An stair agus an náire síos trí na blianta

Chuaigh scéal Sasanach mná ar phríosúnach cogaidh ón nGearmáin a hathair i bhfeidhm ar ár gcolúnaí le gairid

An stair agus an náire síos trí na blianta

Tá seanchleachtadh againn sa tír seo ar scéalta faoi pháistí a rugadh taobh amuigh den phósadh agus an náire a bhain leis na scéalta sin san am a caitheadh. Ní dhéanaimid aon iontas níos mó den stair a bhain leis na Tithe Magdailéineacha agus an chruálacht a bhí fite fuaite tríd an scéal ar fad.

Bhí an oiread sin drochscéalta againn féin nár smaoinigh mé ariamh ar an stair a bhain le heachtraí áirithe sa tír is gaire dúinn – agus go mb’fhéidir go mbeadh náire agus rúndacht i gceist ansin freisin.

Ní hí an Eaglais Chaitliceach bun agus barr gach drochscéal faoi pháistí a rugadh taobh amuigh den phósadh, is cosúil.

Nuair a bhí Stella Collis ina cailín óg i Londain, aon uair a mbíodh sí dána, deirtí léi go gcuirfí ‘ar ais go dtí an Ghearmáin í’. An Ghearmáin? Ní raibh aon eolas aici, ná níor leag sí cos ariamh sa nGearmáin. ‘That’s the Gerry in you,’ rud eile a deiridís léi, le drochmheas.

Cé nár labhair a máthair ariamh faoina hathair, fuair sí amach gur príosúnach cogaidh as an nGearmáin a bhí ann agus bhí sé mór lena máthair fhad is a bhí sé á choinneáil i bpríosún Wormwood Scrubs i 1946.

Tá Stella básaithe anois ach thosaigh sí ag déanamh taighde faoina hathair Gottfried, 12 bliain tar éis bhás a máthar féin. Bhí mé ag éisteacht leis an tsraith raidió Legacy of War ar BBC Radio 4, á chur i láthair ag an aisteoir cáiliúil Sean Bean – an fear céanna a bhí ina réalt mhór sa scannán The Field agus mórán eile.

Faoi thus na 2000idí, thuig Stella nárbh aon ábhar ‘náire’ an caidreamh a bhí idir a hathair agus a máthair. Thuig sí freisin go raibh gach súil ag a máthair go bhfillfeadh Gottfried ar Shasana, tar éis dó dul go dtí an Ghearmáin agus a chuid páipéar agus dintiúirí a fháil. Bhí an cogadh thart ar feadh cúpla bliain nuair a cuireadh ar ais chuig an nGearmáin é.

Fuair Stella amach go raibh saol lán le heachtraíocht agus taisteal thar lear aige roimhe sin – agus é ina shaighdiúir agus ina phríosúnach cogaidh. Throid sé i gceann de na cathanna ab fhíochmhaire a bhí ann le linn an Dara Cogadh Domhanda – Léigear Stalingrad. Bhásaigh thart ar 1.2 milliún duine sa gcogaíocht ansin – an cath ab fhuiltí ar fad le linn an chogaidh.

Trí mhíorúilt éigin, cé go raibh sé gortaithe go dona tháinig Gottfried slán as cé gur chaith sé tréimhse in ospidéal. Aistríodh go deisceart na Fraince é áit ar throid sé arís in aghaidh fhórsaí ní ba láidre – na Meiriceánaigh a rinne ionradh ón Meánmhuir ar dheisceart na Fraince.

Gabhadh é agus tugadh go Meiriceá é, áit ar chaith sé tréimhse i ngéibheann in Austin Texas, agus é ag obair ar na feirmeacha cadáis, in éineacht le daoine bochta ón gcine dhubh ansin. Bhí sé le rá aige ina dhiaidh sin gurbh in ceann de na tréimhsí ab fhearr ina shaol.

Agus é fós ina phríosúnach ag na Comhghuaillithe bliain ina dhiaidh sin, aistríodh go Sasana é agus b’in an uair a cuireadh i bpríosún Wormwood Scrubs é agus casadh máthair Stella air. Bhí an bheirt acu ag obair i monarcha armlóin. Nuair a aistríodh Gottfried go dtí an Ghearmáin, bhí súil aige filleadh ar Shasana agus ar an mbean óg a bhí ag súil lena leanbh.

Thóg sé trí bliana sular tháinig a chuid páipéar curtha tríd an gcóras – chaithidís a dhéanamh cinnte nach raibh saighdiúir ar bith san ‘SS’ sula ligfí saor iad. Ach faoin am sin, bhí an Ghearmáin roinnte ina dhá leath agus bhí riar mór di sa nGearmáin Thoir faoi cheannas an Aontais Shóivéadaigh – an Rúis sa lá inniu. Ba chosúil go raibh deacrachtaí taistil ag Gottfried.

Chuaigh a máthair ‘isteach inti féin’ mar a dúirt Stella. Ní labhródh sí faoi ná ní cheadódh sí d’éinne an scéal a insint dá hiníon óg. Dhá bhliain déag tar éis bhás a máthar a thosaigh Stella ag cuardach eolais faoina hathair.

Thug an ‘cosán páipéir’ chomh fada le Beirlín na Gearmáine í. Lá amháin in 2009, tháinig litir chuici as Beirlín. Bhí doiciméid istigh leis an litir.

‘Bhí leath de m’oidhreacht istigh sa litir sin’ a dúirt Stella ag an am. ‘Bhí 62 bliain de cheisteanna agam,’ dúirt sí.

Ach bhí freagraí aici ar chuid díobh anois – an rud ba thábhachtaí a fuair sí amach ná go raibh deirfiúracha aici sa nGearmáin agus go bhfáilteoidís roimpi dá mba mhaith léi cuairt a thabhairt orthu.

Rud a rinne sí, in éineacht lena hiníon féin, Juliet. Cheap sí ó bhí sí ina páiste beag gur páiste ‘aonair’ a bhí inti féin. Ansin fuair sí amach go raibh triúr deirféar aici. Agus i gcaitheamh a saoil siúd, bhí a fhios acu sin go raibh deirfiúr acu i Sasana ach níorbh fhéidir leo aon teagmháil a dhéanamh léi. Is dócha nárbh aon chabhair dóibh gur athraigh Stella a hainm ar phósadh di.

Agus d’inis siad di go raibh suim i gcónaí ag Gottfried inti agus go raibh grianghraf di á iompar i gcónaí aige. Bhásaigh seisean i 1987.

‘Bhí náire agus uaigneas ag baint le mo scéal,’ a dúirt Stella. ‘Agus ansin chuaigh mé go dtí an Ghearmáin agus chas mé le Ursula, le Birgit agus le Barbara.’

Thug sí cuairt ar an reilig sa nGearmáin, áit a raibh Gottfried curtha.

‘Tá gach rud ceart go leor anois,’ a dúirt sí leis. ‘Tá do chuid iníonacha ar fad tagtha le chéile ar deireadh. Rinne tú do dhícheall.’

Bhí ceathrar deirféar ann anois, ach dar lena hiníon Juliet ‘bhí oidhreacht dhorcha crochta os cionn a máthar, Stella, ó aimsir an chogaidh anall,’ agus bhí deireadh leis anois.

Shíl Stella ar feadh i bhfad nach raibh ach í féin sa gcruachás seo agus níl a fhios ar tháinig mórán eile amach as an gclapsholas ó shin chun a scéal féin a insint. Cosúil leis an méid a tharla sa tír seo, tá mé ag ceapadh gur de réir a chéile a thosós daoine ag insint a gcuid scéalta agus go ndéanfar dearmad ansin ar an ‘náire’ nach raibh tuillte acu riamh.

Fág freagra ar 'An stair agus an náire síos trí na blianta'