Cláir ‘dhátheangacha’ nach mór leath de chláir TG4 a fuair maoiniú ón BAI 

De réir an BAI, idir mí Aibreáin 2018 agus mí Aibreáin 2023, cláir dhátheangacha seachas cláir Ghaeilge a bhí i gceist le 46% de na cláir a maoiníodh le craoladh ar TG4

Cláir ‘dhátheangacha’ nach mór leath de chláir TG4 a fuair maoiniú ón BAI 

Cláir dhátheangacha iad nach mór leath de na cláir do TG4 a fuair maoiniú ón BAI le cúig bliana anuas.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar an maoiniú atá curtha ar fáil ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) idir mí Aibreáin 2018 agus mí Aibreáin 2023, ‘cláir dhátheangacha’ seachas ‘cláir Ghaeilge’ a bhí i gceist le 46% de na cláir a maoiníodh le craoladh ar TG4.

Le linn na tréimhse sin, ceadaíodh maoiniú beagnach €16 milliún do 81 togra do TG4 faoin scéim ‘Fís & Fuaim’.

Cé gur cláir dhátheangacha a bhí i mbeagnach leath de na tograí a bhí i gceist, ceadaíodh nach mór dhá thrian den mhaoiniú do chláir a bhí sainithe mar ‘chláir Ghaeilge’ ag an BAI.

Ceadaíodh €10,357,411 – 65% den iomlán – do 44 clár nó sraith Ghaeilge do TG4 idir 2018 agus 2023. Ceadaíodh díreach os cionn €5.5 milliún ar 37 clár/sraith dhátheangach.

De réir an BAI, caithfidh 30% de chlár a bheith i nGaeilge le bheith sainithe mar chlár dátheangach nó ilteangach, ach níl a sainmhíniú ar céard atá i gceist le clár Gaeilge chomh soiléir céanna.

Níl aon sainmhíniú oifigiúil tugtha riamh ag TG4 ar cad is clár Gaeilge ann, nó ar cé mhéad Gaeilge atá riachtanach chun cáiliú mar chlár Gaeilge. Ní dhéanann TG4 cur síos ar aon chlár mar chlár dátheangach. Dealraíonn sé gur ‘clár Béarla’ ag TG4 aon chlár a bhíonn i mBéarla amháin agus gur ‘clár Gaeilge’ aon chlár eile a chraoltar ar an stáisiún nach bhfuil go hiomlán i mBéarla nó teanga eile.

Iarradh ar Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ag cruinniú i dTeach Laighean le déanaí, an raibh aon chéatadán Gaeilge ar leith ag teastáil le go n-áireofaí clár mar chlár Gaeilge. Dúirt sé go mbítear i gcónaí ag iarraidh a chinntiú go mbíonn an chothromaíocht chuí idir an dá theanga ach nach mbíonn an “stopuaireadóir” amuigh ag aon duine le fáil amach cén céatadán Gaeilge nó Béarla a bhíonn i gclár.

Is é an sainmhíniú a thug an BAI do Tuairisc cheana ar céard is clár Gaeilge ann:

Áirítear clár a bheith ina chlár Gaeilge má bhíonn sé go hiomlán i nGaeilge NÓ má léirítear san iarratas go mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an chraolta (is é sin go mbeadh Gaeilge á labhairt ag an láithreoir, go mbeadh Gaeilge ag an reacaire, go mbeadh Gaeilge á labhairt ag formhór na rannpháirtithe/ gcarachtar) agus gur rud fánach agus/nó riachtanach é úsáid an Bhéarla.”

D’fhéadfadh clár a bheith ina chlár Gaeilge ag an BAI fiú má bhíonn ábhar cartlainne i mBéarla nó rannpháirtíocht saineolaithe a labhraíonn trí Bhéarla ann, a deirtear.

Cláir fhaisnéise a bhí i gcuid mhaith de na cláir Ghaeilge do TG4 ar ceadaíodh maoiniú dóibh agus go leor Béarla le cloisteáil i roinnt acu.

Deir an BAI go ndéantar tograí a rangú ina gcláir Ghaeilge nó cláir dhátheangacha ar bhonn “cás ar chás”. Bíonn an cinneadh bunaithe, a dúradh, ar an eolas a thugann na léiritheoirí maidir le cé a bheidh ag caint sa chlár, ar ord reatha an chláir agus ar shampla den script.

D’úsáid an BAI an scannán Arracht mar shampla de thogra a raibh Béarla le cloisteáil ann ach a bhí fós áirithe ina thogra Gaeilge.

“Sampla den úsáid fhánach/riachtanach den Bhéarla i dtogra Gaeilge é an fadscannán Arracht, ina mbíonn na príomhcharachtair agus móramh na mioncharachtar ag labhairt as Gaeilge ach amháin anois is arís nuair a bhíonn siad ag caint as Béarla le carachtair ar cainteoirí Béarla iad, léiriú ar conas mar a bhí sa tréimhse sin sa stair agus san áit atá an scannán lonnaithe.”

Rangaíodh An Cailín Ciúin, scannán eile a fuair maoiniú mar chuid den scéim Cine4, mar thogra dátheangach, léiriú ar a dhoiléire is a bhíonn an sainmhíniú a dhéantar uaireanta ar céard is togra Gaeilge agus togra dátheangach ann.

Thug an BAI le fios go ndéantar athrangú ar chláir Ghaeilge go dtí cláir dhátheangacha nuair is léir nach í an Ghaeilge príomhtheanga an tsaothair a bhfuil maoiniú á lorg dó.

Den €10.4 milliún a ceadaíodh do thograí Gaeilge idir 2018-2023, ceadaíodh €3.7 milliún den mhaoiniú d’ábhar do pháistí, ceadaíodh €2.4 milliún eile do scannáin faoin scéim Cine4 agus €4.2 milliún a ceadaíodh do chláir Ghaeilge eile, cláir faisnéise den chuid is mó.

Cláir nó sraitheanna faisnéise a bhí i gceist le 31 den 37 togra dátheangach ar ceadaíodh maoiniú dóibh. Bhí Fréamhacha, scannán eile de chuid Cine4 atá á léiriú faoi láthair, sainithe mar thogra dátheangach freisin.

Is í an tsraith do dhaoine óga, Saor Sin ó Olc, atá á léiriú ag Meangadh Fíbín an togra a fuair an méad is mó maoiniú le cúig bliana anuas agus €495,000 ceadaithe don tsraith mhistéire.

Fág freagra ar 'Cláir ‘dhátheangacha’ nach mór leath de chláir TG4 a fuair maoiniú ón BAI '

  • Seán ÓM

    Go deimhin – tá sé deacair critéirí soiléire a leagan síos faoi cheist chasta mar seo.

    Ach caithfidh dea-chleachtais agus taithí a bheith ar fáil áit éigean sa saol mór seo.

    Cén sórt rialacha atá acu sa Bhreatain Bheag nó i gQuébec Ceanada mar shampla? Nó i dtír na mBascach nó Catalóin.
    Agus cad é an caidreamh idir na caroltóiri, na húdaráis agus na eagrais maoinithe sna haiteamna sin nuair a thagann sé go dtí maoirseacht agus cúr i bhfeidhm na rialacha sin?

    Ionucadh Tuairisc le bhur dtóil!

  • Seán

    Cothrom na Féinne san áit a bhfuil sin tuillte. Murach Tuairisc ní dócha go dtiocfadh eolas mar seo os comhair an phobail in aon chor.

    Níor cheart gur fágtha i lámha na meán a bheadh sé súil a choineáil ar an gcaoi a gcaitear an ciste sin d’airgead an cháiníocóra a thugann an BAI amach do chláracha teilifíse ‘Gaeilge’. Ba chóir coinníollacha a bheadh soiléir agus daingean faoin ábhar a bheith leagtha amach ag an BAI féin. Bheadh sé suimiúil a fháil amach an ionann an bealach a ndéantar measúnú ar chláracha teilifíse agus ar chláracha raidió

    Ní beag an tsuim an €16 milliún atá faighte ag TG4 faoin scéim ‘Fís & Fuaim’n le linn an ama atá gceist. San Alt Craolacháin 2009 agus tagairt á dhéanamh do chuspóirí TG4 agus don dualgas atá ar an eagraíocht sin, deirtear: “cinnteoidh sí go léireoidh na cláir na hairíonna éagsúla dá bhfuil cultúr phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh cás ar leith aici do na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe do na Gaeltachtaí.”

    Conas a réitíonn sin leis an eolas gur cláir dhátheangacha iad nach mór leath de na cláir do TG4 a fuair maoiniú ón BAI le cúig bliana anuas ? Conas a réitíonn an líne deireanach den alt atá luaite agam le scannáin de chuid Hollywood, The Irish RM, The Golden Girls agus an raidhse seo den Chol Tíre i mBéarla ? Is fada iad siúd chás faoi leith a bheith ag TG4 “do na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe do na Gaeltachtaí.”

    Tá sé thar am breith ar ghreim sriain ar an gcapaillín.

    Feicim go raibh 81 togra i gceist leis an €16 milliún seo. Nach mbeadh sé i bhfad níos gaire do na mianta atá i gceist san Acht Craolachán an méid céanna a chaitheamh ar 30/40 togra a bheadh iomlán i nGaeilge.