Anois an t-am ag na dreamanna a chreideann i gcomhráite síochána a nglór a ardú

Eisceacht amach is amach a bhí san alt sin le Geoffrey Roberts faoin gcogadh san Úcráin a foilsíodh san Irish Times. Ollamh emeritus le stair i gColáiste na hOllscoile Corcaigh é Roberts. Tá go leor scríofa aige cheana faoi stair agus faoi pholasaí eachtrach na Rúise. Bolscaireacht ar son Zelensky na hÚcráine ar fad beagnach […]

Anois an t-am ag na dreamanna a chreideann i gcomhráite síochána a nglór a ardú

Eisceacht amach is amach a bhí san alt sin le Geoffrey Roberts faoin gcogadh san Úcráin a foilsíodh san Irish Times. Ollamh emeritus le stair i gColáiste na hOllscoile Corcaigh é Roberts. Tá go leor scríofa aige cheana faoi stair agus faoi pholasaí eachtrach na Rúise.

Bolscaireacht ar son Zelensky na hÚcráine ar fad beagnach a bhíonn le fáil againne ó mheáin chumarsáide an Iarthair atá go nimhe neanta in aghaidh na Rúise.

De réir mar a chuireann siadsan an scéal i láthair is diabhal cruthanta as ifreann é Putin.

Ní mar sin a fheiceann an tOllamh Roberts é. Deir seisean gur iontach an ghuaim atá coinnithe ag Putin air féin go dtí seo nuair a chuirtear san áireamh an brú damanta atá rialtas Mheiriceá agus ceannairí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO] a chur ar a thír.

Labhair an tOllamh Roberts ar na diúracáin is deireanaí atá geallta ag Meiriceá, ag an nGearmáin agus ag tíortha eile don Úcráin. Ní chreideann sé go ndéanfaidh siad mórán difríochta ar pháirc an chatha.

Ar an gcéad dul síos is beag acu atá i gceist.  Lena chois sin ní shroichfidh siad an Úcráin go luath agus tógann sé tamall maith le saighdiúirí a thraenáil lena n-ionramháil.

Ná ceaptar ach an oiread go bhfuil draíocht ar bith ag baint leis na diúracáin seo ar thóg sé tamall maith ar na Gearmánaigh cinneadh a dhéanamh fúthu.  Scriosfaidh na Rúisigh iad as éadan.

D’úsáid arm na Tuirce iad roimhe seo sa tSiria agus bhí ISIS in ann a bhformhór a chur in aer. Má bhí ISIS in ann é a dhéanamh nach mó go mór a bheas sé ar chumas arm na Rúise iad a chur ó mhaith?

Leanfaidh an cogadh tnáite ar aghaidh, a deir an tOllamh Roberts, agus tá chuile chosúlacht ar an scéal go n-éireoidh leis an Rúis seilbh a fháil ar réigiún an Donbas go hiomlán.

Measann sé go dtuigeann ceannairí an Iarthair é seo go maith ach gur mian leo a chinntiú nach gcuirfear milleán mór ar bith orthu féin nuair a thiocfas an lá a mbeidh an lámh in uachtar ag an Rúis.

Déarfaidh siad gur thug siad chuile chabhair ab fhéidir leo don Úcráin agus nach orthusan a bhí an locht má chaill Zelensky.

An chontúirt is mó atá ann faoi láthair, a deir an tOllamh Roberts, go gcuirfeadh an Pholainn agus Meiriceá saighdiúirí isteach in iarthar na hÚcráine. Déarfaí gur cabhair dhaonnúil a bheadh inti ach ní mar sin a bhreathnódh na Rúisigh air. Báire na fola ceart a bheadh ann an uair sin idir an Rúis agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh.

Tá caint ag dul thart anois freisin go bhfuil rialtas na Breataine ag smaoineamh ar dhiúracáin fadraoin a shroichfeadh bunáiteanna sa Rúis féin a chur chun na hÚcráine. Sin é an uair a mbeadh ar Phutin frithionsaí fíochmhar a dhéanamh.

Níor facthas ariamh sa domhan cheana sampla den seach-chogadh atá fórsaí an Iarthair a spreagadh san Úcráin leis an Rúis a lagan, a deir an tOllamh Roberts.

Anois an t-am ag na dreamanna a chreideann i gcomhráite síochána a nglór a ardú, a deir sé.

Fág freagra ar 'Anois an t-am ag na dreamanna a chreideann i gcomhráite síochána a nglór a ardú'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    ….agus a éileamh ar Phutin tarraingt siar as an Úcráin.

  • Tony

    Níl áit ar bith sa chogadh seo do iománaithe ar an díog. Tá taobh an ionsaitheora roghnaithe ag Roberts agus O Cuaig

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ar son na síochána atá mé. Teastaíonn socrú leis an marú agus an martrú a stopadh.

  • Séamus

    Is féidir leis an ollamh seo alt éigin a scríobh ach níl ceachtar den dá thaobh réidh chun dul i mbun cainte go fóill. Ní chiallaíonn sin nach ‘gcreideann’ daoine i gcainteanna síochána ach, dá mbeadh polaiteoirí ón iarthar ag maíomh gur chóir cainteanna a chur ar bun go láithreach, is é an tuiscint a bheadh ag rialtas na Rúise air sin ná go bhfuil Úcráin ar tí géilleadh. Tá an Rúis ag ullmhú i gcomhair ionsaithe nua le cúpla mí anuas (rud nach luaitear san alt seo) agus is léir, faraor, go mbeidh tuilleadh cogaíochta i mbliana. Níl sé chomh éasca is a rá gur chóir ‘glórtha a ardú’, cibé rud is ciall leis sin.

  • JP

    Samhail de Peter the Great ‘sea Putin dar leis féin ina aigne féin. An droichead sin idir an Rúis agus an Chrímé a bhfuil oiread sin toirtéise air dá bharr, níor éirigh le haon Czar riamh a mhacasamhail a chur i gcrích nó gur tháinig sé féin ar an bhfód, a mhaígh sé in óráid a oscailte. Rinne sé ionradh ar thír neamhspleách na hÚcráine mar go dteastaíonn uaidh Impireacht na Rúise a athchruthú. Cogadh impiriúil atá á fhearadh aige .i. canntáil á dhéanamh aige ar thalamh na hÚcráine i ndearg-ainneoin toil mhuintir na tíre sin. Tá dearg-ár, léirscrios, réabadh reilige is éigniú ban ar siúl de ló is d’oíche. Is cuma leis faoi canach a dhéanamh de thithe sibhialtach, scoileanna, ospidéil, bailte nó cathracha iomlána. ‘Guaim’ adeir sibh? ‘Guaim’?? Rinne sé an rud ceanann céanna sa tSiria go fiú is buamaí ceimice a úsáid in Aleppo. An leithscéal a thug sé ná go raibh treallchogaithe ó Checnia i bhfolach ann. Gealt fíor-dhainséarach ‘sea é seo atá sásta dul go bun an angair chun a chuid aidhmeanna impiriúlacha a bhaint amach. Bhagair sé féin agus a chamthaí airm núicléacha a úsáid. Creidimse go ndéanfadh sé é. Níl de rogha againn ach gach deis a thapú chun an Sátan beag seo a chur de dhroim an tsaoil. Is náir liom go bhfuil Ó Cuaig ag pápaireacht ar son cogadh impiriúlach seo Putin.

  • Anton O'Muimhneachain

    Faoi deireadh alt breá faoin gcogadh san Úcráin leis an bhéim ar iarracht a dhéanamh síocháin a aimsiú. Is mór an dubhach é an méid mothúchán frith-Rúiseach atá in Éirinn a fheiceáil go háirithe nuair a bhí siad ar cheann de na chéad tíortha a thug aitheantas do shaorstát na hÉireann.

    Anton

  • Mícheál Ó Ruairc

    Síocháin a theastaíonn. Níl seans ar bith go ndéanfar síocháin faid is atá an Eoraip, na Stáit Aontaithe agus tíortha eile nach iad ag lorg troda. Ba cheart iarracht i bfad níos fearr a dhéanamh chun teacht ar réiteach síochánta seachas an síorshaighdeadh agus an síorbhagairt míleata ón Iarthar. Taréis an tsaoil is iad cosmhuintir na Rúise agus na hÚcráine amháin a fhulaingeoidh chun an tart íota fola seo a shásamh.

  • Eoghan Ó Néill

    Cad atá a dhul a tarlú do mhuintir Oirthear agus Deisceart na hÚcráine (Donbas, Crimea, etc.), ar ba dhaoine iad a bhí báiúil don Rúis, má éiríonn le forsaí Khív na Rúisigh a ghlanadh as an tír ar fad? B’fhearr go mór go mbeadh sos cogaidh agus seans cainteanna a chur ar bun agus cearta síbhialta teangan bheith ag an dá theanga ann. Rud eile isea an ‘Drang nach Osten’ de chuid Nato atá ina bhagairt don Rúis agus atá ina chuid mhór de chúis na faidhbe.
    Ar ndóigh beidh ar an Rúis cúiteamh a íoc as an damáiste don tír le bliain anuas.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An bhfuil duine ar bith a cheapadh go mbeidh bua IOMLÁN ag taobh amháin sa gcogadh.
    Luath nó mall beidh géilleadh le déanamh ag an dá thaobh. Sin é ba cheart díbh a bheith a phlé seachas a bheith ag saghdadh na nÚcráineach agus ag súil go gcuirfear tuilleadh díuracán chucu. Ní bheidh de thoradh ar sin ach go gcuirfear na mílte eile den tsaol.

  • Indrek Ois

    Cé hé an tOllamh Geoffrey Roberts atá luaite ag Seosamh Ó Cuaig mar fhoinse? Bhuel, de réir na Vicipéide, is duine é a bhfuil meas mór aige ar Stalin agus é molta aige mar eiseamláir ceannaire míleata sa dara cogadh domhanda. Is cosúil go raibh Hitler, Mussolini, Pol Pot srl thar barr mar cheannairí míleata freisin … ach amháin gur choirpigh agus fhir bhuile iad uilig. Tá brón orm, ach ba dheacair dom muinín a chur ina leithéid de shaineolaí.

  • Antóin

    An-alt ag Seosamh Ó Cuaig. Seach-chogadh atá ann mar a deir Geoffrey Roberts agus bainfear stangadh as muintir an iarthair nuair a chaillfidh Zelensky mar níor chuala siad ón tús ach bolscaireacht ar son Zelensky.

    Dála an scéil, conas is féidir an t-alt seo a léamh agus a thuiscint agus ansin a rá go bhfuil ‘taobh an ionsaitheora roghnaithe ag Seosamh Ó Cuaig’ nó go bhfuil sé ‘ag páipearacht ar son cogadh impiriúlach seo Putin?’.

  • Scott Oser

    Cuireann a leithéid de chaint Chamberlain agus “síocháin dár dtráth” i gcuimhne dom.

  • Colin Ryan

    Chuaigh Putin sa seans agus chaill sé an cluiche, mórán. Ní gá diabhal ceart a dhéanamh de féin ná dia beag a dhéanamh de Zelinsky, ach is léir nach fiú do cheachtar den dá thaobh cúrsaí síochána a phlé mura bhfuil buntáiste le baint as acu. Bheadh ar Zelinsky tailte áirithe a ligean leis an Rúis, rud nach bhfuil sé sásta a dhéanamh faoi láthair; ní léir cén géilleadh a dhéanfadh an Rúis. Idir an dá linn leanfar den chogadh. Tá láncheart ag an Úcráin tacaíocht a lorg pé áit a bhfuil sí le fáil, cé gur fíor go bhfuil seandearcadh an Iarthair ar an Rúis á neartú dá bharr. Caithfidh an Rúis tairbhe a bhaint anois as meáchan fear: uaireanta is ionann mór agus maith. As an tnáitheadh a thiocfaidh an tsíocháin.

  • jpmorley0@gmail.com

    “…gur iontach an ghuaim atá coinnithe ag Putin air féin. Cé eile a leomhfadh an focal sin “guaim” a lua le leithéid Putin ach bollscairí a thaobhaíonn leis cé nach ndéarfaidís é sin de mhaoil an bhaige amach? Mar le NATO tá dhá thír sa bhreis anois sa chomhghuaillíocht sin thar mar bhí sula ndearna Putin ionradh ar thír neamhspleách na hÚcráine. Rachaidh sé go bun an angair chun nach mbeidh tír dhaonlathach, shaibhir, cheannródaíoch ar leic an dorais aige féin. D’fhágfadh san go mbeadh an greim atá aige féin ar an gcumhacht i mbaol.