Antaibheathach nua in aghaidh MRSA aimsithe

NOD DON EOLAÍ: Tá pórtha éagsúla de bhaictéir ag teacht chun tosaigh atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach mar gur baineadh barraíocht úsáide as ceimiceáin

Antaibheathach nua in aghaidh MRSA aimsithe

Tá an-ráchairt ar cheimiceáin nua chun dul i ngleic le baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh na bhfrithbheathach atá ar fáil cheana féin. 

De réir tuairisc a foilsíodh san eagrán is déanaí den iris Nature, thángthas ar cheimiceán a chuireann an ruaig ar bhaictéir cosúil leis an bpór de Staphyllococcus aureas atá frithsheasmhach in aghaidh go leor frithbheathach, methicillin san áireamh (MRSA).  Meastar gurb é seo an chéad chéim chun tosaigh chun frithbheathach úr a tháirgeadh.

Le blianta anuas tá pórtha éagsúla de bhaictéir ag teacht chun tosaigh atá frithsheasmhach in aghaidh na bhfrithbheathach atá ar fáil sa chóras leighis.  Tá fadhb seo na frithsheasmhachta ann mar gur baineadh barraíocht úsáide as na ceimiceáin luachmhara go dtí seo.  Thig leis an bhfrithsheasmhacht seo in aghaidh na bhfrithbheathach a theacht chun cinn go gasta agus scaipeadh i measc na mbaictéar níos gasta fós.

De réir tuairisc sna meáin an tseachtain seo caite tá fear sa Bhreatain a bhfuil gónairith air atá frithsheasmhach in aghaidh achan fhritbheathach a úsáidtear go coitianta sa chóras leighis sa tír sin. Tá frithbheathach amháin eile nach n-úsáidtear ach go fíorannamh. Táthar á thriail anois ar an bhfear agus beidh a fhios aige i gceann cúpla seachtain an mbeidh biseach air nó nach mbeidh.  Síltear go mbeidh cásanna mar seo níos coitianta amach anseo mura dtagtar ar fhrithbheathaigh úra.

Maidir leis an staidéar nua, i dtús báire, bhailigh an fhoireann ó Ospidéal Rhode Island, a bhí ag iarraidh a theacht ar fhrithbheathaigh úra, 82,000 ceimiceán sintéiseach le chéile.  Chun frithbheathaigh nua a aithint i measc na gceimiceán, tháinig siad ar na ceimiceáin a mharaigh Staphylococcus aureus ach nár chuir isteach ar ainmhithe.  Sin iad na tréithe a mbeifeá ag súil leo i bhfrithbheathach.

D’fhorbair na taighdeoirí dóigh chun líon mór ceimiceán a aithint a chuirfeadh isteach ar bhaictéir ach nach gcuirfeadh isteach ar ainmhithe.

Cuireann Staphyllococcus aureaus isteach ar an néimeatóid Caenorhabditis elegans, ainmhithe beaga a bhfuil cuma na péiste orthu.  Nuair a chuirtear na néimeatóidí agus Staphyllocus aureaus le chéile faigheann na néimeatóidí bás go luath.  Ach, má chuirtear frithbheathach i measc na mbaictéar agus na néimeatóidí faigheann an Staphyloccous aureus bás agus bíonn an phéist ina beatha agus í ag bogadh. 

Bhí na taighdeoirí ag lorg ceimiceán a mharódh an Staphyllococcus aureaus ach nach gcuirfeadh isteach ar na néimeatóidí.  Bheadh sé an-éasca a theacht ar na coimeádáin seo mar bheadh na néimeatóidí beo ag bogadh go gasta agus é an-éasca iad a fheiceáil faoin micreascóp dá bharr.

Cuireadh néimeatóidí agus Staphyloccus aureus le chéile in 82,000 log ar phlátaí beaga.  Cuireadh ceann den 82,000 ceimiceán i ngach log in éineacht leis na néimeatóidí agus na baictéir. Ansin d’fhan siad tamall.

Nuair a d’amharc siad ar an 82,000 log beag inar cuireadh na baictéir agus na néimeatóidí, bhí an phéist marbh i mbeagnach gach ceann acu.  Ach, bhí dhá log ann ina raibh na néimeatóidí beo agus iad ag bogadh!

Rinne na taighdeoirí an turgnamh arís leis an dá cheimiceán. Maraíodh na baictéir an geábh seo, ach níor cuireadh isteach ar na néimeatóidí.  Is léir go raibh na ceimiceáin ag cur isteach ar na baictéir agus go raibh na néimeatóidí ag teacht slán.  Bhí na tréithe cearta ag na ceimiceáin.

Is reiteanóidí iad an dá cheimiceán seo, agus struchtúir acu cosúil le haigéad reiteanóch nó vitimín A. 

Chun fáil amach cad é an dóigh a raibh na coimeádáin ag marú na mbaictéir, cuireadh baictéir ar maos sna ceimiceáin.  Ligeadh cuid mhór de na mianraí a bhíonn taobh istigh de na baictéir amach as na cealla.  Measadh mar sin go raibh na ceimiceáin ag cur isteach ar an gcillscannán atá cosúil le mála thart ar chealla na mbaictéir.  Coinníonn an cillscannán ábhair istigh sa chill de ghnáth.  Má theipeann ar an bpróiseas sin, faigheann na baictéir bás.

Ní dhéanann na ceimiceáin an damáiste céanna do chealla na n-ainmhithe.  Anuas air sin, fuair na taighdeoirí amach go ndéanann an ae na ceimiceáin a ghlanadh amach as corp na n-ainmhithe.  Dá bharr sin meastar go mbeidh siad sábháilte le húsáid mar leigheas amach anseo. Tá tuilleadh taighde le déanamh chun é sin a chinntiú, ach tá tús maith déanta.

Fág freagra ar 'Antaibheathach nua in aghaidh MRSA aimsithe'