An taithí ag fir Chill Chainnigh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Baodáin

Tá Baile Héil láidir, tá an taithí agus an óige acu agus cá bhfágfá traidisiún an bhua atá go láidir sa chlub

An taithí ag fir Chill Chainnigh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Baodáin

Foireann Bhaile Héil. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Cad é mar thaispeántas a thug Baile Gonair coicís ó shin nuair a thug siad greadadh ceart sa dara leath do mháistrí na Mumhan, aa Piarsaigh. Aniar aduaidh orainn a tháinig an ceann sin. Ach an lá sin ba iad ab fhearr. Faraor, beidh orthu a bheith chomh maith céanna chun buaiteoirí an lae amárach a chloí san athbhliain, tráth a mbeidh seaimpíní na Mumhan ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní Laighean.

’Sea, tá mí na Nollag linn agus iománaíocht fós á himirt. Amárach beidh an cluiche is tábhachtaí ar siúl i bPáirc Netwatch Cullen i mbaile Cheatharlach, áit a gcasfaidh Baile Héil Chill Chainnigh agus Baile Baodáin Átha Cliath ar a chéile i gcluiche ceannais an chúige. Tá Baile Héil ar ais sa chraobh agus iad anois faoi stiúir an Rí Anraí Shefflin agus iad ar thóir a naoú bua. 

Thugadar an-taispeántas sa gcluiche leathcheannais agus 6-21 curtha ar chlár na scór acu i gcoinne Naomh Éanna Loch Garman. Is beirt de na seanfhondúirí ba mhó a thug ceannasaíocht dóibh, beirt a bhí i Sydney na hAstráile an deireadh seachtaine roimhe sin, áit a rabhadar leis an bhfoireann contae. Ach níor chuir cúrsaí  tuirse aerthurais ná cúrsaí saoire isteach ar na boic seo agus scóráil siad 4-10 eatarthu. Sea, 4-4 fuair Colin Fennelly agus TJ Reid a fuair an chuid eile. Is annamh nach mbíonn Reid ar bharr liosta na scórálaithe, ach bhí air géilleadh do Fennelly an uair seo.

Tá Conn Céad-Catha, Michael Fennell,  agus an lánchúlaí idirchontae, Joey Holden ag Baile Héil chomh maith gan trácht ar cúpla imreoir eile de mhuintir Reid agus an ghlúin nua, Adrian and Darren Mullen. 

Tá siad láidir, tá an taithí agus an óige acu agus cá bhfágfá traidisiún an bhua atá go láidir sa chlub.

Ní féidir na rudaí céanna a rá faoi Bhaile Baodáin Naomh Éanna ach eipic cheart a bhí sa chluiche leathcheannais eile agus 5-28 ag na buaiteoirí tar éis am breise. De réir na dtuairiscí bhí sé ina ardchluiche agus bí cinnte go seasfaidh an choimhlint dhian sin le Bhaile Baodáin.

Agus má bhí laoch scórála ag Baile Héil, bhuel bhí laoch eile ag Baile Baodáin, an peileadóir contae Colm Basquel a scóráil 3-3 ina chéad chluiche sinsir riamh (scóráil iarlaoch Uíbh Fhailí Brian Carroll 2-16 do Chúl Doire).

Níl imreoirí na hardchathrach gan a gceardaithe agus a n-imreoirí aitheanta féin – Simon Lambert, Shane Durkin, Conal Keaney, Niall McMorrow agus Paul Ryan.

Dar ndóigh bhíodh Baile Baodáin ina ríthe ar chraobh Átha Cliath tráth dá raibh. Bhuadar cúig cinn acu i ndiaidh a chéile ó 2007 agus tar éis dhá bhliain de bhriseadh bhuadar arís í in 2013. Ach faraor níl cluiche ceannais an chúige tugtha leo acu fós. 

An gcuirfidh siad deireadh leis an mallacht sin amárach? Beidh sé deacair orthu measaim. Tá an cúlra, an cleachtadh agus an taithí ag fir Chill Chainnigh.

Ach tá caighdeán na hiománaíochta san ardchathair ag feabhsú. Bhí foireann an chontae an-mhaith i gcraobh Laighean anuraidh agus dar ndóigh ba iad Cuala an club a thug leo an dá Chraobh na hÉireann dheireanach.

Is deacair a rá go mbuafaidh fir Bhaile Átha Cliath, ach ní dóigh go mbeidh mórán idir na foirne. Mar sin féin, ceapaimse go bhfuil  tosaithe Bhaile Héil thar a bheith láidir agus go bhfágfaidh sé sin an buntáiste acu.

Fág freagra ar 'An taithí ag fir Chill Chainnigh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Baodáin'