthair Broicsech roimpi.

Tugadh faoi ndeara a cumas agus a cineáltacht leis na boicht. Ní róbhuíoch a bhí a hathair di as na buanna seo mar go raibh sí a’ roinnt an iomarca dá mhaoin le bochtáin.

Ach de réir dealraimh chreid Rí Laighean go raibh mianach thar na bearta inti agus dhein sórt pátrúnacht uirthi.

As san amach chaith sí a saol ar son na mbocht, de réir an tseanchais. Chuaigh a dea-cháil ó bhéal go béal agus mhair sa tseanchas go dtí an lá atá inniu ann.

Ach an fíor go mb’fhéidir gur finscéal cuid mhaith den gcuntas seo a tháinig anuas chugainn anuas ós na glúinte?

An fíor go m’fhéidir go raibh an dá Bhríde ann…Bríde, an Bandia Págánach agus Bríde, iníon an sclábhaí?

An fíor go n-imreodh ‘údaráis’ na hEaglaise a leithéid de chleas orainn agus gníomhartha draíochta míorúilteacha an Bhandé a sciobadh uaithi agus a lua le Bríde chráifeach naofa, chun cur lena cáil is a cachet?

Deineadh a leithéid i bPeiriú nuair a leag na Spáinnigh foirgintí gránna anuas ar láithreacha áille Dhéithe na nInceach, le forlámhas, gan scáth gan náire.

Toibreacha ‘beannaithe’ déanta as toibreacha a bhain leis an dtréimhse réamhChríostaí.

Láithreacha Págánacha ‘baistithe’ ag Críostaithe. Forlámhas beannaithe!

Agus tá scoláirí ann a áitíonn gur bunaithe ar shaol agus ar eachtraí draíochta an bhandé den ainm chéanna, Bríd, atá gaiscí is míorúiltí Naomh Bríde bunaithe.

An ardófar ceist an ‘dá Bhríde’ mar a deineadh i gcás Naomh Pádraig bocht blianta siar? Aimsíodh fianaise go raibh leithéidí Palladius agus Patricius,  fearaibh bhreátha bheannaithe ann, siar amach leis na tréithe céanna agus cioca acu in ainm Dé, ár bPádraig Naofa-sa, Easpag mór na hÉireann?

Bhí scoláirí móra i bpíobán a chéile tamall de bhlianta siar, agus iad a’ cur ina luí ar a chéile, agus éinne a éisteodh leo, gur ‘fadhb’ í cás seo an Dá Phádraig.

Caithfidh gur thángthas ar sheift a réitigh lena gcoinsias scolártha mar ná fuil gíog ná míog astu inniu.

Tugadh a lá saoire féin fadó riamh do Naomh Pádraig agus nach maith atá buntáiste bainte ag Éireannaigh idir thuath is chléir as an lá mór ó shin i leith.

Ná bíodh sé de mhí-ádh ar éinne ‘ceist’ an Dá Bhríde a tharrac anuas orainn mar sin!

Bainimis-ne, bantracht na hÉireann, lán na pípe de shásamh as tréithe an Bandé is an Naoimh, idir Chrois, Bhrait, is Chriosanna Lá ’le Bríde, óir is fada sinn a’ feitheamh leis.

Fág freagra ar 'Ar lá ’le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann…'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, ‘Ar Lá ’le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann’, tuairisc.ie, Lá Fhéile Bríde, 2022.

    Cuireann Seosaimhín Ní Bheaglaoich amhras i gcuid de na scéalta ar Bhríd Naofa, arb é Feabhra 1 an lá féile aici, naomh atá áirithe ar phátrúin na hÉireann. 3 cheist dar tosach ‘An fíor …’ a chuireann Seosaimhín ar léitheoirí tuairisc.ie, ach ní thugann sí féin freagra ar cheist ar bith díobh. An amhlaidh nach bhfuil na freagraí aici féin?

    Ní fírinne ar fad a bhíonn sa naomhsheanchas. Tá drochbhlas ar an bhfocal Béarla hagiographical. Ní haon iontas go meascfaí an fhíorstair leis an stair bhréige, i gcás naomh agus déithe bréige. Tá a chuma air go gcreideann Seosaimhín gurbh ann do bhandia arbh ainm di Bríd nó Bríde, agus go ndearna an bandia ‘gníomhartha draíochta míorúilteacha’. Cuid de na déithe bréige, ba d’Aingil an Uabhair iad go bunúsach. Níl i ndán d’Aingil an Uabhair ach Ifreann ar feadh na síoraíochta.

    ‘Deineadh a leithéid i bPeiriú,’ arsa Seosaimhín. Conas gur mhar a chéile díreach ban–naomh agus dia bréige a mheascadh le chéile, agus foirgnimh bhreátha Spáinneacha a chur in ionad ‘láithreacha áille Dhéithe na nInceach’? Déithe bréige ba ea déithe na nInceach. Tá sé ábhar dochreidte go dtarraingeodh Seosaimhín anuas Peiriú, mar go n–admhaítear coitianta gur rud coitianta ansiúd ba ea leanaí agus déagóirí óga, idir shliocht na n–uaisle agus leanaí na mbocht, a mharú mar chuid de ríotas reiligiúnda na nInceach, agus na gciníocha a bhí i gcumhacht roimh na hIncigh. Seo cuid de na slite ar cuireadh na leanaí agus na déagóirí sin chun báis: buille marfach a bhualadh ar a gceann; iad a chur agus iad beo; an croí a stoitheadh amach astu; iad a thachtadh [Dagmara M. Socha, Johan Reinhard & Ruddy Chávex Perea, ‘Inca human sacrifices from the Ampato and Pichu Pichu volcanoes, Peru: new results from a bio–anthropological analysis’ Archaelogicial and Anthropological Sciences 13, Article number: 94 (2021) –– ar líne]. Is i bhfoirgnimh searmanas a tháinig na heolaithe ar chuid de na coirp úd, dar le húdair na haiste sin. Agus más barbartha linne, Éireannaigh na linne seo, an méid sin, bhí sé ar siúl in Éirinn chomh maith, aimsir na bPágánach.

    Tá grianghraif feicthe agamsa de na foirgnimh ‘áille’ sin. Cuma gránna go leor atá orthu. Ceann de na foirgnimh is iomráití is in Sacsayhuaman atá sé. Ar an taobh thuaidh de phríomhchathair Impireacht na nInceach i bPeiriú, Cusco, atá Sacsayhuaman. Bíonn seansálaithe ar an Idirlíon ag iarraidh a dhéanamh amach gur foirgnimh iontacha iad leithéidí an fhoirgnimh in Sacsayhuaman, agus go gcaithfidh gur neachanna fíor–éirimiúíla ó phláinéid éigin eile a thóg iad. Tá físeán ar an Idirlíon de thógálaí ó New Jersey sna Stáit Aontaithe, gnáthfhear oibre, a dhéanann amach go bhfuil aithne aige féin ar thógálaithe go leor nach bhfaigheadh dua ar bith de na clocha ollmhóra sna foirgnimh sin a chrochadh agus a shuíomh i gceart! Mairg don té a bheadh sochreidte! Tá foirgnimh den saghas céanna go díreach i bpáirteanna den Iodáil go dtí an lá atá inniu ann.

    Choiscfeadh Seosaimhín ar dhuine ar bith ‘ceist an Dá Bhríde’ a mhúscailt. Cad chuige di féin, mar sin, an cheist sin a mhúscailt?