AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! ar ais

Tá an Saighdiúir chun filleadh ar Shliabh Mis lena mhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí NFL . B’fhéidir go mbeadh an cluiche sin thart faoin am a go bhfillfidh sé

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! ar ais

An NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! ar ais arís ar an teilifís. De thaisme a chonaic an Saighdiúir é agus ba cheart dom é a mhúchadh ach ní raibh neart agam air. Madadh! Liathróid! Teilifís! Rith, a Rud Rua, rith!

Ní fada gur tháinig mearbhall orm. Tá an oiread sin mata i gceist le peil Phoncánach. Rith an fear seo an oiread seo coiscéimeanna agus chaith an fear úd an liathróid an oiread sin uaireanta agus stop an fear eile an fear eile eile as rith an oiread sin agus….

Is de lucht an CLG mé. Bíonn go leor deacrachtaí agam le cúil – cúl agus cúl, sin sé chúilín. Cúilín agus cúilín, sin dhá chúilín. Cúl agus cúilín, sin ceithre chúilín. Tá x chun tosaigh ar y, tá x oiread ama imeartha agus x oiread ama fágtha – ach amháin go bhfuil uaireadóir dá chuid féin ag an réiteoir agus thiocfadh dó go mbeadh ní ba mhó ama nó ní ba lú ama ann ná mar a shamhlaigh muid.

Ach tiocfaidh an cluiche chun críche agus beidh cluiche eile ann.

Ní hamhlaidh an scéal leis an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! Maireann an cluiche uair an chloig. Go teoiriciúil. Ghluais siad agus stop siad agus ghluais siad agus stop siad agus ghluais siad agus stop siad agus rinne siad damhsa agus rinne siad caoineadh agus ar aghaidh agus tháinig tuilleadh staitisticí agus d’imigh staitisticí agus ghluais siad agus stop siad…

Mearbhall a chuir sé orm. Nach mbeidh críoch leis? Cad is am ann? a d’fhiafraigh mé díom féin. Bhí an t-am ann ceist a chur faoi am. Chruinnigh mé a raibh agam de leabhair mhóra throma fhealsúnachta faoi chúrsaí ama agus d’imigh mé liom go barr Shliabh Mis. Léigh mé agus léigh mé agus chaith mé na blianta ar mhullach an tsléibhe sin agus tháinig mé ar ais arís agus mé ar tí freagra a thabhairt ar an cheist cad is am ann – ach bhí an chluiche sin ar siúl go fóill.

Bhí staitisticí ann agus fir ag rith agus liathróid san aer agus liathróid ar an talamh agus ghluais siad agus stad siad agus ghluais siad agus stad siad agus ghluais siad ach iomrá ar chríoch ní raibh ann.

Mearbhall a tháinig orm arís. Ní hea ach fís. Ní cluiche a bhí ann a thuilleadh ach radharc as an tSean-Tiomna. Bhí an Tírghráthóir ag seilg an Tíogair a bhí ag teitheadh ón Leon a bhí ag troid leis an Phantar a bhí ag coraíocht leis an Deilf a bhí ag snámh leis an Muirsheabhac a bhí ag ionsaí an Reithe.

Níl a fhios agam cad é is ciall leis. Tá agam le pilleadh ar Shliabh Mis le mo mhachnamh a dhéanamh air seo go ceann tamaill. B’fhéidir go mbeadh an cluiche sin thart faoin am a bpillfinn.

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! ar ais'