Ar an gcéad amharc ní cheapfá gur gaiscíoch é Paddy Conaghan, ach is ea…

Tá an fear snámha Paddy Conaghan ina laoch chomh mór le haon duine acu siúd a bhain liú as na céadta míle duine i staideanna ar fud na cruinne

Ar an gcéad amharc ní cheapfá gur gaiscíoch é Paddy Conaghan, ach is ea…

Tá na ceithre scór caite ag Paddy Conaghan. Ar an gcéad amharc, cheapfá go séidfeá de do bhois é – timpeall 5’ 7” ar airde agus beagán os cionn naoi gclocha meáchain, déarfainn.

Dé Luain seo caite chas sé dom den chéad uair ariamh. Ar Dhumhach Mhór an Spidéil a bhí muid, eisean ina sheasamh sna boinn ar an gcosán, ceann de na fallaingeacha móra snámha sin ina thimpeall agus caipín bobailín CLG an Chlocháin Léith ar a chloigeann.

Ar an gcéad amharc ní cheapfá gur gaiscíoch é, ach sea.

Ina laoch chomh mór le haon duine acu siúd a bhain liú as na céadta míle duine i staideanna ar fud na cruinne, a chuaigh go barr na gcnoc is airde, nó a rith a gcuid maratón ar na gaineamhlaigh is teo ar domhan.

Sin í mo thuairimse ar chuma ar bith agus ní liom féin atá mé.

Anuraidh ba air a bhronn an World Open Water Swimming Association an gradam ‘Fear na Bliana’.

Tá seans ann gurb í an chúis gur dóigh nár chuala tusa ná mise aon trácht ar Paddy Conaghan roimhe seo nach le hiomaíocht a bhaineann an caitheamh aimsire a chleachtann sé. Ar mhaithe lena shláinte fhéin a thosaigh Paddy ag snámh, ach anois úsáideann sé a shuim ann agus a chuid ama le hairgead a bhailiú do charthanachtaí a mbíonn baint acu le meabhairshláinte, chomh maith le hInstitiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála.

Anuraidh shocraigh Paddy camchuairt a thabhairt timpeall na hÉireann agus giota den snámh a dhéanamh ar chuile thrá ar a dtáinig sé trasna orthu faoi bhealach. Thosaigh agus chríochnaigh sé leis na ceithre cinn ar Árainn Mhór, an áit ar rugadh agus ar tógadh é. As sin rinne sé a bhealach soir ó thuaidh ar chóstaí Dhún na nGall, Dhoire, Aontroma, an Dúin, chontaetha Lú agus na Mí agus mar sin de, nó gur bhain sé a oileán dúchais amach arís.

Rinne sé snámh ar os cionn 300 trá agus bhailigh €103,000 d’eagraíochtaí carthanachta.

Ní gan chúis nach maith le haon oileánach na maidí a ligean le sruth. Ní túisce a bhí a ghaisce déanta aige ná a shocraigh ár laoch tabhairt faoi arís – 500 trá an babhta seo agus an t-aistear le déanamh idir tús mhí na Nollag agus deireadh na míosa seo.

Nuair a mheabhraigh duine éicint dó go mb’fhéidir go mbeadh an aimsir níos cóiriúla i rith an tsamhraidh, ba é a rud a dúirt an Connachánach go mbeadh sin cosúil le bheith ag dul ar saoire.

Freagra dá leithéid a bheifeá ag súil leis ó fhear a bhfuil trealamh aclaíochta i bhfearas aige i seid in aice a thí. Baineann sé úsáid as cúpla uair in aghaidh an lae, rud a choinníonn a ghéaga lúfar.

Is nós le Paddy a dhul ag snámh chuile lá ar aon nós agus é sa mbaile – ar Thrá Scoilt na Loinge, ar Thrá Athphoirt , ar an Trá Mhóir, ar Thrá an Chaisil, nó ar thrá na Leidhbe Gairbhe. Uair sa tseachtain líonann sé tobán mór plaisteach atá taobh amuigh den teach aige le huisce agus le leac oidhre go dtugann sé tumadh maith dó féin thíos ann.

Duine amháin eile, i dteannta liom féin, a chuir fáilte roimhe ar Dhumhach Mhór an Spidéil ag meán lae Dé Luain seo caite. Faoin am sin bhí a chuid peiríocha curtha dó aige ar thránna Bhaile an Locháin agus Bhóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe, nó go ndeachaigh sé go Trá na mBan i mBearna agus go Trá na bhForbacha.

Tar éis dó a chion a dhéanamh ag an dá thrá atá ag céibheanna an Spidéil, thug sé aghaidh ar an Sáilín, an Trá Mhóir agus ar Chnoc Carrach, atá taobh le hAerfort na Mine.

Naoi mbabhta snámha a rinne Paddy Conaghan lá arna mhárach – ón mBánrainn, timpeall Ros an Mhíl agus na Ceathrún Rua, gur bhain sé Trá an Dóilín amach. Bhí slua beag de mhuintir na háite ansiúd le fáilte a chur roimhe agus a dhul san uisce leis. Nuair a bhí a gcuid déanta acu rinneadar a mbealach suas ar ais ar an mbóthar áit a raibh ispíní agus slisíní bagúin ag rince ar an bhfriochtán agus pota mór tae déanta.

Nár laga Dia iad. Mo náire, ach ba ina throscadh a scaoil mise chun bealaigh é.

Agus tú á léamh seo, tá go leor de chósta Mhaigh Eo fágtha ina dhiaidh aige.

Chomh maith le hairgead a bhailiú do lucht na mBád Tarrthála arís ar an turas seo, tá Paddy Conaghan le cuid den mhéid a charnófar a thabhairt d’eagraíochtaí atá ag plé le meabhairshláinte nó daoine atá ag fulaingt mar gheall ar fhéinmharú – ceann i nDún na nGall, ceann eile i gCorcaigh, ar an Tulach Mhór agus i Maigh Eo – ionad sna ceithre chúige.

Is féidir súil a choinneáil ar an gcuid deireadh dá thuras ar Facebook Driving and Ducking Around Ireland Paddy’s Adventure, nó níos tábhachtaí go mór, cuir lámh i do phóca agus tabhair síntiús dá fheachtas anseo.

Fág freagra ar 'Ar an gcéad amharc ní cheapfá gur gaiscíoch é Paddy Conaghan, ach is ea…'