Anois nó riamh i bPáirc san Chrócaigh agus an rabharta oráiste ag teacht aduaidh

Seans go mbeidh an bua ag Ard Mhacha ar Ghaillimh más ar éigean é agus tá Cuma níos fearr ar Chiarraí ná mar atá ar Mhaigh Eo

Anois nó riamh i bPáirc san Chrócaigh agus an rabharta oráiste ag teacht aduaidh

Má tá aon rud amháin a chuirfeadh soir mé agus mé ag imirt cluichí móra an tráth seo den mbliain, sin piseoga agus an bhaothchaint a lean iad. 

Táid tosnaithe cheana féin i gCiarraí. Is cosúil gur bhuaigh Ciarraí caitheamh na pingine dá gcluiche in aghaidh Mhaigh Eo amárach agus go mbeidh siad ag caitheamh na ngeansaithe uaithne is ór is dual dóibh faid is a bheidh Maigh Eo i dtaoibh leis na geansaithe dorcha sin a bhí á gcaitheamh i gcluiche ceannais na sraithe acu. Nach cuma arsa tusa, ach féach go mbíonn a leithéid ag déanamh tinnis do dhaoine. 

Tá leábharaic eile ar na meáin shóisialta, Ciarraíoch, gan dabht, ag meabhrú do chách gur bhuaigh Ciarraí sraith agus craobh fé bhainistíocht Jack Uí Chonchúir gach uile uair go dtí seo a bhuaigh Tír Eoghain craobh na hÉireann. Leath bealaigh ann cheana féin, a déarfadh daoine agus gan le déanamh anois ach an chraobh a chur leis an tsraith a buadh go neafaiseach san earrach. 

Tá sé chomh maith againn agus sinn ag caitheamh tharainn, gradam imreoir na bliana a bhronnadh ar David Clifford anois díreach agus gan fanacht le deireadh mhí Iúil chuige don ócáid chorónaithe. Ní haon iontas go mbíonn cuma chomh cráite ar bhainisteoirí Chiarraí ó aimsir Pháidí i leith agus iad ag iarradh smacht a choimeád ar na fórsaí is na púcaí go léir a bhíonn san atmaisféar le linn feachtais craoibhe an tsamhraidh! 

Léiríonn an bhrilléis is an bhaothchaint atá sa treis le mí anuas i gCiarraí go bhfuil folús le líonadh de bharr an díomhaointis agus go bhfuil san á dhéanamh le caint teaspaigh agus le caint san aer. 

Níl lucht leanúna Chiarraí leo féin sa mhéid seo. Tá lucht leanúna na gcuradh sna ceithre chúige ag caitheamh a dtóna le mí anuas agus pé cáiseamh atá á dhéanamh acu fén dtréimhse dhíomhaointis, tuigfidh siad gur deacair giorria a chur as an dtor nach ann dó. 

Idir mhagadh is dáiríre, tá neamhaird iomlán á déanamh don dtréith is tábhachtaí ar fad an tráth seo bliana, tréith nó bua atá teibí agus deacair greim a fháil air – gaoth sna seolta. 

Thar aon fhoireann eile atá fágtha sa chraobh, is beag ceann acu a bhfuil oiread gaoithe sa tseol acu is atá ag Ard Mhacha. 

Ó chas an taoide dóibh tar éis ceithre chic amach scaoilte as a chéile ag Shaun Patton i gCluain Eois, tá muinín agus misneach tagtha chuchu in Ard Mhacha agus tá san le feiscint i ngach gníomh, gach lascadh den gcaid, gach rith breise a deintear sa chosaint agus gach íobairt a dheineann siad dona chéile mar fhoireann. I bhfocail eile, tá gaoth ina seolta. Aithníonn a lucht leanúna é seo chomh maith agus na haon sciob sceab acu ar suas le daichead míle ticéad don lá amárach. Tá a fhios againn féin i gCiarraí ón gcluiche ceannais a bhí eadrainn fiche bliain ó shin an luach a bhaineann leis an rabharta oráiste ach a dtagann sé chughat aduaidh!   

Ní hamhlaidh nach bhfuil gaoth i seolta na Gaillimhe ach an oiread. Níl ann ach go bhfuil uair an taispeántais chuchu agus gan de chleachtadh déanta acu ach cúpla cluiche, in aghaidh Mhaigh Eo agus Ros Comáin, agus é chomh fada siar ina gcuimhne go bhféadfadh línte agus toisí an bhua a bheith ligthe i ndíchuimhne faoin dtráth seo acu.

Is deacair a shamhlú go bhféadfadh Rob Finnerty, fear a d’aimsigh 0-5 ón imirt i gcluiche ceannais Chonnachta cead a chos a fháil an athuair mar a fuair sé in aghaidh Ros Comáin. N’fheadar an gcuirfidh Ard Mhacha James Morgan ina dhiaidh nó an é atá i ndán do Shane Walsh? Cad fé Jarly Óg Burns ar thaobh Ard Mhacha? Cluiche amháin eile mar a bhí in aghaidh Dhún na Gall aige agus beidh sé deacair teacht idir é agus gradam aonair i ndeireadh na bliana. Ní hiad na gradaim is mó atá á lorg ag foireann Kieran McGeeney, áfach, ach comharthaí de shórt éigin go bhfuilid ag baile i measc na bpiardaí móra ar deireadh thiar thall. Deintear dearmad uaireanta go bhfuil bliain iomlán caite ag Ard Mhacha á gcruachtaint féin i Roinn 1 na sraithe agus anois go bhfuil dhá fhoireann ón roinn sin, Tír Eoghain agus Dún na nGall, cnagtha sa chraobh acu, is dóigh liom go bhfuilid gafa chun cinn ar an nGaillimh, más ar éigean féin é.

Thar n-ais go dtí Ciarraí, na piseoga agus na nótaí sin nach gcloistear. Ba é an bua sin in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na sraithe a gcéad bhua i bPáirc a’ Chrócaigh ó bhuadar ar Thír Eoghain i mbabhta leathcheannais na craoibhe trí bliana ó shin. Ainneoin a bhfuil sa stair acu agus de theist orthu níl de chluichí craoibhe buaite ag Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh ó tháinig athbheochan Mhaigh Eo fé stiúir James Horan in 2011 ach deich gcluiche as 23. Ainneoin a bhfuil de mhí-ádh i gcluichí ceannais orthu, éiríonn le Maigh Eo piarda mór éigin a threascairt gach aon bhliain. Níl oiread cluichí móra craoibhe caillte i bPáirc an Chrócaigh acu (naoi gcinn as 31) is atá ag Ciarraí sna blianta céanna.   

Tá boladh, blaiseadh agus braistint den ‘anois nó riamh’ ag baint leis an gcluiche seo ón dá thaobh ach bunaithe ar fhianaise na bliana go nuige seo, tá an chuma ar an scéal go n-aithníonn Ciarraí é seo níos mó ná Maigh Eo. Is leo a bheidh an lá má éiríonn leo na piseoga, an aimsir, an chaint san aer agus an rith le brothall a sheachaint!

Fág freagra ar 'Anois nó riamh i bPáirc san Chrócaigh agus an rabharta oráiste ag teacht aduaidh'