An trádáil dhomhanda is cúis le scaipeadh ar ghalair thubaisteacha i measc froganna

Tá rialacha de dhíth chun smacht a chur ar easpórtáil na bpeataí amfaibiacha agus cosc a chur ar scaipeadh na ngalar seo atá ag bagairt ar bhithéagsúlacht an domhain

An trádáil dhomhanda is cúis le scaipeadh ar ghalair thubaisteacha i measc froganna

Tá fungas cítride amfaibiach ag scaipeadh ar fud an domhain agus go leor speiceas, froganna, buafa agus salamandair san áireamh, thíos leis agus cuid acu á ndíothú dá bharr.  De réir tuairisc a foilsíodh san iris Science an tseachtain seo thart, scaip an fungas ón Chóiré am éigin le linn an fichiú haois.  Thaispeáin an taighde sin cé chomh contúirteach agus atá sé ainmhithe nó plandaí a bheith á n-iompar gan srian ar fud an domhain.

Tugadh faoi deara sna seachtóidí go raibh an líon amfaibiach ag laghdú le tamall agus cuid acu imithe in éag.  Measadh gur athrú domhanda a bhí taobh thiar den díothú, ach níor tuigeadh go cruinn cad é a bhí ag cur isteach ar na hainmhithe seo.

Tá galair ionracha ag scaipeadh ar fud an domhain faoi láthair.  Cuir i gcás, tá galar chríonadh siar na fuinseoige ag scaipeadh ar fud na hÉireann anois.  Tugadh an fungas isteach chun na tíre ar chrainn a iompórtáladh ó mhór-roinn na hEorpa.

Is as an tSeapáin ó dhúchas é an fungas is cúis le galar na fuinseoige.  Tá fuinseog dhúchais na Seapáine seasmhach in aghaidh an fhungais i ndiaidh na mílte bliain ag fás i dteannta a chéile san Áise.  Ach níl crainn fuinseoige in Éirinn seasmhach in aghaidh an fhungais eachtrannaigh.  Níl na crainn in innimh iad féin a chosaint ón fhungas agus faigheann siad bás dá bharr.

Sna nóchaidí fuarthas amach gurbh fhungas ba chúis le bás na n-amfaibiach ar fud na cruinne.  Is é Batrachochytridium dendrobatidis nó fungas cítride amfaibiach t-ainm atá ar an fhungas a mharaíonn na hainmhithe seo. 

Cén fáth nár thángthas ar an fhungas seo roimh na seachtóidí?  Mheas na taighdeoirí gur galar ionrach a bhí ann agus gur scaip an fungas as foinse amháin seal gairid roimh na seachtóidí.

Chun teacht ar an fhoinse, rinneadh scagadh ar sheicheamh DNA as pórtha difriúla den fhungas cítride amfaibiach a bhíonn ag cur fúthu ar na sé ilchríoch.

Bíonn níos mó géinéagsúlachta (nó éagsúlacht sa seicheamh DNA) i gceantar dúchais gach dúil.  Cuir i gcás, is as an Meánoirthear an eorna.  Tá i bhfad níos mó géinéagsúlachta sa phlanda seo sa Mheánoirthear ná mar atá in áit ar bith eile ar an domhan. 

Fuair an fhoireann amach go bhfuil níos mó géinéagsúlachta le fáil i bpórtha den fhungas ón Chóiré ná áit ar bith eile.  Glacadh leis dá réir gurbh as an Chóiré a scaip an fungas.

Más í an Chóiré foinse an fhungais, bheifí ag súil go mbeadh leagan den seicheamh DNA ón Chóiré le fáil i bhfungais ó áiteanna eile.  Thángthas ar an seicheamh DNA céanna i bhfungais ón Chóiré agus ón Bhrasaíl.  Anuas air sin, thángthas ar sheicheamh DNA eile sna fungais ón Chóiré agus Meiriceá Thuaidh.

Ciallaíonn sé seo gur scaip an fungas ar fud an domhain ó fhoinse sa Chóiré. Nuair a rinneadh anailís ar cá huair a scaip an fungas as an tír sin, fuarthas amach gur idir 1898 agus 1962 a scaip sé.  Ní féidir a bheith níos cruinne na sin.

Scaip fungas cítride amfaibiach ón Chóiré idir 56 agus 120 bliain ó shin.  Ba sa tréimhse chéanna sin a cuireadh tús le trádáil dhomhanda na bpeataí, amfaibiaigh san áireamh, nuair a tosaíodh ar líon mór de na hainmhithe sin a iompórtáil ar fud an domhain den chéad uair.   

Má leanann muid orainn ag scaipeadh ainmhithe ar fud na cruinne mar atá muid faoi láthair, tá seans maith ann go mbeidh tuilleadh galar ionrach ag teacht.  Tá rialacha de dhíth chun smacht a chur ar easpórtáil na bpeataí amfaibiacha agus cosc a chur ar scaipeadh na ngalar seo atá ag bagairt ar bhithéagsúlacht an domhain.

Fág freagra ar 'An trádáil dhomhanda is cúis le scaipeadh ar ghalair thubaisteacha i measc froganna'