Na socruithe déanta do chluichí an Daingin agus na Gaeltachta i gcraobhacha peile Chiarraí

Tá an tarraingt do chraobhacha sinsir, Idirmheánacha agus sóisir Chiarraí déanta agus fios anois ag foirne cé a bheidh rompu i mbabhta na ngrúpaí

Na socruithe déanta do chluichí an Daingin agus na Gaeltachta i gcraobhacha peile Chiarraí

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Imreoidh Daingean Uí Chúis in aghaidh Aibhistín de Staic sa gcéad bhabhta de Chraobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí agus an tarraingt déanta do chraobh na bliana seo.

Chas na foirne céanna ar a chéile sa chéad bhabhta anuraidh, cluiche a bhuaigh fir Thrá Lí le trí phointe. Is i nGrúpa 2 na craoibhe atá Daingean Uí Chúis agus Aibhistín de Staic agus iad i gcuideachta Cill Chuimín agus ceann d’fhoirne eile Thrá Lí, An Léigiún.

Cuireadh An Ghaeltacht i nGrúpa 1 na craoibhe idirmheánaí. Cuirfidh siad tús leis an gcomórtas le cluiche i gcoinne Lios an Phúca agus is iad na Mistéalaigh agus Naomh Muire Chathair Saidhbhín na foirne eile atá leo sa ghrúpa leo.

Chaill fir na Gaeltachta cluiche ceannais an chontae i gcoinne an Teampaill Nua anuraidh agus beidh siad ag súil dul céim níos faide i mbliana agus ardú céime a bhaint amach chuig grád na sinsear arís.

Tá Piarsaigh na Dromad i nGrúpa 4 na craoibhe idirmheánaí. Tá Gleann Beithe-Gleann Chárthaigh, Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge agus Cumann Phroinsiais Uí Chathasaigh, An Coireán sa ghrúpa céanna leo.

Ó díbríodh Lios Póil ón bpríomhchraobh shóisir anuraidh, is sa chraobh shóisir a bheidh siad in 2020. Imreoidh siad in aghaidh Thairbirt sa chéad bhabhta agus iad i gcuideachta Chaisleán Ghriaire agus Réalt na Mara, An Cromán nó Béal Átha Longfoirt i nGrúpa 4.

Is féidir an tarraingt iomlán a fheiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Na socruithe déanta do chluichí an Daingin agus na Gaeltachta i gcraobhacha peile Chiarraí'