Níor cheap mé go dtabharfadh éinne faoi deara mé nuair a thóg mé m’fhón amach as mo mhála gur dhírigh mé síos ar mo chosa é le pictiúr a thógáil de mhéaracha mo chos.
Bhuel, níorbh iad na méaracha dháiríre, ach na hingne agus an phéint nua Nollaigiúil a bhí díreach curtha orthu istigh i salón ar Shráid na Siopaí i nGaillimh.
‘Err, an bhfuil tú ag tógáil pictiúr de do chosa?’ a d’fhiafraigh bean an ‘French Polish’, a bhí suite sa gcathaoir mhór shuathaireachta le mo thaobh, díom.
‘Ó,’ a dúirt mé is rinne mé gáire beag, is d’airigh mé an fhuil ag éirí i mo chuid leiceann. ‘Tá mé á chur ag mo dheirfiúr.’
Thuig mé nach raibh míniú sásúil faighte ag mo chomrádaí fós, ná tada mar é.
‘Is é an chaoi é, gur thug sí dearbhán dom agus bhí mé ag iarraidh ‘go raibh maith a’d’ a rá léi.’
Rith sé liom ansin go raibh mé théis pictiúr d’ingne na gcos a chur chuig mo dheirfiúr gan aon mhíniú breise a bheith curtha leis. ‘Sin é a fuair mé ar an dearbhán, dála an scéil! GRMMA!’
Arsa French Polish, ‘b’fhéidir go gcuirfinn pictiúr ag mo dheirfiúr féin, cá bhfios nach bhfaighinn féin dearbhán, ‘breathnaigh cé chomh deas is atá deirfiúr na mná seo, nod nod!’
Bhailigh mé suas mo chuid balcaisí agus d’imigh amach. Bhuail gaoth ghéar mé ar theacht amach an doras dom agus boladh an tseaca uirthi.
‘Go mbeannaí Dia dhuit,’ a chuala mé, is mé fós i mo sheasamh sa doras ag feistiú mo chaipín is mo mhiotógaí orm in aghaidh an fhuachta.
Thug mé faoi deara seanbheainín suite ar chairtchláir sa doras. Bhí seáilín uirthi mar a bhíodh á chaitheamh ag mo mhamó. ‘An bhfuil aon tsóinseáil le spáráil agat, a leanbh?’
Thug mé cúpla euro di is d’fhág mé slán aici. ‘Go gcumhdaí Dia thú,’ a dúirt sí liom.
Shiúil mé trasna an bhóthair go dtí an ATM ag Caisleán an Linsigh. Is mé ag fanacht sa scuaine, thug mé faoi deara fear óg agus húdaí air suite ar chairtchláir le taobh an ATM agus a chodladh ag titim air.
Ina ghabháil, bhí comhartha aige agus scríofa air bhí; ‘help the homeless, can you spare any change?’
D’oscail mé an zip ar phóca na sóinseála ar an sparán is thug mé a raibh ann dhó, níor mhórán é. ‘Go gcumhdaí Dia thú,’ a dúirt sé liom.
Ní raibh mé imithe caoga slat nuair a sheas mé isteach ar an bhfoscadh ar chúlsráid chun glaoch a chur abhaile. Chonaic mé fear ard caol meánaosta ag déanamh orm. Bhuail beagán imní mé. ‘An bhfuil aon tsóinseáil le spáráil agat, loveen?’
‘Má tá, tabharfaidh mé dhuit é,’ a dúirt mé leis is thóg mé mo sparán as mo mhála. Fiche is a dó cent a bhí ann, is shín mé chuige é agus sórt náire orm. ‘Go gcumhdaí Dia thú,’ a dúirt sé liom is d’imigh sé leis arís.
Thug mé aghaidh siar abhaile is bhí na céadta soilse Nollag ina gcosán órga os mo chionn.
Chuir mé an eochair sa doras is ba bheag nár leag na gasúir de mo chosa mé agus iad de léim isteach i mo ghabháil. ‘An bhfuil aon rud agat sa mála dúinn, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an fear beag díom.
Thug mé amach císte beag an duine dóibh is shuigh muid isteach le chéile ag an mbord á n-ithe. Bhí muid cumhdaithe isteach sa gcistineach is bhí sí te teolaí is lán le caint agus spraoi.
Chuimhnigh mé go raibh an triúr a casadh orm sa mbaile mór ina leanaí tráth. Is gur dóigh go raibh siad fós amuigh sa bhfuacht ar Shráid na Siopaí ag dáileadh beannachtaí ar na daoine a bhí ag dul thar bráid.