Anois nó riamh ag Messi agus an Airgintín ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh

Bhí go leor ag súil gurb í seo an bhliain a dtabharfadh Messi an Airgintín chomh fada le tír tairngire ach, má tá sin le tarlú go fóill ní féidir cailliúint in aghaidh Mheicsiceo anocht

Anois nó riamh ag Messi agus an Airgintín ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh

Cluichí

An Túinéis v An Astráil – 10.00rn (Grúpa D)
An Pholainn v An Araib Shádach – 1.00in (Grúpa C)
An Fhrainc v An Danmhairg – 4.00in (Grúpa D)
An Airgintín v Meicsiceo – 7.00in (Grúpa C)

Rogha an Lae

7.00in (Grúpa C)

Anois nó riamh é ag Lionel Messi anocht más leis Corn an Domhain a bhuachan faoi dheireadh. Tá bóthar fada le dul aige má tá sé ag iarraidh an corn a ardú ar an 18 Nollaig ach d’fhéadfaí deireadh a chur le seans na hAirgintíne sa chomórtas má chailleann siad in aghaidh Mheicsiceo anocht.

Bhí go leor ag súil gurb í seo an bhliain a dtabharfadh Messi an Airgintín chomh fada le tír tairngire ach, má tá sin le tarlú go fóill, is corrach an tús a cuireadh leis an aistear agus iad ag cailliúint in aghaidh na hAraibe Sádaí i gceann de na torthaí is iontaí i stair Chorn an Domhain.

Beidh ar imreoirí na hAirgintíne teacht chucu féin go haibéil agus cluiche thar a bheith tábhachtach anois acu. Caithfear a rá nach raibh an Airgintín go hiomlán gan mhaith in aghaidh na hAraibe Sádaí, go háirithe sa chéad leath nuair ba cheart cúpla cúl eile a bheith scóráilte acu dá mbeadh leithéidí Lauturo Martinez beagáinín níos foighní.

Bhíodar an-scaoilte sa dara leath, áfach, agus caithfear a bheith níos eagraithe más leo rath a bheith orthu anocht. Beidh cinneadh le déanamh faoi Christian Romero chomh maith. Tá fear Tottenham Hotspur ar dhuine de na cosantóirí is fearr ar an bhfoireann ach ba léir go raibh gortú ag spochadh leis an lá cheana.

Comhscór a bhí ag Meicsiceo ina gcéad chluiche in aghaidh na Polainne. Bhí an chuid is fearr den imirt ag Meicsiceo sa chéad leath den chluiche sin agus spásanna aimsithe acu ar an cliatháin, go háirithe le Herving Lonzana ar thaobh na láimhe deise, ach is beag a chruthaigh siad sa dara leath agus iad buíoch ar deireadh dá gcúl báire agus captaen, Guillermo Ochoa, a rinne an-sábháil ó chic éirice Robert Lewandowski.

Airgintíneach, Gerardo Martino, atá i gceannas ar Mheicsiceo. Chaith an fear céanna seal ina bhainisteoir ar Barcelona ar mhaithe le Messi a shásamh ach ní eisean a bheidh sásta má chuireann Martino a seans deireanach ar Chorn an Domhain a bhuachan go tóin poill anocht.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh ag Messi agus an Airgintín ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh'