An t-eiteach tugtha ag ceannairí an AE d’éileamh May faoi cheist na teorann

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk gur gheall na ceannairí go ndéanfaí gach iarracht teacht ar shocrú trádála roimh dheireadh 2020 chun nach mbeadh aon ghá leis an gcúlstop, ach níl aon leasú i ndán don mhargadh Breatimeachta

An t-eiteach tugtha ag ceannairí an AE d’éileamh May faoi cheist na teorann

Tá diúltaithe ag ceannairí an Aontais Eorpaigh d’éileamh Phríomh-Aire na Breataine Theresa May go dtabharfaí gealltanais dlí eile mar gheall ar an gcúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Dheimhnigh ceannairí an 27 ballstáit eile nach rachfaí i mbun idirbheartaíochta faoin margadh Breatimeachta agus sheas siad leis an méid a aontaíodh ar an 25 Samhain nuair a thug siad a mbeannacht don mhargadh agus don dearbhú polaitíochta a bhaineann leis.

“Seasann an tAontas leis an aontú seo agus tá fúinn leanúint ar aghaidh lena dhaingniú. Ní dhéanfar aon ath-idirbheartaíocht ina thaobh,” a dúradh i ráiteas na gceannairí. 

Chuir an Chomhairle Eorpach an-bhéim air gur “polasaí árachais” atá sa chúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus chun sláine an mhargaidh aonair a chosaint. “Bíodh sin mar atá, dá gcuirfí an cúlstop i bhfeidhm is ar bhonn sealadach a chuirfí i bhfeidhm é go dtí go dtiocfaí ar réiteach eile a sheachnódh teorainn chrua” a dúradh. 

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk gur gheall na ceannairí go ndéanfaí gach iarracht teacht ar shocrú trádála roimh dheireadh 2020 chun nach mbeadh aon ghá leis an gcúlstop. 

Buille mór do Theresa May is ea diúltú an Aontais Eorpaigh dá hiarratas go dtabharfaí gealltanas dlí go rachadh an cúlstop in éag tar éis bliana.

Tuairiscítear gur thacaigh ceannaire na Gearmáine Angela Merkel agus ceannaire na hOstaire Sebastian Kurz le hiarratas May.

Tá ceist theorainn na Breataine in Éirinn ar an dris chosáin is mó in Westminster roimh an margadh Breatimeachta agus amhras mór ann go mbeidh dóthain tacaíochta aige i measc na bhfeisirí parlaiminte chun go nglacfaí leis. 

Cháin Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean Claude Juncker Rialtas na Breataine as an easpa soiléire, dar leis, a bhaineann lena mianta i dtaobh an Bhreatimeachta agus a gcaidrimh leis an Aontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta. 

“Ní foláir dár gcairde sa Ríocht Aontaithe a rá linn céard atá uathu seachas a bheith ag fiafraí dúinne céard atá uainne,” arsa Juncker.

Dúirt Juncker gur ar éigean a rachadh margadh ar bith tríd Westminster faoi láthair agus nárbh é cúram an Aontais é mianta fheisirí ceannairceacha i Sasana a shásamh.

Beidh an vóta cinniúnach faoin margadh Breatimeachta ar siúl in Westminster “a luaithe agus is féidir” i mí Eanáir. 

Cuireadh siar an vóta an tseachtain seo, nuair a d’admhaigh May nach raibh dóthain tacaíochta aici.

Agus an chosúlacht ar an scéal go ndiúltófar don mhargadh sa bhliain nua, tá baol mór ann i gcónaí go bhféadfadh an Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpaigh gan aon mhargadh.

Sa chás sin, is i dtreise a rachadh an chaint faoin dara reifreann a reáchtáil faoin mBreatimeacht.

Fág freagra ar 'An t-eiteach tugtha ag ceannairí an AE d’éileamh May faoi cheist na teorann'