An tOireachtas ar ais – na mílte ag triall ar mhórfhéile na nGael i gCill Airne

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers a sheolfaidh an fhéile, a cuireadh ar ceal le dhá bhliain anuas de dheasca na paindéime Covid-19

An tOireachtas ar ais – na mílte ag triall ar mhórfhéile na nGael i gCill Airne

Beidh na mílte ag triall ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne as seo go ceann cúpla lá agus mórfhéile na nGael ar siúl den chéad uair le trí bliana anuas.

Seo an t-ochtú uair don Oireachtas a bheith ar siúl i gCill Airne ó 2010 agus an naoú huair ar fad.

Táthar ag súil le slua mór ag féile na bliana seo ó tharla gur roinnt imeachtaí ar líne amháin a bhí ann le dhá bhliain anuas de dheasca na paindéime.

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers a sheolfaidh féile 2022 go hoifigiúil in Óstán Ghleann an Iolair tráthnóna agus cuirfear clabhsúr ar imeachtaí le hAifreann an Oireachtais maidin Dé Domhnaigh.

Is é an chéad imeacht ar fad ag féile na bliana seo ná seimineár atá á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann maidin inniu faoi dheiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach.

Fógróidh an tAire Stáit tráthnóna chomh maith duaiseanna litríochta an Oireachtais agus is iad Gradaim Chumarsáide an Oireachtais mórócáid na hoíche anocht.

Bronnfar Buaicghradam Cumarsáide na Bliana seo ar Mhártan Ó Ciardha, iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc. Tá triúr eile ainmnithe sa rannóg Colúnaí na Bliana dá saothar le Tuairisc, Alex Hijmans, Mairéad Ní Nuadháin agus Fachtna Ó Drisceoil.

Craolfar na gradaim beo ar www.tg4.ie agus www.antoireachtas.ie.

Seolfaidh Deirdre Ní Choistín, ceannasaí nuachta nuacheaptha TG4, níos túisce tráthnóna ábhar cartlainne ó Nuacht TG4 agus Ros na Rún.

Seolfaidh an tAire Stáit amárach an tuarascáil is déanaí ar a bhfuil déanta ag an Rialtas maidir le cur i bhfeidhm a bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Ghaeilge.

Seo an tríú hathbhreithniú ar an bplean a tugadh isteach in 2018.

Mar is gnáth is iad na comórtais amhránaíochta agus rince ar an sean-nós mórimeachtaí na féile.

Beidh an mórchomórtas sean-nóis, Corn Uí Riada ar siúl Dé Sathairn, 50 bliain ó bronnadh an corn aitheanta den chéad uair.

Ar Threasa Ní Mhiolláin, as Inis Mór, a bronnadh Corn Uí Riada i 1972 agus Máire Ní Choilm, as Mín an Iolair, na Doirí Beaga, a thug an corn léi in 2019, an uair dheireanach a raibh an comórtas ann sular chuir an phaindéim stop leis ar feadh dhá bhliain.

Maidin amárach ag 10.30 am a chuirfear tús leis na comórtais ardáin sna healaíona béil leis an gcomórtas Agallamh Beirte do Dhaoine Óga 11-13 bliain d’aois.

Amárach chomh maith a sheolfaidh Uachtarán an Oireachtais, Máirín de Brún, Aonach an Oireachtais, mar a mbeidh seastáin ag comhlachtaí agus eagraíochtaí na nGael ag díol a gcuid earraí agus ag tabhairt blaiseadh de dhaoine ar an gcuid oibre.

Is féidir eolas a fháil faoi imeachtaí na féile ón Oireachtas anseo agus beidh na sonraí ar fáil gach lá ar Tuairisc chomh maith.

Fág freagra ar 'An tOireachtas ar ais – na mílte ag triall ar mhórfhéile na nGael i gCill Airne'