Aonad nua a thacódh le daoine a ullmhú d’earnáil na meán Gaeilge ag teastáil – TG4

Togra idir TG4, Údarás na Gaeltachta agus Fís Éireann a bheadh san aonad nua-bheartaithe, Aonad Forbartha na Meán Gaeilge

Aonad nua a thacódh le daoine a ullmhú d’earnáil na meán Gaeilge ag teastáil – TG4

Tá TG4 ag iarraidh go mbunódh an stát aonad nua chun tacú le traenáil agus oiliúint a chur ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh dul ag obair in earnáil na meán Gaeilge.

Deir ionadaithe ón stáisiún go bhfuil sé deacair faoi láthair ag daoine ar suim leo dul ag obair san earnáil teacht ar bhealaí isteach chuig earnáil na teilifíse Gaeilge agus go dteastaíonn ‘cosán soiléir’ chun iad a threorú.

Togra idir TG4, Údarás na Gaeltachta agus Fís Éireann a bheadh san aonad nua-bheartaithe, Aonad Forbartha na Meán Gaeilge, a dúradh i dTeach Laighean inné.

Bhí TG4 os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun na deiseanna atá ar fáil do dhaoine a dhéanann taithí oibre agus intéirneachtaí le TG4 a phlé.

Dúirt ionadaithe TG4 go raibh rath ar scéim intéirneachta an stáisiúin ach go raibh deis ann tuilleadh forbartha a dhéanamh.

“Ceann de na deacrachtaí atá ann ná nach bhfuil áit amháin lárnach ann do dhuine óg atá ag teacht amach as an scoil agus a deir ‘Táim ag lorg slí bheatha sna meáin Ghaeilge’,” a dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha & Comhpháirtíochta TG4. “Níl aon chosán amháin a léireoidh cén áit le dul. Tá rudaí ar fáil ach níl sé soiléir cá bhfuil teacht orthu.”

Dúradh go léiríonn aiseolas ó na comhlachtaí léiriúcháin go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir leis na tacaíochtaí forbartha tionscail agus scileanna atá ar fáil in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Leigheas amháin a bheadh ar an bhfadhb, dar léi, ná aonad a chruthú a bheadh dírithe ar fhorbairt a dhéanamh in earnáil na meán Gaeilge.

Dúirt sí go mbeadh an t-aonad bunaithe ar mhúnla atá i bhfeidhm cheana féin ag Northern Ireland Screen, ina bhfuil aonad ar leith san eagraíocht don Ghaeilge.

“Tá aonad ar leith ag NI Screen atá ag plé go díreach leis an nGaeilge ach toisc go bhfuil sé mar chuid de NI Screen féin, ciallaíonn sé go bhfuil sé fite fuaite isteach i bhforbairt na hearnála níos leithne,” a dúirt Ní Dhálaigh. “Síleann muid gur bealach dearfach chun cinn é sin, TG4, Údarás na Gaeltachta agus Fís Éireann ag obair as lámha a chéile.”

Chomh maith le treoir a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo dul ag obair in earnáil na meán Gaeilge, bheadh an t-aonad nua in ann tacaíochtaí agus cláir nua a aithint a d’fhéadfadh fás na hearnála a chothú.

Mheas Ní Dhálaigh go mbeadh infheistíocht os cionn €1 milliún sa bhliain ag teastáil chun an t-aonad a fheidhmiú.

Fág freagra ar 'Aonad nua a thacódh le daoine a ullmhú d’earnáil na meán Gaeilge ag teastáil – TG4'

  • Eithne Nic Dhonnchadha

    Tá gá mór le Aonad mar seo.Tá go leor cúrsaí oiliúna ar fáil ach ba cheart go mbeadh dlúth ceangal idir iad agus an tionscal. Tá tacaíochtaí ag teastáil do na comhlachtaí léiriúcháin go mór mór comhlachtaí beaga ag tosnú amach ó thaobh deiseanna cláracha a fhorbairt. D’fhéadfadh an Aonad meantóireacht agus ceardlainn a chur ar fáil go rialta do na comhlachtaí ar ghnéithe a chuideódh leo.