Tá an t-iarChoimisinéir Teanga agus fear Gaeltachta Seán Ó Cuirreáin ceaptha ag Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar an gComhairle Stáit.
D’fhógair an tUachtarán inniu go raibh seachtar ceaptha aige de réir Airteagal 31 den Bhunreacht ar an gcomhairle.
Is iad an seisear eile a fuair an gradam seo ná Cara Augustenborg, an t-eolaí timpeallachta; an feachtasóir agus tráchtaire Sinéad Burke, an bhean is cúis le ‘duine beag’ a bheith sa bhfoclóir Gaeilge; Sindy Joyce, an cosantóir cearta daonna agus scoláire; Maurice Malone, Príomhfheidmeannach Chumann Ghaeil Birmingham; an Dr Johnston McMaster, iarléachtóir agus saineolaí sa diagacht agus san eitic; agus Mary Murphy, léachtóir sa pholaitíocht in Ollscoil Mhá Nuad.
Bhí Seán Ó Cuirreáin, arb as Gaeltacht Dhún na nGall ó dhúchas dó ach a bhfuil cónaí air i gCois Fharraige le blianta fada, ina leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a ceapadh mar an chéad Choimisinéir Teanga riamh in Éirinn é in 2004.
D’éirigh an t-iar-iriseoir agus craoltóir as oifig an Choimisinéara in 2014 mar agóid i gcoinne fhaillí an Stáit i leith na Gaeilge.
De réir an Bhunreachta cuireann an Chomhairle Stáit comhairle agus cuidiú ar fáil don Uachtarán nuair a iarrtar a leithéid. Leagtar amach sa Bhunreacht na cúinsí a gcaithfidh an tUachtarán comhairle na Comhairle Stáit a lorg.
SM
*an Dr Sindy Joyce
Áine Nic Niallais
Comhghairdeas ó chroí leat, a Sheáin!
An Teanga Bheo
Maith thú a Sheáin go n eirí leat
Sean O Ciobhain
Dia lest a Sheain!
Sean O Ciobhain