An tsíocháin shealadach á tapú chun soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza

Dúirt údaráis mhíleata Iosrael gur bhain mionghortuithe do roinnt dá saighdiúirí in eachtra i dtuaisceart Gaza

An tsíocháin shealadach á tapú chun soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza

Inniu an cúigiú lá den sos lámhaigh a socraíodh idir Iosrael agus Hamas in Gaza ó cuireadh an dá lá breise leis inné.

Dúirt údaráis mhíleata Iosrael gur bhain mionghortuithe do roinnt dá saighdiúirí in eachtra i dtuaisceart Gaza. Cé gur dheimhnigh Hamas gur tharla a leithéid de throid ansin, dúirt siad go raibh siad tiomanta i gcónaí don sos lámhaigh sealadach agus chuir siad an milleán ar Iosrael as an eachtra.

Tá geallta ag Iosrael go scaoilfidh siadsan saor triúr de na cimí Palaistíneacha atá faoi ghlas acu in aghaidh gach giall as Iosrael atá faoi choinníoll ag Hamas ó d’fhuadaíodar iad ar an 7 Deireadh Fómhair.

Meastar thart ar 170 giall a bheith fós ar iarraidh óna muintir.

Bhíothas ag súil go saorfaí na gialla ba leochailí faoin socrú seo ach dúirt feidhmeannach de chuid Hamas sa Chatar nach acusan a bhí na gialla ar fad faoi choinneáil mar gur faoi chúram grúpaí beaga eile a bhí cuid díobh.

Dúirt an t-ionadaí sin go raibh sé i gceist deichniúr giall eile a scaoileadh amach inniu agus deichniúr eile amárach. Tá teaghlaigh dheichniúr liosta an lae inniu curtha ar an eolas faoina bhfuascailt ag Údaráis Iosrael.

Dúirt Nebal Farsakh ón gCorrán Dearg go raibh suas le 200 leoraí soláthairtí sa lá á dtabhairt isteach go Gaza ó stopadh den troid agus go raibh riachtanais á dtabhairt go tuaisceart Gaza, rud nárbh fhéidir a dhéanamh ó thosaigh an t-ionsaí.

Tá an tsíocháin shealadach seo á tapú ag na Náisiúin Aontaithe freisin chun soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza, ábhar a bhfuil an pobal atá fágtha ansin agus na seirbhísí ina ghéarghá. I ráiteas ón eagraíocht sin dúradh go raibh an-chontúirt ann go gcuirfeadh galair daoine den saol in Gaza mura gcuirfí cóir éigin ar an gcóras sláinte ansin go práinneach.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh níos mó daoine bás a fháil de bharr nach bhfuil aon chóir leighis ann dá gcuid tinneas ná mar a maraíodh sa mbuamáil. Dúradh go raibh galair riospráide agus an bhuinneach rábach in Gaza agus gan aon leigheas ar fáil dóibh. Níl teach ná áras fágtha ag dhá dtrian den 2.3 milliún duine atá ina gcónaí in Gaza de bharr na troda agus na mílte ag codladh amuigh faoin aer nó i bpubaill.

Dúirt UNICEF go bhfaca siadsan leanaí ina luí i gcarrchlósanna agus i ngairdíní i dtuaisceart Gaza agus créachta uafásach orthu agus gan aon chóir leighis ná faoiseamh ón bpian ar fáil agus iad i mbaol ionfhabhtuithe.

Is ionann cás ag na hothair a bhí ag fáil cóir leighis d’aicídí tromchúiseacha roimh an ionradh – ailse, galar croí nó diaibéiteas – níl aon chóir leighis ar fáil dóibh faoi láthair.

Tá feachtas láidir ann go scaoilfí saor páistín 10 mí d’aois a gabhadh lena thuismitheoirí agus a dheartháir ceithre bliana d’aois.

Rinne a aintín achainí ar na tíortha ar fad a bhfuil tionchar acu ar na cainteanna síochána chuile iarracht a dhéanamh ar son na leanaí agus dúirt sí go raibh imní uirthi “nach i lámha Hamas a bhí sé iad a shaoradh”.

Fág freagra ar 'An tsíocháin shealadach á tapú chun soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza'