An-tóir ar an gcéad ‘bhréagán Breatnaise’

Tá míle ‘Y Seren Swynol’ díolta cheana féin agus gan é a bheith ar fáil i siopaí bréagán go fóilleach

An-tóir ar an gcéad ‘bhréagán Breatnaise’

Tá an-tóir ar an gcéad bhréagán ceolta Breatnaise ar fud an domhain, dar le lucht a dhéanta. Chruthaigh Awena agus Baron Walkden as Porthaethwy in Ynys Môn na Breataine Bige ‘Y Seren Swynol’ (An Réalta Dhraíochta) nuair a chonacthas dóibh go raibh ganntanas “bréagán Breatnaise” ann dá n-iníon, Cari Môn, dhá bhliain ó shin.

Tá míle ‘Y Seren Swynol’ díolta cheana féin agus gan é a bheith ar fáil i siopaí bréagán go fóilleach.

“Bhíomar ag iarraidh go mbeadh ár n-iníon in ann a bheith ag spraoi ina teanga dhúchais agus an Bhreatnais a chloisteáil i ngach gné dá saol, go háirithe agus í ag súgradh, ó creidimid go láidir sa spraoi mar uirlis foghlama.

“Níor thuig m’fhear céile cén fáth nach raibh an oiread sin bréagán idirghníomhaíochta Breatnaise ar fáil. D’airigh sé go gcabhródh sé an teanga a normalú sa teach,” a mhínigh Awena.

Chruthaigh siad an chéad leagan den bhréagán le boscaí fuaime ó chartaí breithlae agus seanéadach ar chruth réalta. Chaith an lánúin dhá bhliain ina dhiaidh sin ag obair ar an dearadh agus ar an taobh gnó den togra, agus i ndiaidh dóibh 15 réamhleagan a chruthú, tá an bréagán á dhíol leis an domhan mór.

Dírithe ar ghasúir 0-3 bliain d’aois atá Y Seren Swynol, agus ‘canann’ an réalta cúig rann cháiliúla do pháistí, ‘Mi Welais Jac y Do’ agus ‘Dacw Mam yn Dwad’ ina measc.

Dúirt Avena go bhfuil Cari “an-tógtha go deo” leis an mbréagán agus go dtugann sí léi é áit ar bith a dtéann sí.

“Chonaic muid gur thug an réalta i bhfad níos mó sóláis agus faoisimh di ná mar a thug aon bhréagán eile atá aici mar canann sé amhráin a aithníonn sí ina teanga féin. Táimid chomh sásta sin go bhfuil bréagán Breatnaise mar chuid dár dteaghlach,” a dúirt sí.

Tá leanbh nua ag muintir Walkden anois, Mabon, agus tá an comhlacht a bhunaigh an lánúin Si-lwli Cymru anois ag dearadh bréagán nua.

Tá míle Y Seren Swynol ceannaithe ag grúpaí teanga ar fud na Breataine Bige agus níos faide i gcéin cheana féin.

Tá roinnt bréagán ann a ‘labhraíonn’ nó a ‘chanann’ i nGaeilge. Is é an ceann is cáiliúla acu sin Bábóg Baby, ar bunaíodh sraith theilifíse do ghasúir air ar TG4.

Tuairim is ocht mbliana ó shin, rinne Adrian Devane ó Mhaigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe an bréagán ‘Bábóg Baby’ – béirín a bhfuil dathanna, uimhreacha, agus cruthanna i nGaeilge ‘ar eolas’ aige. Fáiltíodh roimh Bábóg Baby den chuid is mó ach bhíothas ann chomh maith a cháin foghraíocht an pháiste a thug glór don bhéirín.

Tá leagan Breatnaise de Bhábóg Baby ar fáil freisin.

Fág freagra ar 'An-tóir ar an gcéad ‘bhréagán Breatnaise’'