‘Aonad Gaeilge’ le hoscailt i meánscoil in iarthar Bhaile Átha Cliath in 2018

Tá súil ag lucht bunaithe Choláiste na Tulchann go mbunófar coláiste lán-Ghaeilge sa cheantar amach anseo

‘Aonad Gaeilge’ le hoscailt i meánscoil in iarthar Bhaile Átha Cliath in 2018

Tá ‘aonad Gaeilge’ le hoscailt i gColáiste Pobail Bhaile Lotrail i mBaile Átha Cliath 15, Baile Bhlainséir agus an ceantar máguaird, an bhliain seo chugainn agus súil ag lucht a bhunaithe go mbunófar coláiste lán-Ghaeilge sa cheantar amach anseo.

‘Coláiste na Tulchann’ a thabharfar ar an aonad nua Gaeilge a osclóidh Lúnasa 2018. Tá feachtas ar bun le cúpla bliain anuas ag cainteoirí Gaeilge sa cheantar meánscoil lánGhaeilge a bhunú ann.

Bhí cruinniú mór poiblí sa cheantar an tseachtain seo caite do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lánGhaeilge a bheith ar fáil dá bpáistí.

Dúirt Paula Melvin, Cathaoirleach Phobal Gaeilge 15 gur “ócáid stairiúil” a bheidh in oscailt an aonaid agus go bhfuil “ríméad” ar chainteoirí Gaeilge na háite go mbeidh an Gaeloideachas ar fáil do dhéagóirí ann den chéad uair.

“Ócáid stairiúil dúinne is ea é. B’iontach linn slua chomh mór a fheiceáil ag an gcruinniú le haghaidh na dtuismitheoirí. Tá ríméad orainn go mbeadh daltaí an cheantair in ann freastail a dhéanamh ar mheánscoil Ghaeilge den chéad uair riamh ina gceantar féin.

“Tá daonáireamh níos mó ná Cathair na Gaillimhe againn i mBaile Átha Cliath 15 agus tá sé thar ama an t-aonad seo a bheith ann. Tá súil againn go dtiocfaidh Gaelcholáiste as an aonad seo agus táimid ag súil le tuismitheoirí na ndaltaí a fheiceáil ag ár ranganna Gaeilge,” a dúirt sí.

Tá bunscoileanna lán-Ghaeilge i dtrí bhaile in aice le ceantar Bhaile Átha Cliath 15 — Cluain Saileach, Baile an Tirialaigh agus Dún Búinne i gContae na Mí. Tá súil ag lucht a bhunaithe go bhfreastalóidh Coláiste na Tulchann ar na daltaí a bheidh ag teacht amach as Scoil Oilibhéir, Gaelscoil an Chuilinn, agus Tulach na nÓg.

Fág freagra ar '‘Aonad Gaeilge’ le hoscailt i meánscoil in iarthar Bhaile Átha Cliath in 2018'

  • Seán Ó Floinn

    Céard go díreach atá i gceist leis an aonad Gaeilge? Sruth Gaeilge, an ea? Go mbeidh ábhair faoi leith á múineadh trí Ghaeilge?

  • Pól Ó Codlata

    Is dócha go gciallaíonn sé go mbeadh ranganna agus bliana lán-Gaeilge ar siúl sa scoil, ach iad fós faoi stiúradh an ghnáth-scoil.

  • Mánus

    Droch bhealach le Gaelcholáiste a bhunú. Beidh Sruth lánGhaeilge báite i scoil Bhéarla.

  • Fergus ó Loinsigh

    Beidh an Gaelcholáiste lonnaithe i bhfoirgneamh mór neamh spleach ar champus Luttrellstown. Beidh curaclam leathan ar fáil i nGaeilge do na daltaí. Beidh am-chlár difriúl ag Coláiste na Tulchann agus tosnóidh sé agus críochnóidh sé leath uair a chloig tar éis an scoil Béarla. Nuair a bhíonn tairseach chriticiúil de pháistí sa scoil, tugfar neamh spleachas dó.