Ar bhóthar an phortaigh ag barr Sháile Chuanna a casadh an speiceas i mbaol orm – feirmeoir

Nuair a imeoidh na feilméaraí beaga uilig, cé a labhróidh le strainséirí ar thaobh an bhóthair?

Ar bhóthar an phortaigh ag barr Sháile Chuanna a casadh an speiceas i mbaol orm – feirmeoir

Cá bhfuil na feilméaraí beaga uilig? Cad a tharla do ‘Bhean na dTrí mBó’? Fear an Aon Bhó Amháin, fiú?

Uair amháin, dá ngabhfadh duine amach ag siúl chasfaí ar a laghad fear amháin ort a bheadh ag fosaíocht beithíoch. Nach iomaí scoláire Gaeilge a phioc suas nathanna cainte agus scéalta ón dream a bhí amuigh sna garrantaí agus ag siúl na mbóithríní.

Is dócha gur de réir a chéile a tharla sé, ach ba ar mo chuairt ar Inis Meáin an samhradh seo a chéad thug mise faoi deara i ndáiríre é. Bhí na ballaí cloch ann, bhí na tithe ann, bhí beithígh anseo is ansiúd ach ní raibh dé ar aon duine ag breathnú ina ndiaidh.

Bhí an t-oileán ag breathnú go hálainn, mar is gnách, ach bheadh tú ann fós dá mbeadh tú ag fanacht le píosa comhrá a bheith agat le feilméara ag líonadh buicéad uisce. Ar ais ar an mórthír, níl duine ar bith ag siúl ar na príomhbhóithre toisc chomh dainséarach is atá siad.

Ach fiú amháin nuair a chasann tú suas sna bailte, is ag faire amach do charranna agus an iomarca siúil fúthu a bhíonn tú. Níl aon duine acu sin ag dul ag caint leat.

Tá siúlóidí deasa thart timpeall an Spidéil anois – is féidir siúl timpeall ar ‘lúb’ ar go leor acu agus tá an-chompord agus radharcanna breátha le feiceáil nuair a shiúlann duine ó bharr baile amháin go barr baile eile agus anuas arís go dtí an príomhbhóthar.

Ar bhóthar an phortaigh ag barr Sháile Chuanna a casadh Tom orm. Bhí sé ina shuí ar chloch mhór agus dhá ghadhar ina luí thíos faoina chosa. Bhí an chosúlacht air go mbeadh sé ag caitheamh píosa den lá ann.

Bheannaigh sé dhúinn agus labhair muid ar an aimsir. Bhí an tráthnóna go hálainn agus bhí gach cosúlacht ar Tom nach raibh sé ag dul aon áit.

An triomach a thug suas ar an bportach é.

Thaispeáin sé a chuid beithíoch dúinn agus iad sona sásta ag innilt ar bhóithrín na muilte gaoithe. D’inis sé dúinn faoin sruthán atá taobh leis an mbóthar.

Mhínigh sé dúinn nach bhfuil mórán uisce aige féin ar an bhfeirm. Feiceann sé comharsa dá chuid a bhfuil tarracóir mór aige, ag tarraingt uisce agus ag líonadh trí cinn de thancanna uisce ar a fheirm féin.

Bhí an tarracóir sin feicthe agam, ceart go leor – ceann mór millteach nach mbeadh duine ag súil leis ar bhóithríní beaga Chonamara. B’éigean dúinn léimt thar chlaí beagnach nuair a tháinig sé an bealach.

Bhí gabhair ag Tom freisin, dúirt sé, agus roinnt capaillíní Chonamara. Dá mbeadh tarracóir aige, ní fheicfeadh muid ar chor ar bith é. Ach bhí sé thar a beith sásta labhairt linn agus cúrsaí an tsaoil a phlé. Go dtí gur luadh an Cnocán Glas agus Máirtín Ó Cadhain.

Ní raibh meas ar bith aige ar an scríbhneoir iomráiteach. Go deimhin, ‘bligeard’ a thug sé air. Anois, sin focal nár chuala mé le fada an lá, i mBéarla ná i nGaeilge. Ach cheap mé go raibh sé spéisiúil gur casadh duine ar an mbóthar orm a raibh aithne phearsanta aige ar an gCadhnach. Difríochtaí polaitíochta eatarthu, b’fhéidir.

Ansin a bhuail an smaoineamh mé: nuair a imeoidh na feilméaraí beaga uilig, cé a labhróidh le strainséirí ar thaobh an bhóthair? Nó sa reilig.

Bhí mé ag réiteach pota bláthanna ar uaigh sa gCoilleach nuair a tháinig fear im’ threo.

‘Rinne tú clár liom ag Aonach Mhám Cross!’ a d’fhógair sé. Sin rud eile atá ag feilméarai – bíonn cuimhne mhaith acu. Bhí an dáta aige, fiú – 1989. Cuimhne mhaith go deimhin.

‘Tháinig tú chugam ar maidin ach ní raibh tada díolta agam an uair sin. Dúirt tú go dtiocfadh tú ‘back’ tráthnóna. Bhí roinnt mhaith beithíoch díolta agam faoin am sin.’

Chuimhnigh sé freisin gur labhair mé le duine de na Seoighigh as Inis Bearachain. Ba é Máirtín, an duine deireanach ar an oileán sin a bhí ann. (Ar ndóigh curachadóirí iomráiteacha a bhí sna Seoighigh.) Bhí láirín beag bán ag Máirtín an lá sin agus sheas sé ansin ar an aonach an lá ar fad agus thug abhaile leis arís í tráthnóna. D’aontaigh muid beirt nach raibh fonn ar fhear Inis Bearachain scaoileadh leis an gcapaillín ach gur ag caitheamh na haimsire a bhí sé.

Agus muid ag caint ar aontaí agus beithígh shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh freagra mo cheiste thuas ag fear na reilige. (Ag baint an fhéir agus ag cur caoi ar an reilig a bhí an fear seo sula mbeadh an tAifreann amuigh faoin aer ann ar an gCéadaoin.)

‘Cá bhfuil na feilméaraí beaga uilig?’ a d’fhiafraigh mé de. ‘Cén fáth a bhfuil siad éirithe as an bhfeilméaracht?’

‘An iomarca páipéarachais,’ a d’fhreagair sé. ‘Tá dlíthe nua tagtha isteach agus ní féidir leat beithíoch a dhíol anois gan movement certificate.’

Mhínigh sé dhom go mbeadh seisean ag briseadh an dlí anois dá ndéanfadh sé an rud céanna a rinne sé san am a caitheadh ar an Aonach sa Teach Dóite, mar shampla. D’fhéadfadh sé beithíoch a cheannach ar maidin agus a dhíol arís uair an chloig níos déanaí dá dtogródh sé. Tá cosc air sin anois.

Luaigh sé ‘cattle-jobbers’. Níor chuala mé trácht orthu sin le fada an lá – sin dream a mbíodh go leor cainte fúthu nuair a bhí mise óg. Théidís thart ag díol is ag ceannach ainmhithe go díreach ó na feilméaraí. Ba sórt ‘fir sa lár’ a bhí iontu. ‘Tá siad sin imithe freisin,’ a dúirt sé.

Iad sin agus na feilméaraí beaga. Cá bhfaighidh na scoláirí Gaeilge daoine le labhairt leo ar an mbóthar feasta? Tá gach duine ag taisteal i gcarranna nó ag baint úsáid as tarracóirí nach bhfeicfeá uair amháin ach i Nebraska.

Níor fhiafraigh mé de ‘Cé thú féin anyways?’ ach d’inis fear na reilige dom é anyways. Mac le Máirtin Thornton, Joe, a bhí ann agus ba dheas mar a labhair sé liom agus mar a d’inis sé fírinne an tsaoil faoin bhfeilméaracht dhom.

Sin rud a d’fhéadfadh na scoláirí a dhéanamh. Cuairt a thabhairt ar reilig agus labhairt le daoine.

Ach ná luadh éinne Cré na Cille.

Fág freagra ar 'Ar bhóthar an phortaigh ag barr Sháile Chuanna a casadh an speiceas i mbaol orm – feirmeoir'

  • Micheál de Róiste

    Alt breá agus smut maith den fhírinne ann. Measaim go mbeadh an Cadhaineach sásta a chloisteáil go dtabhairfí bligeard air agus nach ribíní réidhe iad a dhream go fóill.