Tá ráite ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go ndéanfaidh sí a machnamh faoinar cheart soiléiriú a dhéanamh ar céard atá i gceist le clár teilifíse Gaeilge.
Agus í ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh sí sásta go raibh TG4 ag comhlíonadh a dhualgais maidir le freastal ar phobal na teanga ach go ndéanfadh sí a machnamh faoinar cheart do Choimisiún na Meán a leagan síos cén céatadán ar leith Gaeilge a theastódh le go dtabharfaí clár Gaeilge ar chlár.
Léirigh anailís a rinne Tuairisc gur chláir dhátheangacha a bhí i nach mór leath na gclár do TG4 a fuair maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), mar a thugtaí ar Choimisiún na Meán, le cúig bliana anuas.
Cé go ndeir Coimisiún na Meán go gcaithfidh 30% de chlár a bheith i nGaeilge sula sainítear é mar chlár dátheangach, níl an sainmhíniú ar céard atá i gceist le clár Gaeilge chomh soiléir céanna.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus cultúir Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go gcaithfear an sainmhíniú ar céard is ‘clár Gaeilge’ ann a dhéanamh níos soiléire.
“Tá a fhios againn céard is clár Béarla ann ach, ó thaobh an BAI, níl sé soiléir go díreach cad is clár Gaeilge ann,” a dúirt sé.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin go raibh cuid de na cláir a chraoltar ar TG4 sainithe agus maoinithe ag an BAI mar chláir Ghaeilge ach go bhfuil “an oiread céanna Béarla iontu is atá Gaeilge”.
“Tá gá le sainmhíniú a bheith ann. Cuireann sé as dá lán Gaeilgeoirí a bhíonn ag féachaint ar chlár nuair atá an iomarca Béarla ann agus go bhfuil buntáiste á bhaint acu siúd atá ag déanamh an chláir trí é a bheith ainmnithe mar chlár Gaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.
Dúirt an tAire Catherine Martin go mbreathnódh sí ar an gceist a bhí ag an Ó Snodaigh agus go gcreideann sí “go láidir” gur gá níos mó ábhar Gaeilge a bheith le feiceáil sna meáin trí chéile. Ach dúirt an tAire go raibh sí sásta leis an obair a bhí á déanamh ag TG4.
“Maidir le TG4, admhaím nach bhfuil aon oibleagáidí ar leith orthu líon socraithe [ar leith] de chláir Ghaeilge a chraoladh. Ceanglaítear ar TG4 cláir atá i nGaeilge go príomha a chraoladh agus cláir a chraoladh a fhreastalaíonn orthusan arb í an Ghaeilge is fearr leo a labhairt ach orthusan freisin a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge,” a dúirt an tAire.
“Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh TG4 an chothromaíocht cheart ar fáil agus go bhféachfadh an stáisiún leis an lucht féachana is leithne agus is féidir a mhealladh agus a chinntiú freisin go leanfaidh sé le cláir shuntasacha a chraoladh agus creidim go gcomhlíonann TG4 an ról sin.”
De réir anailís Tuairisc ar an maoiniú a chuir an BAI ar fáil idir mí Aibreáin 2018 agus mí Aibreáin 2023, ‘cláir dhátheangacha’ seachas ‘cláir Ghaeilge’ a bhí i gceist le 46% de na cláir a maoiníodh le craoladh ar TG4.
Cé gur cláir dhátheangacha a bhí i mbeagnach leath den 81 togra a bhí i gceist, ceadaíodh nach mór dhá thrian den mhaoiniú, beagnach €16 milliún a bhí i gceist, do chláir a bhí sainithe mar ‘chláir Ghaeilge’ ag an BAI.
Fág freagra ar 'An tAire Catherine Martin lena machnamh a dhéanamh ar cheist na gclár teilifíse dátheangach'