An tarraingt déanta d’fhoirne Gaeltachta Chiarraí, Chorcaí agus na Gaillimhe

Rinneadh an tarraingt do Chraobh Shinsir Peile Chiarraí agus do chraobhacha iomána na Gaillimhe aréir

An tarraingt déanta d’fhoirne Gaeltachta Chiarraí, Chorcaí agus na Gaillimhe

Agus cumainn CLG ar fud na tíre ag prapáil do thús na gcomórtas an mhí seo chugainn, tá socruithe na gcraobhacha fógartha do roinnt cumann Gaeltachta.

Rinneadh an tarraingt do Chraobh Shinsir Peile Chiarraí aréir. Comórtas díbeartha a bheidh ann i mbliana agus gan an dara deis ag foirne má chailleann siad a gcluiche.

Casfaidh Daingean Uí Chúis ar an Teampall Nua, seaimpíní na Craoibhe Idirmheánaí anuraidh, sa chéad bhabhta agus imreoidh Ciarraí Thiar in aghaidh Naomh Ciarán.

Tabharfaidh boic mhóra na Ríochta aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta nuair a imreoidh Crócaigh Chill Airne in aghaidh fhir Thrá Lí, Aibhistín de Staic. Is in aghaidh Fhánaithe na Féile a bheidh seaimpíní 2019, Ciarraí Thoir, ina gcéad chluiche.

Cuirfear tús leis an gCraobh Shinsir ar an 22/23 Lúnasa agus tá sé i gceist go mbeadh an cluiche ceannais ann ar an 26/27 Meán Fómhair.

Níl aon athrú i gceist le leagan amach chraobhacha na gclubanna. Imreofar babhtaí na ngrúpaí roimh thús na Craoibhe Sinsearaí agus imreofar na babhtaí ceathrú ceannais, leathcheannais agus ceannais mí Dheireadh Fómhair.

na socruithe a rinneadh mí Feabhra fós i bhfeidhm. Is i nGrúpa 2 na craoibhe sinsearaí atá Daingean Uí Chúis agus Aibhistín de Staic agus iad i gcuideachta Chill Chuimín agus ceann d’fhoirne eile Thrá Lí, An Léigiún.

Cuireadh An Ghaeltacht i nGrúpa 1 na craoibhe idirmheánaí. Cuirfidh siad tús leis an gcomórtas le cluiche i gcoinne Lios an Phúca agus is iad na Mistéalaigh agus Naomh Muire Chathair Saidhbhín na foirne eile atá leo sa ghrúpa sin.

Tá Piarsaigh na Dromad i nGrúpa 4 na craoibhe idirmheánaí. Tá Gleann Beithe-Gleann Chárthaigh, Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge agus Cumann Phroinsiais Uí Chathasaigh, An Coireán sa ghrúpa céanna leo.

Ó díbríodh Lios Póil ón bpríomhchraobh shóisir anuraidh, is sa chraobh shóisir a bheidh siad in 2020. Imreoidh siad in aghaidh Thairbirt sa chéad bhabhta agus iad i gcuideachta Chaisleán Ghriaire agus Réalt na Mara, An Cromán nó Béal Átha Longfoirt i nGrúpa 4.

Ní dhearnadh aon athrú mór ar chraobhacha peile Chorcaí ach an oiread agus na socruithe deimhnithe an deireadh seachtaine seo.

Ní raibh gá le tarraingt nua, rud a chiallaíonn gur coimhlint lán-Ghaeltachta a bheidh ann sa chéad bhabhta den Phríomh-Chraobh Idirmheánach.

Tabharfaidh Cill na Martra agus Naomh Abán aghaidh ar a chéile i nGrúpa B sa chéad bhabhta. Naomh Uinsionn agus Cnoc na Graí na foirne eile atá leo sa ghrúpa.

Sa Chraobh Shinsir A, imreoidh Béal Átha an Ghaorthaidh agus Micheál Naofa in aghaidh a chéile sa chéad bhabhta i nGrúpa A. Tá San Nioclás agus Ó Donnabháin Rossa sa ghrúpa céanna leo.

Imreofar na cluichí sa chéad bhabhta idir an 24-26 Iúil.

Rinneadh an tarraingt do chraobhacha iomána na Gaillimhe aréir chomh maith agus dhá fhoireann Ghaeltachta atá ag glacadh páirt sa Chraobh Idirmheánach i mbliana.

Beidh An Spidéal i nGrúpa B le Baile Átha an Rí, An Carn Mór agus Cill Chon Iarainn. Is i nGrúpa D atá Maigh Cuilinn agus iad i gcuideachta Cill Bheaganta agus Míleac/Dún an Uchta.

Sa chraobh Shóisir A, tá Micheál Breathnach, a bhuaigh Craobh Chonnacht anuraidh, agus Bearna-Na Forbacha le chéile i nGrúpa C. Tá Droichead an Chláirín agus Cumann Uí Mhaoilíosa leo sa ghrúpa céanna.

Beidh an tarraingt do Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe ann anocht agus beidh sí le cloisteáil beo ag 9.00pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'An tarraingt déanta d’fhoirne Gaeltachta Chiarraí, Chorcaí agus na Gaillimhe'