An Scannán Gaeilge mór le rá ‘Kneecap’ roghnaithe ar an ngearrliosta do dhá ainmniúchán Oscar

Tá 'Kneecap 'roghnaithe ar dhá ghearrliosta d’ainmniúcháin Oscar, an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus an gearrliosta don Amhrán Nua is Fearr

An Scannán Gaeilge mór le rá ‘Kneecap’ roghnaithe ar an ngearrliosta do dhá ainmniúchán Oscar

Tá an scannán Gaeilge mór le rá Kneecap roghnaithe ar dhá ghearrliosta d’ainmniúcháin Oscar, an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus an gearrliosta don amhrán nua is fearr.

Fógraíodh anocht go mbeadh Kneecap ar cheann den 15 scannán a bheidh san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar do dhuais an fhadscannáin idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, beidh an t-amhrán ‘Sick in the Head’ ón scannán san iomaíocht le 14 amhrán eile d’ainmniúchán don Amhrán Nua is Fearr.

Kneecap, scannán Rich Peppiatt faoi theacht in inmhe Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, an triúr cainteoirí Gaeilge ón dTuaisceart a bhfuil dul chun cinn éachtach déanta ag a mbuíon rap, ar an dara scannán Gaeilge ar éirigh leis dul chomh fada seo sa phróiseas roghnúcháin don ghradam don Oscar don scannán idirnáisiúnta is fearr.

Beidh deis anois ag an scannán an gaisce céanna a rinne an An Cailín Ciúin in 2023 a dhéanamh agus áit a bhaint amach ar liosta na gcúig ainmniúchán don Oscar sin, nó an gaisce sin a shárú agus dhá ainmniúchán a fháil.

D’fhógair an Academy an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr anocht agus beidh cúig scannán as an 15 scannán le roghnú ag baill an Academy idir seo agus mí Eanáir.

Bhí scannán as 85 tír ar fad san iomaíocht d’áit ar an ngearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Cuirfear Kneecap agus an 14 scannán eile a bhain áit amach ar an ngearrliosta faoi bhráid na mball go léir ar an Academy – thart ar 9,000 duine – agus tá cead ag aon duine acu vótáil do na cúig ainmniúchán dheireanacha, fad is go bhféachann siad ar na scannáin go léir ar an ngearrliosta.

Fógrófar na cúig ainmniúchán don Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus na cúig ainmniúchán don Amhrán Nua is Fearr sna catagóirí eile ar an 17 Eanáir. Ar an Domhnach an 3 Márta a bhronnfar na gradaim Oscar don 97ú huair.

Seo an seachtú huair ar cuireadh scannán Gaeilge chun cinn do na gradaim Oscar.

Tá ardmholadh faighte ag Kneecap ó léirmheastóirí ó tháinig sé amach níos luaithe i mbliana agus gradaim go leor buaite aige ar fud an domhain.

Scannán dúghrinn gáirsiúil fiáin fíorghreannmhar a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Os cionn €4.3 milliún a ghnóthaigh an scannán ag Oifig na dTicéad.

Fág freagra ar 'An Scannán Gaeilge mór le rá ‘Kneecap’ roghnaithe ar an ngearrliosta do dhá ainmniúchán Oscar'