An tAire Oideachais le ceistiú faoi fhadhb ‘thromchúiseach’ na ndíolúintí

Iarrfar ar an Aire Norma Foley I dTeach Laighean inniu a tuairim a thabhairt faoin ardú atá tagtha ar líon na ndíolúintí faoi chóras nua a mhaígh a Roinn féin a dhéanfadh ‘rud annamh agus eisceachtúil’ den díolúine ón nGaeilge

An tAire Oideachais le ceistiú faoi fhadhb ‘thromchúiseach’ na ndíolúintí

Déanfar an tAire Oideachais a cheistiú i dTeach Laighean inniu faoin ardú atá tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge i scoileanna an Stáit.

Iarrfar ar an Aire Norma Foley a tuairim a thabhairt faoin ardú atá tagtha ar líon na ndíolúintí faoi chóras nua a mhaígh a Roinn féin a dhéanfadh ‘rud annamh agus eisceachtúil’ den díolúine ón nGaeilge.

Beidh an tAire Foley i láthair tráthnóna ag an gcruinniú is déanaí i sraith cruinnithe atá á heagrú ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi cheist chonspóideach dhíolúine na Gaeilge.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go raibh díolúine ón nGaeilge ag 41,148 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh, 11% den líon iomlán. Sin ardú ó 2.5% in 1999.

D’ardaigh líon na ndíolúintí ón nGaeilge a deonaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh beagnach 25%.

Léirigh anailís nua a foilsíodh ar Tuairisc inné go bhfuil formhór na ndaltaí iarbhunscoile a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama i mbun staidéir ar theanga iasachta eile seachas an Béarla.

Teanga eile á staidéar ag formhór daltaí a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama

Ag na cruinnithe a bhí ag an gcoiste Oireachtais faoi cheist na díolúine go dtí seo, léirigh eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais, grúpaí múinteoirí agus príomhoidí agus saineolaithe oideachais a míshásamh faoi chóras na ndíolúintí.

Dúirt cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur léirigh an fianaise a cuireadh os comhair an choiste le gairid cé chomh “tromchúiseach” is atá an fhadhb agus nach bhfuil “aon bhunús” le córas na ndíolúintí mar atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair.

“Ón méid atá cloiste againn sa choiste go dtí seo, tá sé thar a bheith tromchúiseach agus gan aon bhunús leis an gcóras in aon chor. Níl aon bhunús teangeolaíochta leis, níl aon bunús síceolaíochta leis agus fós, go dtí seo, níl an Roinn – iad siúd a ghlac an cinneadh seo – sásta a mhíniú cad air a bhfuil sé bunaithe,” a dúirt Ó Snodaigh le 7Lá ar TG4 aréir.

Tá líon ard na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ina ábhar gearáin ag grúpaí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Glactar leis go bhfuil daltaí ann a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a bhainfeadh leas as díolúine ón nGaeilge, ach maítear nach mbeadh ach 2-3% de dhaltaí i gceist ansin.

Ceisteofar an tAire chomh maith faoin athbhreithniú a rinneadh ar chóras nua na ndíolúintí agus faoin gcáineadh atá déanta ag grúpaí agus saineolaithe éagsúla ar an athbhreithniú sin.

D’fhéadfadh go gcuirfear brú ar an aire freisin freagra a thabhairt ar an áiteamh nach bhfuil aon bhunús eolaíochta nó teangeolaíochta le córas na díolúine mar atá.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge níos luaithe an mhí seo, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go raibh sé in am ceist a chur faoi bhunús choincheap na díolúine seachas a bheith ag iarraidh córas “lochtach” a dheisiú.

Dúirt an Dr Pádraig Ó Duibhir go raibh an Roinn Oideachais ag plé le díolúine na Gaeilge “mar cheist riaracháin seachas ceist oideachais”.

Faoin gcóras nua, tá cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Deir Ó Duibhir nach bhfuil aon chiall leis an gcur chuige seo ó thaobh an oideachais mar nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sainmhíchumas foghlama teanga.

Fág freagra ar 'An tAire Oideachais le ceistiú faoi fhadhb ‘thromchúiseach’ na ndíolúintí'