An teachtaireacht as Gaeilge a fágadh ar an ngealach caoga bliain ó shin…

I measc na rudaí a d’fhág lucht an Apollo 11 ar an ngealach 50 bliain ó shin bhí teachtaireacht i nGaeilge ó Uachtarán na hÉireann

An teachtaireacht as Gaeilge a fágadh ar an ngealach caoga bliain ó shin…

Tá teachtaireacht as Gaeilge a seoladh chun na gealaí ar an Apollo 11 leathchéad bliain ó shin á scaipeadh go tréan sa chibearspás.

Agus comóradh á dhéanamh an tseachtain seo ar an tuirlingt ar an ngealach i 1969, cuireadh amach ón gcuntas Twitter ‘Documents on Irish Foreign Policy’ cáipéisí stairiúila a thugann léargas iontach ar an nasc beag idir teanga na nGael agus céim mhór chun cinn Neil Armstrong.

Is é atá sa chéad cháipéis ná litir go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha ó rúnaí Roinn an Taoisigh le heolas faoi theileagram ó Ambasadóir na hÉireann in Washington, William Fay. Bhí teachtaireacht speisialta á lorg ag Fay ó Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, le go seolfaí chun na gealaí í.

Bhí a leithéid de theachtaireacht á lorg ag na Meiriceánaigh ó cheannairí ar fud an domhain chun go bhfágfaí iad ar an ngealach.

Sa litir a seoladh go dtí Roinn an Taoisigh ar an 25 Meitheamh 1969, bhí moladh ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Frank Aiken maidir le téacs na teachtaireachta a sheolfaí chun na gealaí ar an Apollo 11.

Bhí an téacs sin i mBéarla ach dúradh gurb é mian an Tánaiste go mbeadh an teachtaireacht féin i nGaeilge.

‘May God grant the skill and courage which enabled man to reach the moon may assist in the establishment of a peaceful and happier world.’

Ba é an 30 Meitheamh an sprioc le go mbeadh an teachtaireacht as Éirinn i measc na dteachtaireachtaí a thabharfaí ar mhicrascannán ar an turas stairiúil.

Léiríonn an dara cáipéis, ar phreasráiteas é ó Áras an Uachtaráin, gur glacadh le téacs Aiken ach gur cuireadh píosa beag leis, tagairt don bhaol a síleadh bhí ann ag an am go ndéanfadh an duine é féin a scrios.

Seo an teachtaireacht Ghaeilge a fágadh ar an ngealach cothrom na seachtaine seo caoga bliain ó shin.

‘Go ndeonaí Dia go dtabharfaidh an mheabhair agus an misneach a chuir ar chumas an duine cos a leagan ar an ngealach go mbeidh ar a chumas chomh maith síocháin agus sonas a chur in áirithe ar an talamh seo agus teacht slán ó chontúirt a léirscriosta fhéin.’

John Gibney, Michael Kennedy agus Eoin Kinsella a bhíonn i mbun an chuntais Documents on Irish Foreign Policy.

Cothrom an lae inné 50 bliain ó shin chuir Neil Armstrong, Edwin ‘Buzz’ Aldrin agus Michael Collins tús lena dturas chun na gealaí nuair a d’fhág siad an Kennedy Space Centre in Florida san Apollo 11.

Ceithre lá ina dhiaidh sin thuirling siad ar an ngealach.

Fág freagra ar 'An teachtaireacht as Gaeilge a fágadh ar an ngealach caoga bliain ó shin…'