Liadh Ní Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge chun seasamh don Seanad

Bhí Liadh Ní Riada, arb as Gaeltacht Mhúscraí di, ina Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin idir 2014 agus 2019 ach mar iarrthóir neamhspleách a bheidh sí ag seasamh don Seanad

Liadh Ní Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge chun seasamh don Seanad

Tá Liadh Ní Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge chun seasamh i dtoghchán Sheanad Éireann.

Bhí Ní Riada, arb as Gaeltacht Mhúscraí di, ina Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin idir 2014 agus 2019. Sheas sí sa toghchán d’Uachtarán na hÉireann in 2018. D’fhógair sí in 2023 go raibh sí ag seasamh siar ón bpolaitíocht. Mar iarrthóir neamhspleách a sheasfaidh sí don Seanad.

D’fhógair Foras na Gaeilge an mhí seo caite go raibh siad ag lorg duine chun seasamh do thoghchán Sheanad Éireann agus cás na Gaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean.

Dúradh tráthnóna go raibh Ní Riada, atá ina ball de bhord Fhoras na Gaeilge, ainmnithe ag an eagraíocht mar thoradh ar phróiseas léirithe spéise agus roghnaithe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go rabhthas muiníneach go n-éireodh le Ní Riada suíochán a bhaint sa toghchán agus gur fhág a tiomantas, a saineolas agus taithí go raibh “deis iontach” ann cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.

“Ba mhaith le Foras na Gaeilge go mbeadh próifíl níos airde ag an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais, go mbeadh sí le cluinstin, agus go mbeadh duine i dTithe an Oireachtais ag a mbeadh cur chun cinn na Gaeilge ina thosaíocht, agus a bheadh ábalta labhairt agus gníomhú air sin gan srianta ná teorainn ó cheisteanna na polaitíochta páirtí,” a dúirt Ó Coinn.

“Anois agus iarrthóir ainmnithe, beidh Liadh ag feidhmiú go neamhspleách ar Fhoras na Gaeilge, agus ag gníomhú de réir a comhairle féin. Má éiríonn léi sa toghchán, tá Foras na Gaeilge dóchasach go dtapóidh sí gach deis cur go láidir ar son na Gaeilge.”

Dúirt Foras na Gaeilge nach rabhthas ag éileamh nach labhródh an t-iarrthóir ach Gaeilge amháin sa Seanad dá dtoghfaí é nó í. Chuaigh Ní Riada ar ‘stailc teanga’ agus í ina Feisire Eorpach in 2015 agus níor labhair sí ach Gaeilge amháin le haird a tharraingt ar an easpa seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin don Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Tá Ní Riada ag obair mar bhainisteoir ar Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne agus d’oibrigh sí roimhe sin mar Oifigeach Pleanála Teanga sa gceantar.

D’éirigh le Foras na Gaeilge i mbliana clárú ar Rolla-Chomhlachtaí Sheanad Éireann agus tá deis acu anois iarrthóir a ainmniú don toghchán. Is mar iarrthóir ar an Phainéal Saíochta agus Oideachais a bheidh Ní Riada ag seasamh.

Faoin reachtaíocht, caithfear toghchán an tSeanaid a reáchtáil laistigh de 90 lá den Dáil a bheith curtha ar lánscor, rud a fhágann go mbeidh toghchán an chéad Seanaid eile ann ar an 6 Feabhra, 2025 ar a dheireanaí.

Ar an 8 Eanáir, cuirfidh Ceann Comhairimh an tSeanaid bailchríoch ar phainéil na n-iarrthóirí, seolfar na páipéir bhallóide amach ar an 15 Eanáir, agus dúnfar an bhallóid ar an 30 Eanáir.

Fág freagra ar 'Liadh Ní Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge chun seasamh don Seanad'