An Úcráin ‘ag géarú níos mó ar an ionsaí’

Tuairiscítear go bhfuil athsheilbh á fáil ag an Úcráin ar áiteanna áirithe a bhí gafa ag na Rúisigh, ach níl aon stad le bombardú na Rúise ar Mariupol

An Úcráin ‘ag géarú níos mó ar an ionsaí’

De réir tuairiscí ón Pentagon,  Roinn Cosanta na Stát Aontaithe, tá saighdiúirí na hÚcráine ag seasamh an fhóid in aghaidh thrúpaí na Rúise agus athsheilbh á fáil acu ar áiteanna a bhí gafa ag na Rúisigh i gcuid den tír.

Tuigtear ó thuairiscí éagsúla le cúpla lá go bhfuil ceannas tógtha ar ais ag saighdiúirí na hÚcráine ar thalamh i mbruachbhailte in iarthuaisceart na príomhchathrach Cív agus thart ar chalafort Mykolaiv ar an Muir Dhubh.

Tuairiscítear go bhfuil bratach na hÚcráine ar foluain arís i mbruachbhaile Makariv, siar ó Chív.

Ach níl stad ná staonadh ar bhombardú na Rúise ar chalafort Mariupol sa deisceart, agus thart ar 100,000 sibhialtach sáinnithe sa gcathair agus iad ar an ngannchuid.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, go raibh drochbhail ar phobal na cathrach sin agus iad beo “faoi dhálaí a bhí mídhaonnachtúil. Imshuí iomlán déanta orthu. Iad gan bia, uisce ná cógais leighis. Sliogáin agus buamaí á scaoileadh leo go seasta síoraí.”

Dúirt John Kirby, urlabhraí thar ceann Roinn Cosanta na Stát Aontaithe, ag an bpreasocáid is déanaí dá cuid, go raibh an Úcráin ag cosaint codanna den tír “go han-chliste, go han-scafánta, agus go han-chruthaitheach”.

“Tá comharthaí feicthe againn go bhfuil na hÚcránaigh ag géarú níos mó ar an ionsaí anois,” a dúirt Kirby.

“Is léir anois go bhfuil siad ag triail talamh a fháil ar ais, go háirithe sa deisceart thart ar Kherson.”

Thug Roinn Cosanta na Ríochta Aontaithe le fios gur beag nua a bhí ag tarlú ar pháirc an chogaidh i dtuaisceart na hÚcráine agus gur dócha go raibh fórsaí na Rúise á n-atheagrú sula dtabharfaidís faoi mhórionsaithe eile.

Dúirt leas-phríomhaire na hÚcráine, Iryna Vereshchuk, go raibh socrú déanta faoi naoi gcinn de bhealaí éalaithe [bealaí daonnúla] le sibhialtaigh atá sáinnithe i mbailte agus cathracha sa tír a thabhairt amach slán ach nár thángthas ar aon socrú leis an Rúis faoi bhealach sábháilte a cheadú amach as lár chalafort Mariupol.

Chuir Uachtarán Zelensky na hÚcráine i leith fhórsaí na Rúise gur ghabhadar conbhua daonnúil in aice le Mangush, siar ó Mariupol, agus gur thógadar oibrithe éigeandála de chuid na hÚcráine ina bpríosúnaigh.

Dúirt urlabhraí de chuid na Creimile go bhféadfadh an tUachtarán Putin airm núicléacha a úsáid dá mbeadh an Rúis “i mbaol eiseach”.

Dúirt urlabhraí ón Pentagon gur “contúirteach” í an chaint sin ar airm núicléacha ach nach raibh aon chall do na Stáit Aontaithe a pholasaí ionbhagartha a athrú.

D’iarr António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar an Rúis a míle dícheall a dhéanamh ar son na síochána. “Ní aon bhua i ndán sa chogadh seo. An t-aon cheist atá ann: cé mhéad duine eile chaithfidh bás a fháil?” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'An Úcráin ‘ag géarú níos mó ar an ionsaí’'